‘Mo leithscéal a cheartaitheoir profaí, ní dhéanfaidh mé arís é!’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: dlúthchuid den scríbhneoireacht í an intleacht shaorga inniu. Na teorainneacha a aithint, sin é an buachaill

‘Mo leithscéal a cheartaitheoir profaí, ní dhéanfaidh mé arís é!’

‘Go raibh maith agat, a mhéit. Bhí an ceart agat, d’fhág ChatGPT rian an-láidir ar an gceann sin. Ní dhéanfaidh mé arís é. Níor rith sé liom go dtí go bhfaca mé an leagan a bhí ceartaithe agat go raibh sleachta sa bhunleagan nach raibh léite agam féin ar chor ar bith. Mo leithscéal faoi sin!’ 

Teachtaireacht ríomhphoist ó chara a gceartaím colún dó gach seachtain. 

Níor rith sé liom go dtí go bhfaca mé an leagan a bhí ceartaithe agat go raibh sleachta sa bhunleagan nach raibh léite agam féin ar chor ar bith. 

I bhfocail eile: d’iarr mo chara ar ChatGPT cabhair a thabhairt dó colún a scríobh, níor bhac sé leis an toradh a sheiceáil, agus ansin chuir sé ar aghaidh chugam é ag súil go nglanfainnse suas é.  

Rud a raibh géarghá leis. Bhí an bunleagan lán ráiteas nach raibh ciall leo, lán clichéanna, agus lán aistriúcháinise (in Ísiltíris a bhíonn mo chara ag scríobh agus i mBéarla, gan dabht, a fheidhmíonn croíchóras ChatGPT.)  

Lena chois sin, bhí an neodracht neamhphearsanta úd a shamhlaítear le ChatGPT agus gléasanna mar é le brath go mór ar an bpíosa; sofhriotal seachantach agus béarlagair bog a bhaineann gach pléisiúr as an léitheoireacht agus a fhágann an chuma leamh chéanna ar mhórchuid scríbhneoireachta sa lá atá inniu ann, amhail is go mbeadh péint bhán á ithe agat seachas babhla blasta bracháin. 

Ní eisceacht é mo chara ná baol air. Lá nó dhó i ndiaidh dó an teachtaireacht leithscéalach sin a chur chugam, tháinig mé ar an tseoid seo ag bun colúin ar shuíomh nuachta san Ísiltír: 

‘Ar mhaith leat go n-athscríobhfainn an t-alt seo agus blas níos láidre tuairimíochta air (le samplaí ón Eoraip / ón Ísiltír), nó ar chóir go gcloífinn leis an anailís nuachta neodrach?’ 

Úps! Botún beag ‘cóipeáil agus greamaigh’ déanta ag an ‘iriseoir’ a scríobh an ‘colún’ sin! Agus nach gcuirfeadh an tuin chainte ‘taitneamhach’ sin ag ChatGPT múisc ort? 

Tá úsáid á baint go rábach ag iriseoirí agus ag scríbhneoirí ar fud na cruinne as an intleacht shaorga, agus is baolach nach bhfuil éalú uaidh. Go deimhin tá an chuma ar an scéal go bhfuil cur amach ar an AI riachtanach anois le go bhfaighfeá jab san earnáil. An lá cheana, le teann fiosrachta, chliceáil mé ar fhógra do phost eagarthóra a bhí fógartha ar shuíomh nuachta arís eile san Ísiltír, agus tharla mé ar an méid seo sa chur síos ar na riachtanais don phost: 

‘Aithníonn tú agus glacann tú chugat féin féidearthachtaí na hintleachta saorga sna próisis eagarthóireachta, ach tuigeann tú freisin go bhfuil teorainneacha léi.’ 

Dlúthchuid den scríbhneoireacht í an intleacht shaorga inniu, taitníodh sé linn nó ná taitníodh. Na teorainneacha a aithint, sin é an buachaill. 

Fág freagra ar '‘Mo leithscéal a cheartaitheoir profaí, ní dhéanfaidh mé arís é!’'