Bhí scaoth agus fearg i measc liobrálaigh measúla nuair a chuaigh an fear a mhaítear gur drongadóir é, Gerry Hutch, san iomaíocht do Dháil Éireann in 2024. Ba mheasa an scéal mar go raibh sé ar tí suíochán a bhaint amach nó gur tháinig Marie Sherlock ó Pháirtí an Lucht Oibre slán roimhe ar an gcomhaireamh deireanach.
Chuir an fothoghchán le déanaí i mBaile Átha Cliath Láir le déine na feirge sin, nuair a bhailigh Hutch agus an t-iarrthóir den eite dheis i bhfad amach, Malachy Steenson, a ndóthain vótaí eatarthu lena chinntiú go mbainfidh duine acu – Hutch is dóichí – suíochán amach sa gcéad olltoghchán seo chugainn.
Cén chaoi a bhféadfadh sé seo tarlú? Cén chaoi ar féidir leis an méid sin vótóirí duine a roghnú a luadh i gcás cúirte mar cheannaire ar bhuíon choiriúlachta? Cén sórt daoine iad muintir na hardchathrach thuaidh? Is féidir leat an bhiogóideacht in aghaidh na haicme oibre a mhothú.
D’fhéadfadh sé go gciúnaíonn sé an scothaicme liobrálach má dhamnaítear na daoine seo mar dhaoine náireacha, na deplorables siúd a bhí ag Hillary Clinton – ach ní thugann an dearcadh sin aon tuiscint dúinn faoin bhfáth go bhfuair Hutch an oiread sin vótaí ná go bhfuil sé anois ar tí dul isteach sa Dáil.
De réir fhigiúirí an fhothoghcháin seo, ní bhfaigheadh páirtithe an Rialtais aon suíochán i mBaile Átha Cliath Láir in olltoghchán. Bhainfeadh an eite chlé trí cinn as ceithre cinn, ach rachadh an suíochán deireanach chuig an eite dheis phobalach (mar a thugtar air), is dócha chuig Gerry Hutch.
Cé go mbíodh Hutch agus Malachy Steenson, iarbhall de Pháirtí na nOibrithe, go háirithe ag cluasaíocht go hoscailte le caint frith-inimirceacha, bheadh sé mícheart – agus róshimplí – glacadh leis gurbh é an ciníochas an phríomhchúis gur thug daoine vóta do Hutch.
A mhalairt ar fad, nochtann na vótaí seo fearg na ndaoine sin i bpobal atá faoi léigear agus scartha amach cuid mhaith ón tsochaí mheasúil. Sé an freagra a thugann siad don diúltú a fhaigheann siad ón mbunaíocht ná diúltú ar ais don bhunaíocht – agus cé acu ab fhearr a dhéanfadh an mhéar a thaispeáint don stát ná coirpeach áitiúil.
Cuimhnigh freisin nár luadh Hutch féin riamh le mangaireacht drugaí. Líomhnaítear gur ghoid sé ó dhaoine is ó institiúidí saibhre, agus bhí cáil air go háitiúil, fiú murarbh aon Robin Hood a bhí ann, gur chabhraigh sé go fial le fiontair shóisialta a dhein leas don phobal.
Agus dóibh siúd a mhaíonn go léiríonn an vóta seo go bhfuil rud éigin gránna ag baint le muintir na háite, is iad muintir thuaisceart na lárchathrach a thug a vótaí do Hutch agus do Steenson, an dream céanna a thogh Tony Gregory.
Ach má ta roinnt mhaith den phobal sin ag tabhairt an mhéar don bhunaíocht, is léir nach gceapann cuid mhaith díobh go bhfuil an freasúra, ná príomhpháirtí an fhreasúra, ag seasamh lena leas ach an oiread.
Tá ceacht le foghlaim ag Sinn Féin faoi cén fáth nár éirigh leo an pobal seo a thabhairt leo.
An é go gceapann daoine nach bhfuil sé i gceist acu a thuilleadh an stát a bhriseadh ach go bhfuil sé ar intinn acu anois an stát a athchóiriú?
Mar sin féin, nuair a cuireadh Hutch amach, chuaigh formhór na vótaí aistrithe go Sinn Féin seachas chuig an páirtí measúil clé, na Daonlathaithe Sóisialta.
Nílim ag rá ar ndóigh go raibh an ceart ag an bpobal vóta a thabhairt do Hutch. A mhalairt, mar ní fheicim go bhfuil aon chlár oibre aige a threoródh an pobal i dtreo réiteach a aimsiú ar a gcuid deacrachtaí.
Agus ceapaim go bhfuil Steenson ag iarraidh iad a threorú ar an mbóthar mícheart. Ní freagra ar dheacracht ar bith é an bhéim sin ar inimircigh agus an bhéim ar dheighilt chiníoch a eascraíonn as. Freagra atá ann a thugann maithiúnas do na fórsaí a chruthaíonn na deacrachtaí mar díríonn sé fearg an phobail ar íospartaigh eile in ionad ar na daoine is cúis leis.
Ach sin é an dúshlán atá roimh an eite chlé – leas a bhaint as míshástacht an phobail leis an scéal mar atá ar mhaithe le fís nua don tsochaí seo a mhíniú is a bhaint amach.
Ní fiú útamáil ar imeall na faidhbe. Má tá athrú le cur i bhfeidhm – agus sin é focal reatha na linne seo – ní foláir é a bheith ina fhíor-athrú.
Murar féidir saol difriúil ar fad a thairiscint don phobal sin, ní nach ionadh go dtapóidh siad an deis an mhéar a thabhairt don stát.
Fág freagra ar 'Ná bíodh iontas orainn nuair a thapaíonn vótóirí an deis an mhéar a thabhairt don stát'