Tá coiste á bhunú ag ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta i gcomhar le hionadaithe ón Aontas Eorpach le réiteach a fháil ar na deacrachtaí atá ag Parlaimint na hEorpa ateangairí agus aistritheoirí Gaeilge a earcú.
Vótáil Parlaimint na hEorpa mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.
Cinneadh síneadh a chur leis an maolú go dtí deireadh théarma seo na Parlaiminte in 2029 ach déantar athbhreithniú ar an gcinneadh sin gach sé mhí.
Tá oifigigh de chuid na Roinne ag casadh le hoifigigh de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha (DG-LINC) i bParlaimint na hEorpa leis an gceist a phlé agus tuigtear do Tuairisc go mbeidh “cúpla post” le cruthú d’ateangairí agus d’aistritheoirí.
Tá dúshláin ar leith roimh an bParlaimint ateangairí agus aistritheoirí Gaeilge a earcú le hais institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh mar gheall gur sa Bhruiséil ata oifigí na Parlaiminte lonnaithe den chuid is mó.
Is mó an tóir atá ag ateangairí agus aistritheoirí na hÉireann ar phoist leis an Aontas Eorpach i Lucsembourg, mar a bhfuil oifigí de chuid Choimisiún na hEorpa agus Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa lonnaithe.
Tá an costas maireachtála i Lucsamburg níos ísle ná mar atá sé sa Bhruiséil, agus fágann na socruithe cánach sa tír sin go dtugann an t-ateangaire nó an t-aistritheoir níos mó airgid abhaile ina phóca féin.
Beidh Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa ag Éirinn ar feadh sé mhí i mbliana – ó mhí Iúil go dtí mí na Nollag. Seo an t-ochtú huair a bheidh an uachtaránacht ag an tír seo agus an chéad uair ó bhí 2013 ann. Roimhe sin, bhí an uachtaránacht ag Éirinn i 1975, 1979, 1984, 1990, 1996, agus in 2004.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, an Roinn atá freagrach as eagrú na huachtaránachta in Éirinn, gur “cloch mhíle” a bheidh san uachtaránacht i “rannpháirtíocht theangeolaíoch agus chultúir na hÉireann leis an Aontas”.
“Beidh an Ghaeilge le sonrú ar fud chlár Uachtaránacht Éireannach an AE, agus imeachtaí á n-óstáil i nGaeilge. Déanfar ionadaíocht ar na dána, an litríocht, agus an ceol Gaeilge sa Chlár Cultúrtha. Beidh an Ghaeilge á labhairt ag cruinnithe agus sa chomhfhreagras ó thús deireadh ár nUachtaránacht AE,” a dúirt an t-urlabhraí.
Níos túisce i mbliana, scríobh an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, Cynthia Ní Mhurchú chuig an Aire Gaeltachta Dara Calleary agus chuig an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne, faoi cheist na n-ateangairí i bParlaimint na hEorpa i gcomhthéacs Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa.
Mhol Ní Mhurchú go ndéanfaí “earcaíocht go sealadach” ar “aon duine atá oilte” in earnáil na hateangaireachta nó an aistriúcháin agus iad a thabhairt chun na hEorpa don uachtaránacht.
Dúirt sí nach dteastódh “céad ateangaire” leis an tseirbhís atá sí a mholadh a chur ar fáil sa Pharlaimint ach go mbeadh “grúpa” ateangairí ann don tréimhse sé mhí a “rachadh i bhfeidhm sa Pharlaimint” agus a thabharfadh “seirbhís do na feisirí atá sásta beagáinín Gaeilge a úsáid” ann.
Fág freagra ar 'Coiste á bhunú ag Roinn na Gaeltachta agus an tAE le ceist na Gaeilge san Eoraip a réiteach'