Seachnaíonn polaiteoirí caint rólom ar an bhfírinne ar chúis shimplí amháin. Ní thuilleann ró-ionracas meas an phobail. Ná moladh ná mórán vótaí ach oiread.
Is fiú cuimhneamh mar sin féin ar thuiscint an ghnáthpholaiteora ar ábhair achrannacha nach smaoiníonn ár bhformhór orthu ach ó am go chéile. Bíonn cuid acu – go háirithe agus iad i mbun rialtais – ag machnamh freisin ar dhúshláin éigeandála agus ar riachtanais nach féidir aghaidh a thabhairt gan stró orthu.
“Tá a fhios againn go léir cad ba chóir a dhéanamh ach níl a fhios againn conas a atoghfar muid tar éis a dhéanta,” a dúirt Príomh-Aire Lucsamburg, Jean-Claude Juncker tar éis do cheannairí an AE géarchéim an euro a phlé in 2010.
Níor dúradh mórán nach raibh raibh ráite roimh ré le linn díospóireacht na Dála Dé Máirt ar rún muiníne an rialtais. Is é sin má fhágtar as an áireamh an óráid ghairid inar fhógair Michael Healy-Rae go raibh sé ag éirí as a phost mar aire stáit. Gan míniú inchreidte a thabhairt faoin athrú intinne a thug air beartais ola an rialtais, a mhol sé i bhfíseán pearsanta Dé Luain, a cháineadh an lá dár gcionn.
Ba threise agus ba thábhachtaí a ndúirt Dara Calleary sa Dáil le linn na díospóireachta céanna. Go deimhin, ní dhearna Teachta Dála eile cur síos chomh hoscailte agus a rinne an tAire Coimirce Sóisialaí agus Gaeltachta ar na deacrachtaí atá ag bagairt ar an tír fiú má osclaítear Caolas Hormuz go luath.
Ní foláir a bheith macánta, a dúirt Dara Calleary. Tá dualgas ar an rialtas a rá le feirmeoirí, le conraitheoirí talmhaíochta agus le comhlachtaí iompair nach féidir tacú leo in aghaidh gach dúshlán.
Níor baineadh croitheadh chomh mór as costais agus soláthar fuinnimh le caoga bliain, a dúirt Dara Calleary, agus caithfear na dúshláin a bhaineann leis a phlé go hionraic.
Rud amháin é ar ndóigh ionracas agus caint dhíreach a mholadh. Rud eile ar fad é labhairt go hionraic leis an bpobal agus a rá nach féidir leis an rialtas cabhrú go hiomlán leo. Go háirithe agus an brú ar an státchiste ag dul i dtreise i gcomhréir leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh atá á thuar ag saineolaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus go leor saineolaithe eile.
Buille faoi thuairim: ní raibh focal in admháil Dara Calleary nach n-aontódh formhór na dTeachtaí Dála ar thaobh an rialtais agus fiú ar thaobh an fhreasúra leis. Ní oireann sé dóibh áfach labhairt go hoscailte ar an teorannú dosheachanta a chuirfear ar acmhainní an rialtais má théann cúrsaí in olcas.
Ní ar insint na lomfhírinne atá Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag smaoineamh ar ndóigh ach ar an am is fearr chun comharba ar Mhicheál Martin a thoghadh mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar an bpáirtí.
Níl a pháirtí ná na hairí a mbreathnaítear orthu faoi láthair mar iarrthóirí a bheidh ag iarraidh dul i gcomharbacht ar an Taoiseach (Jack Chambers, Jim O’Callaghan, Darragh O’Brien agus Calleary féin) ullamh chun ceannairce fós.
Is léir dóibh uilig áfach an chúis imní agus an chontúirt a bhaineann le moill ar roghnú ceannaire nua. De réir an tsocrú a rinneadh le Fine Gael agus an comhrialtas reatha á bhunú, is ar an 16 Samhain 2027 a fhillfidh Simon Harris ar phost an Taoisigh.
Ba bhreá le Micheál Martin an post a choimeád go gcríochnóidh tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas Eorpach ag deireadh na bliana. Ní ar a áisiúlacht áfach ach ar thábhacht na tréimhse a chaithfidh an chéad cheannaire eile ó Fhianna Fáil mar Thaoiseach atá go leor Teachtaí ag smaoineamh.
Neartaigh reachtáil chruinniú parlaiminte an pháirtí Dé Luain míshásamh a gcúlbhinseoirí. Níor tugadh deis mar a thug Simon Harris d’Fhine Gael do Theachtaí Fhianna Fáil na beartais a phlé sular fógraíodh iad. Botún a dhúisigh an cheist chéanna arís: dá mhéid meas a pháirtí ar Mhicheál Martin, an ndéanfar leas fadtéarmach a pháirtí má fhágtar i gceannas é go deireadh na bliana?
Thug ráiteas ón Iaráin Dé hAoine go gceadófaí saorchead taistil trí Chaolas Hormuz ar feadh coicíse údar dóchais don rialtas agus do mhórán rialtas eile. Beidh súil ag go leor Teachtaí Dála go mb’fhéidir nach mbeidh an ghéarchéim fuinnimh chomh holc agus a bhí á thuar go dtí sin.
B’fhiú dóibh go léir áfach machnamh a dhéanamh ar chaint oscailte Dara Calleary agus ar an mórathrú ar úsáid fuinnimh na hÉireann a cuireadh ar an méar fhada rómhinic tar éis géarchéimeanna eile.
Fág freagra ar 'An t-aire a dúirt nach mbeifear ábalta cabhrú le gach dream a bheidh i gcruachás'