‘Ba chuid mhór de shaol beagnach chuile dhuine sa tír é’ – ómós léirithe do Michael Lyster

Tá Uachtarán na hÉireann i measc na ndaoine a bhfuil ómós léirithe acu d’iarláithreoir ‘The Sunday Game’ Michael Lyster, atá tar éis bháis

‘Ba chuid mhór de shaol beagnach chuile dhuine sa tír é’ – ómós léirithe do Michael Lyster

Tá Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i measc na ndaoine a bhfuil ómós léirithe acu don chraoltóir aitheanta Michael Lyster, atá imithe ar shlí na fírinne.

Tráthnóna inné a tháinig an scéala go raibh Lyster, 71, tar éis bháis. Bhain sé cáil amach mar chraoltóir spóirt le RTÉ, go háirithe ar an gclár The Sunday Game Live a raibh sé mar láithreoir air ar feadh breis is 30 bliain. Ba in 2018 a d’éirigh an Gaillmheach as an Sunday Game.

“Is le briseadh croí a chuala daoine ar fud na hÉireann faoi bhás Michael Lyster,” a dúirt an tUachtarán Catherine Connolly.

“Ba chuid mhór de shaol beagnach chuile dhuine sa tír é Michael, óna shaothar mar chraoltóir cluichí peile Gaelaí agus dar ndóigh mar láithreoir iomráiteach The Sunday Game thar thréimhse 34 bliain.

“Bhí a stíl láithreoireachta chroíúil mar chuid lárnach de go leor cluichí clúiteacha thar na blianta.

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean chéile Michael, Anne, dá chuid páistí Mark, Jack, Rebecca agus Ellen agus dá mhuintir, a chairde agus a chomhghleacaithe uilig.”

Michael Lyster

Ba i nDún Garbhán i gcontae Phort Láirge a rugadh Lyster ach is i mBearna Dhearg i dtuaisceart na Gaillimhe a tógadh é. Chaith sé seal ag obair mar iriseoir leis an nuachtán áitiúil The Tuam Herald sula bhfuair sé post ar Radio 2 ar RTÉ i 1979.

Is mar láithreoir teilifíse is mó a chuir daoine aithne air, bhíodh sé ag obair ar Chluichí Oilimpeacha agus ar ócáidí móra spóirt eile. Thosaigh sé ag cur The Sunday Game i láthair i 1984 agus lean sé air sa ról sin go dtí 2018.

Ba mhinic dó díospóireacht a spreagadh idir Colm O’Rourke, Pat Spillane agus Joe Brolly nuair a bhíodh an triúr acu i mbun anailíse ar na cluichí peile is mó agus bhí caidreamh maith freisin aige le leithéidí Cyril Farrell, Tomás Mulcahy agus Ger Loughnane i gcás na hiomána.

“Fear uasal cruthanta,” a thug Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst ar Lyster.

“Ar The Sunday Game, bhí Michael i gcroílár chlúdach RTÉ ar iliomad cluichí iontacha CLG, agus chothaigh sé díospóireachtaí a bhfuil cuimhne fós orthu.

“Chuaigh an stíl shocair, chothrom, ghairmiúil a bhí aige agus an spraoi a bhí ann i gcion ar an lucht féachana agus ar a chomhghleacaithe araon,” a dúirt Bakhurst.

Bhí nóiméad ómóis do Michael Lyster roimh an gcluiche sa tSraith Náisiúnta Peile idir Gaillimh agus Áth Cliath i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar '‘Ba chuid mhór de shaol beagnach chuile dhuine sa tír é’ – ómós léirithe do Michael Lyster'