Ní baileach go bhfuil mé in ann é a thabhairt chun cuimhne faoi láthair, ach tá carraig mhór de fhocal Béarla* a bhaineann leis an gcaoi a dtagann rud éicint isteach in intinn an duine den chéad uair le fada agus gur minic a mheabhraítear an rud céanna arís dóibh ar bhealaí eile i mbeagán ama.
I dtús na seachtaine seo caite léigh mé in áit éicint go mbeadh imirt á déanamh Dé Domhnaigh seo chugainn ar Chluiche Ceannais Sinsir Iomána na gColáistí i gCúige Mumhan ar Pháirc an Chíosógaigh in Inis. Coláiste Fhlannáin Naofa as an mbaile sin agus Scoil na mBráthar as Aonach Urmhumhan a bheas in aghaidh a chéile agus is ag 1pm a thosóidh an imirt.
Ní raibh aon lá ariamh ann nár chuir mé suim faoi leith i gcomórtais na meánscol, ach fearacht go leor dá leithéid faraor, tá siad brúite amach ar na himill anois leis na hathruithe ar fhéilire CLG.
Ar oscailt an dorais dom lá arna mhárach chonaic mé beartán fágtha ag bean an phoist ar an tairseach agus ar a oscailt chonaic mé go mba leabhar a bhí ann a bhain le stair an choirn a bhronnfar ar bhuaiteoirí an Domhnaigh seo chugainn in Inis – Corn an Artaigh.
Agus mé á chrochadh den talamh thuig mé go raibh téagar ag baint leis an rud a bhí sa mbeartán. Anois agus cuid mhór dó léite agam tuigim gur saothar mór atá curtha le chéile ag an údar Liam Ó Donnchú, ó thaobh toirte agus tábhachta.
Is iad ainmneacha na gcorn a bhronntar ar bhuaiteoirí Chluichí Ceannais na hÉireann na cinn is mó a bhíonn ar bharr a dteanga acu siúd ar suim leo na Cluichí Gaelacha. Go minic bheadh obair ag an gcuid is dílse acu sin fhéin a rá cé dó a bhfuil coirn na gcúigí tiomnaithe.
A mhalairt atá i gceist le Corn an Artaigh, is beag duine nach mbeadh ar an eolas gur le Coláistí na Mumhan a bhaineann sé, ní hé chuile dhuine acu siúd a bheadh in ann ainm a chur ar chorn Chraobh na hÉireann sa roinn sin. Sa gcás seo Corn an Chrócaigh.
Cúis amháin atá leis sin is ea go bhfuil iomaíocht á déanamh ar chorn Choláistí na Mumhan ón am ar chuir an tArdeaspag Seán Ó hArtaigh ar fáil é i 1918. Níor tháinig Corn an Chrócaigh i gceist go dtí 1944.
Ach ní de bharr a aoise amháin atá a cháil tuillte ag Comórtas an Artaigh. Feabhas agus caighdeán na hiománaíochta a facthas agus a fheictear lena linn is minice a luaitear leis. Tá fáil ar bháireoirí a bhí ar fhoirne a chroch Corn Liam Mhic Cárthaigh leo a deir gur mó mórtas atá acu as Corn an Artaigh a bheith buaite acu.
An tArdeaspag féin a chaith isteach an sliotar nuair a imríodh an cluiche ceannais ba thúisce i 1918. Ba é freisin a bhronn a chorn féin ar chaptaen Choláiste Charn an Tobair, Jack Quinn, tar éis dóibh an bua a fháil ar Scoil na mBráithre Críostaí, Corcaigh 5-3, 3-1.
Ba é sin an chéad bhliain go mba iad na Cluichí Gaelacha príomhspórtanna Charn an Tobair. Go dtí sin thugtaí tús áite don rugbaí agus don chruicéad.
Ba as Corcaigh 6 cinn de na scoileanna a bhí san iomaíocht sa gcéad chraobh – ba as Tiobraid Árann na 3 cinn eile.
Bhí Coláiste Fhlannáin Naofa sa gcomhaireamh an bhliain dár gcionn, ach ba iad an Mhainistir Thuaidh a bhuaigh an chraobh – Paddy ‘Fox’ Collins, duine de na cosantóirí ab iomráití ag Corcaigh ina dhiaidh sin, ar a bhfoireann siúd.
As sin ar aghaidh ba mhinic imreoirí a d’fhoghlaim a gceird i gCraobhacha an Artaigh ina gcrann taca ag foirne a gcontae agus iadsan ag tuilleamh cáil díobh féin ar thóir na Sraithe nó Chorn Mhic Cárthaigh.
Ba i gcomórtas na scoileanna a fuair go leor díobh siúd a bhuaigh Craobhacha na Mumhan agus na hÉireann do Luimneach i dtús na 1930idí a gcuid oiliúna. B’ionann cás ag Corcaigh a bhí ag brath go mór ar iarscoláirí na Mainistreach Thuaidh a bhuaigh an corn 8 n-uaire idir 1934 agus 1943.

I lár na 1960idí bhuaigh Scoil na mBráithre Críostaí i Luimneach Corn an Artaigh ceithre huaire as a chéile, ina measc siúd a bhí ar na foirne sin nuair a thug an contae Corn Mhic Cárthaigh leo i 1973 bhí Éamonn Cregan, Pat Hartigan, Seán Foley agus Éamonn Grimes.
Tá ceangal láidir freisin idir aiséirí na hiomána i gCo. an Chláir agus Coláiste Fhlannáin. Seacht n-uaire idir 1982 agus 1991 a bhuaigh scoláirí na háite sin Craobh na Mumhan. Bhí Anthony Daly, Davy Fitzgerald, Jamesie O’Connor agus Conor Clancy ar chuid de na himreoirí a bhí i gceist.
Le fáil sa leabhar seo freisin tá scóranna na gcluichí ar fad a imríodh i gCraobhchomórtas Iomána na nIarbhunscoileanna i gCúige Mumhan ó 1918, mar aon le tuairiscí gonta ar na babhtaí leathcheannais agus ceannais ar fad.
Ach bheadh dul amú mór orthu siúd a cheapfadh gur leabhar tagartha nó taifid é. Tá saibhreas i bhfad níos mó ná sin ag baint leis an saothar atá curtha le chéile ag Liam Ó Donnchú an staraí agus an t údar a bhfuil leabhair eile go leor a bhaineann le cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael tagtha uaidh.
Le hais na dtaifead, tá léiriú tugtha ar an tábhacht a bhain agus a bhaineann le Corn an Artaigh. Cuid de ar fáil i gcuntais na gcluichí agus tuilleadh sna cuimhní cinn ó iománaithe cáiliúla a ghlac páirt ann – Donie Nealon, Jamesie O’Connor, Mark Foley, Andrew O’Shaughnessy, Declan Hannon agus Tadhg de Búrca, ina measc.
Fearacht chuile spórt eile dá bhfuil ann, ní hiad siúd a bhíonn páirteach amháin a bhaineann sásamh as an iomaíocht. Bhain mé solamar as an alt i nGaeilge ina roinneann an tOll. Gearóid Ó Tuathaigh na cuimhní atá aigesean ar Chorn an Artaigh agus é ar bhóthar na smaointe.
- Corn an Artaigh. Údar Liam Ó Donnchú. Foilsitheoirí: Comhairle Iar-Bhunscoileanna na Mumhan C.L.G.
* Synchronicity.
Agus tamall caite agam á fhiach nuair a bhí mo chuid scríofa agam d’éirigh liom a theacht ar an bhfocal. Ní raibh sé de mhisneach agam a dhul ar thóir an aistriúcháin!
alan titley
comórtas den scoth, gan bhréig ar domhan! Tuar ar an aimsir fháistineach chomh maith, ach a mhaitheasaí móra ann d’óige na Mumhan agus na hÉireann.
Donncha O hEallaithe
Thug mé suntas do dhearadh na gcamán i 1918: níos faide ná camáin an lae inniu agus ‘bas’ caol orthu. Dá fhad an chamáin is mó an teannadh a fhéadfaí a chur faoi sliotar a bhuailtí ar an dtalamh nó san aer! Faraíor ní mórán sliotair a bhuailtear a thuilleadh ón talamh. Chomh maith le sin, na leaideanna óga ag breathnú cosúil le fir seachas ógánaigh meánscoile.