Cluiche mór idir Áth Cliath agus Ard Mhacha ag bun an tábla romhainn agus uair na cinniúna tagtha

Tá cluiche tábhachtach ag barr an tábla ann anocht idir Ciarraí agus Maigh Eo agus deis amárach ag na Gaillimhigh a n-áit sa bpríomhroinn a chinntiú

Cluiche mór idir Áth Cliath agus Ard Mhacha ag bun an tábla romhainn agus uair na cinniúna tagtha

Micheál Burns agus Ryan O'Donoghue. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Sraith Náisiúnta Peile – Roinn 1

Dé Sathairn, 14 Márta

Ciarraí v Maigh Eo – Páirc Aibhistín de Staic, 16:00 (Beo ar RTÉ)
Áth Cliath v Ard Mhacha – Páirc an Chrócaigh, 19:00 (Beo ar TG4)

Dé Domhnaigh, 15 Márta

Ros Comáin v Dún na nGall – Páirc de hÍde, 13:30 (Beo ar TG4)
Muineachán v Gaillimh – Páirc Grattan, 15:45 (Beo ar TG4)

Tá muid tagtha chomh fada leis an gcuid sin den sraith nuair is cluichí tábhachtacha iad nach mór gach ceann a bhíonn le n-imirt. Cluiche tábhachtach é an ceann idir Muineachán agus Gaillimh thuas in Inis Caoin amárach agus seans gurb iad an dá chluiche a bheidh againn anocht i Roinn 1 na cinn is tábhachtaí ag bun agus ag barr an tábla.

Rachaidh Maigh Eo síos go Trá Lí agus fios acu go mbeidh siad beagnach cinnte d’áit i gcluiche ceannais na sraithe má fhaigheann siad an ceann is fearr ar churaidh na hÉireann. Tá foireann Andy Moran tar éis buanna maithe a fháil ar Mhuineachán agus Ard Mhacha agus cé gur faoi Kobe McDonald is mó atá an chaint, tá leithéidí Sam Callinan, Jack Carney, Jordan Flynn, Cian McHale agus Ryan O’Donoghue uile ag imirt go maith i láthair na huaire.

Tá Ciarraí pointe chun deiridh ar Mhaigh Eo ar an tábla i láthair na huaire agus seans go mbeidh pointí ag teastáil ón dá chluiche atá fágtha ag foireann Jack O’Connor, in aghaidh Mhaigh Eo anocht agus i gcoinne Ard Mhacha an tseachtain seo chugainn. Tá roinnt imreoirí tábhachtacha fós in easnamh ar Chiarraí ach bhí siad fós cumasach go maith in aghaidh Átha Cliath agus Mhuineacháin le cúpla babhta anuas. D’éirigh go maith le Tom O’Sullivan agus é tagtha isteach mar ionadaí sna cluichí sin agus seans go bhfeicfear ón tús é in aghaidh Mhaigh Eo.

Tá sé nach mór cinnte go mbeidh Muineachán ag dul síos go dtí Roinn 2 arís ag deireadh na sraithe agus an chuma ar an scéal gur foireann amháin as Áth Cliath, Ard Mhacha agus Gaillimh a bheidh leo. Fágann sin gur cluiche mór é an ceann idir Áth Cliath agus Ard Mhacha i bPáirc an Chrócaigh anocht.

Cúis dóchais do Ger Brennan agus lucht tacaíochta Átha Cliath a bhí sa mbua mór a bhí ag fir na príomhchathrach ar Ros Comáin cúpla seachtain ó shin. D’aimsigh Áth Cliath cúig cinn de scóranna dhá phointe sa gcluiche sin, scil a bhí in easnamh orthu sna cluichí roimhe sin. Tá sé suntasach freisin gur éirigh leo an 1-21 sin a d’aimsigh siad sa gcluiche a fháil d’uireasa Con O’Callaghan.

Seans gur cluiche níos deacra a bheidh rompu anocht, áfach agus Ard Mhacha dírithe ar an ísliú céime a sheachaint. Níl seaimpíní na hÉireann 2024 ag imirt go dona i mbliana ach tá ag teip orthu cluichí a bhuachan. Is é an bua ar Mhuineachán sa gcéad bhabhta an t-aon bhua atá acu go dtí seo. Ar ndóigh, caithfidh sé sin athrú más leo chun teacht amach as an tsáinn seo agus tá torthaí maithe ag teastáil ó Pháirc an Chrócaigh anocht agus i gcoinne Chiarraí an tseachtain seo chugainn.

Mura mbuann Ard Mhacha anocht, ní bheidh ach comhscór ag teastáil ó Ghaillimh chun a bheith cinnte d’áit sa bpríomhroinn don bhliain seo chugainn. Bheadh foireann Phádraic Joyce slán cheana féin murach gur chaith siad uathu an bua thuas i nDún na nGall cúpla seachtain ó shin. Bhí na Gaillimhigh sé phointe chun cinn agus imreoir sa mbreis acu ach ligeadar do na Conallaigh an choimhlint a thabhairt ar ais ar comhscór. Bhí fear Naomh Anna, Oisín Mac Donnacha ar fheabhas sa gcluiche céanna agus ba cheart go mbeadh na Gaillimhigh rómhaith d’fhoireann Mhuineacháin, a raibh cuma thar a bheith lag uirthi go dtí seo.

Níl ach pointe amháin ag teastáil ó Dhún na nGall ón dá chluiche atá fágtha acu i gcoinne Ros Comáin agus Mhuineacháin chun áit i gcluiche ceannais na sraithe a fháil. Fiú dá gcaillfeadh buachaillí Jim McGuinness an dá chluiche sin, bheadh seans maith acu ar an gcluiche ceannais. Bhí tionchar mór ag Michael Murphy ar an teacht aniar a rinne siad in aghaidh na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin agus tá Conor O’Donnell ar fheabhas ar fad faoi láthair, cé gur chiúnaigh sé beagáinín tar éis do Murphy teacht isteach an lá cheana.

D’fhéadfadh Ros Comáin cluiche ceannais a bhaint amach nó d’fhéadfadh siad titim go Roinn 2 ach bheadh torthaí aisteacha ag teastáil chun go dtarlódh ceann den dá rud sin. Bhí foireann Mark Dowd ar mhuin na muice go dtí gur bhuail Áth Cliath greadadh orthu cúpla seachtain ó shin ach, chomh fada is nach dtiteann an tóin astu go hiomlán, beidh Dowd, na himreoirí agus lucht tacaíochta Ros Comáin sásta go maith lena bhfeachtas.

Fág freagra ar 'Cluiche mór idir Áth Cliath agus Ard Mhacha ag bun an tábla romhainn agus uair na cinniúna tagtha'