Tá Port Láirge dícháilithe go Roinn 1B de Shraith Iomána Allianz tar éis dóibh buntáiste ocht bpointe ag leath ama a chur amú an Domhnach seo caite i gcoinne Thiobraid Árann
Bhí an Premier i gcruachás agus iad 1-17 go 1-07 taobh thiar ag druidim le ham breise ag deireadh an chéad leatha, ach fuair siad dhá phointe ar ais roimh an sos agus bhuaigh siad an dara leath 1-15 go 0-06 chun a stádas sa tsraith uachtarach a chinntiú dóibh féin.
Bhuaigh Iománaí na Bliana John McGrath gradam laoch na himeartha ar a chéad iarracht in 2026, agus é ag carnadh 1-04, agus scóráil Gearóid O’Connor, a tháinig isteach mar ionadaí ag leath ama, an cúl eile. Rud an-dearfach é go bhfuair Stefan Tobin, déagóir óg ó chlub Carrick Swan i gCarraig na Siúire, 0-04 sa chluiche.
Mar sin tá a bport seinnte ag na Déise agus aghaidh an chontae dírithe anois ar lár mhí Aibreáin agus an chéad chluiche craoibhe i gcoinne an Chláir.
Táimid anois ag deireadh seachtaine deireanach chluichí na sraithe iománaíochta agus tá roinnt cluichí i ngach roinn a bhfuil tábhacht ag baint leo.
Maidir le mo chontae féin, Corcaigh, tá formhór na ndaoine beagnach cinnte sula gcaitear isteach an sliotar go mbeidh an bua acu. Bunaithe ar an bhfianaise go léir atá feicthe againn go dtí seo, ba cheart do Chorcaigh an lámh in uachtar a fháil ar Uíbh Fhailí, atá dícháilithe cheana féin go Roinn 1B, i bPáirc Uí Chaoimh anocht.
Caithfidh mé a rá go bhfuilim thar a bheith sásta leis an gcaoi a bhfuil Ben O’Connor agus a fhoireann bainistíochta ag dul i mbun oibre i mbliana maidir le roghnú na foirne. Níl aon dabht i m’intinn ach go mbíonn sé i gcónaí ag roghnú na foirne agus súil aige ar an gcraobh. Bhí sé sin le feiceáil go soiléir sa chluiche deireanach i gcoinne Luimnigh, nuair nár thosaigh ach líon beag de na himreoirí a mheasfaí mar phríomhimreoirí na foirne.
Agus, le fírinne, sin an cur chuige a bhí aige sna cluichí ar fad go dtí seo. Tá deis imeartha tugtha aige do gach imreoir a mheasann siad a bheith dáiríre faoi áit a bhaint amach ar phainéal na craoibhe. Tá gach duine acu tar éis am imeartha a fháil, agus, ar an iomlán, bhí na torthaí maith go leor agus na taispeántais láidir.
Mar sin maidir le Roinn 1A agus lCorcaigh, tá an scéal simplí go leor, beidh bua nó comhscór sa bhaile in aghaidh Uíbh Fhailí, maith go leor chun áit i gcluiche ceannais na sraithe a chinntiú dóibh don dara bliain as a chéile. Fiú má chailleann siad, d’fhéadfaidís fós a bheith cáilithe don chluiche ceannais má bhíonn an bua ag Luimneach ar an nGaillimh agus mura mbuaileann Tiobraid Árann Cill Chainnigh.
Má chailleann Corcaigh agus má bhuann Gaillimh i bPáirc na nGael, bheadh difear scórála níos fearr ag Gaillimh agus ag Luimneach ná mar bheadh ag foireann Ben O’Connor. Faoi láthair, tá Luimneach ar +34, tá Gaillimh ar +30, agus tá Corcaigh ar +18.
Sa chás go mbuafadh Tiobraid Árann as baile ar Chill Chainnigh, bheidís ar ocht bpointe le Luimneach nó Gaillimh. Ach, gan acu ach +5 faoi láthair, bheadh bua an-mhór ag teastáil uathu i gcoinne Chill Chainnigh.
I Roinn 1B, tá an Clár cáilithe cheana féin do chluiche ceannais na sraithe, agus tá Baile Átha Cliath ins an dara áit faoi láthair, cé go bhfuil seans beag fós ag Loch Garman dul tharstu. Ach ag bun na roinne, tá an Dún tite, (ó thaobh na matamaitice tá seans an -bheag acu fanacht thuas) agus socrófar an áit dheireanach dícháilithe i gcluichí an deireadh seachtaine seo.
Pádraig
Ach cé a bheidh mar lánchúlaí ag Corcaigh? Ball leochaileach ar an bhfoireann fós is ea é agus na cluichí móra ag teannadh linn.
Cheap muintir Chorcaí gur ag Dáire O Leary a bhí sé gan agó nó gur scóráil an capall ráis Shane O Brien cúl iontach do Luimneach t’réis dó staic a dhéanamh den lánchúlaí.
Go deimhin tá ceisteanna faoi Sheán O Donoghue chomh maith, iománaí an-mhaith ach go bhfuil sé de nós aige buillí pianóis a ghéilleadh don bhfreasúra a thugann stiúir ar an gcluiche dóibh ag am cinniúnach.
Fear dainséarach ar aon fhoireann!
Agus an t-aistriú suaithinseach láimhe sin a rinne Tim O Mahony taobh thiar dá dhroim, a sciob Cian Lynch uaidh
agus a raibh cúl mar thoradh air, is sampla maith é sin den ráig amaideach láimh-phasála a ghealann croí Ben O Connor.
Silí-seailí seafóideach ar siúl nuair atá leithéidí Brian Hayes, Alan Connolly etc istigh ag tochas a dtóna!
Ní maith.