An Ghaeltacht 0-12 Gleann an Iolair 0-6
Tá an jab déanta faoi dheireadh agus craobh uile Éireann ag dul siar go hiarthar Duibhneach.
Is iad Cumann Caide na Gaeltachta curaidh Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann tar éis cluiche a raibh siad i gceannas air nach mór ó thús go deireadh i bPáirc an Chrócaigh. Saoráideach go maith a chuir siad Gleann an Iolair de dhroim seoil.
Ní hé an cluiche ab fhearr riamh é agus más é cluiche ceannais 2004 an cluiche nach raibh muintir na Gaeltachta in ann dearmad a dhéanamh air, is é cluiche ceannais 2026 an ceann a dhéanfaidh an gnáthphobal dearmad air gan mhoill. Ach ní chuirfidh sé sin as pioc do na buaiteoirí.
Ba é cluiche an lae inniu an deichiú ceann ag foireann Fheargail Uí Sé sa bhfeachtas seo a thosaigh le comhscór i gcoinne Dheasúnaigh Oileáin Chiarraí ag tús mhí Lúnasa seo caite. Ba é an cluiche ba mhó acu an ceann ab éasca ar fad.
Is ar éigean gur thug an Ghaeltacht na cosa leo i gcuid de na cluichí roimhe seo, cluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne na Sollán seachtain ó shin ina measc. Imríodh an cluiche sin ar luas diamhair agus imní ann ina dhiaidh faoin gcaoi a mbeadh imreoirí na Gaeltachta, go háirithe na fir a raibh gortuithe ag cur as dóibh.
Níor ghá imní a dhéanamh, áfach, mar tugadh cead a gcinn d’fhir na Gaeltachta an cluiche ceannais seo a imirt ar a luas féin agus nach iad a bhain tairbhe as.

Rinne an Ghaeltacht formhór na hoibre sa gcéad leath agus iad ocht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-1. Ba i gcoinne na gaoithe a bhí na Ciarraígh sa gcéad leath sin ach thit cosantóirí Ghleann an Iolair siar go dtí an stua 40m agus chaith imreoirí amhail í Brian, Ruaidhrí agus Cathal Ó Beaglaoich tréimhsí fada ag sodar leo anonn agus anall idir seastáin Uí Ógáin agus Uí Chíosóig gan baol ar bith go dtiocfadh fear amach chun an liathróid a bhaint díobh.
Mar a luaigh Feargal Ó Sé i ndiaidh an chluiche, tréith láidir san áit thiar é an fiántas ach is beag de a bhí le feiceáil in imirt na Gaeltachta sa gcéad leath sin agus iad socair, stuama, staidéarach ar an lá ba mhó.
Ní hé nach raibh aon ghearradh iontu, áfach. Roghnaigh siad an t-am ceart chun dul i mbun seilge agus d’éirigh leo na bearnaí a aimsiú.
Bhí sé sin le feiceáil sa gcéad scór den chluiche, a tháinig sa dara nóiméad. Bhuaigh Cathal Ó Beaglaoich cic amach ó Sheán Ó Lúing, chas sé i dtreo chúl thaobh na canála agus chuir sé pas cruinn díreach isteach chuig Ruaidhrí Ó Beaglaoich a d’aimsigh.
Tá an-mholadh faighte ag ógánaigh na Gaeltachta atá tar éis cur go mór leis an bhfoireann i mbliana agus beirt acusan, Seán Ó Cuinn agus Conor Ó Corrduibh a d’aimsigh an chéad dá scór eile. Chuir Ruaidhrí an Ghaeltacht 0-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh ansin le scór breá eile tar éis do Phádraig Óg Ó Sé pas díreach a chur chuig chuig Seán Ó Gairbhí a ghearr tríd an gcosaint le pas a thabhairt do Ruaidhrí a chuir iarracht bhreá caol díreach idir na postaí.

Seán Ó Cuinn. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/TuairiscD’fhéadfaadh go mbeidh muintir Ghleann an Iolair chomh cráite ag an gcluiche seo is a bhí muintir na Gaeltachta cráite ag cluiche 2004 ar an nGaeltacht. Ba dheacair a thuiscint cén fáth go raibh fir Dhoire sásta seasamh siar agus an oiread sin spáis a thabhairt dá gcéilí comhraic. 75% de seilbh na liathróide a bhí ag an nGaeltacht sa gcéad leath agus tréimhsí dhá agus trí nóiméad caite acu agus an pheil á caitheamh eatarthu féin acu gan aon lámh leagtha orthu.
Ní hé nach raibh deiseanna ar bith á gcruthú ag Gleann an Iolair, áfach. Ba é Chrissy Dempsey a d’aimsigh an t-aon phointe dóibh sa gcéad leath gan ach seacht nóiméad ar an gclog agus d’fhéadfadh cúrsaí a bheith athraithe go mór murach sábháil mhaith ó Sheán Ó Lúing chun iarracht ón seanfhondúir Eoin Bradley a choinneáil amach théis 12 nóiméad.
In ainneoin a gcuid oibre go léir, ní raibh an Ghaeltacht ach trí phointe chun tosaigh théis 20 nóiméad ach thóg siad greim daingean ar chúrsaí idir sin agus leath ama. D’aimsigh Ruaidhrí Ó Beaglaoich cic saor dhá phointe sa 23ú nóiméad agus fuair Éanna Ó Conchúir scór deas nóiméad ina dhiaidh sin. Tháinig scór eile ó Ruaidhrí ansin agus nuair a chuir sé cic saor eile thar an trasnán tar éis do Ghleann an Iolair an riail 3v3 a shárú, bhí an Ghaeltacht ocht bpointe chun cinn agus an briseadh tagtha.

Agus an bhearna sin acu, thuigfeá má bhí na Ciarraígh beagáinín níos coimeadaí i ndiaidh an bhriseadh. Bhí deis ar chúl ag Seán Ó Cuinn luath sa dara leath ach shleamhnaigh an iarracht uaidh ar fóraoil. B’shin mar a bhí do an-chuid den dara leath.
Thóg sé 18 nóiméad go dtí go bhfacthas an chéad scór den dara leath, pointe tábhachtach ó Sheán Ó Gairbhí.
Léirigh Gleann an Iolair beagáinín níos mó misnigh sa dara leath agus an bhearna laghdaithe ag scóranna ó Fhearghal Close – an chéad cheann acu sa 43ú nóiméad – agus Neil McNicholl ach bhí cosantóirí na Gaeltachta ar fheabhas agus Brian Ó Beaglaoich tagtha chun cinn arís agus arís eile chun stop a chur le hionsaithe fir an Ghleanna. Obair foirne iontach a bhí i gceist agus a chuid déanta ag gach aon imreoir.

Más é an slánú an téama a bhí sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Sollán, aiséirí a bhí againn inniu. Ní raibh aon rian den ghortú colpa a bhí ag cur as do Bhrian Ó Beaglaoich le feiceáil ar a chuid imeartha agus b’iontaí fós an teacht aniar a rinne Cathal Ó Beaglaoich. Tugadh isteach agus baineadh amach an fear mór lár páirce ocht lá ó shin agus é ar leathchos ach bhí sé suas agus anuas an pháirc sa gcluiche ceannais agus sméar mullaigh curtha aige ar an taispeántas le scór breá dá phointe sa 55ú nóiméad chun naoi bpointe a chur idir na foirne arís agus an bua a chinntiú.
Gleann an Iolair a d’aimsigh an trí phointe deireanach den chluiche ach ní raibh aon amhras faoin tráth sin cá mbeadh an corn ag dul.
Chríochnaigh an Ghaeltacht le 0-12, mar a chríochnaigh in 2004, ach is mór idir é seo agus é sin agus tír tairngire bainte amach faoi dheireadh ag buachaillí Chorca Dhuibhne.

An Ghaeltacht: S Ó Lúing; C Ó Murchú, A Mac Amhlaoibh, JJ Mac Liam; P Óg Ó Sé, B Ó Beaglaoich, A Ó Beaglaoich; A Walsh, C Ó Beaglaoich (0-2, dp); S Ó Cuinn (0-1), R Ó Beaglaoich (0-6, 1csdp, 2cs), PJ Mac Láimh; C Ó Corrduibh (0-1), É Ó Conchúir (0-1), S Ó Gairbhí (0-1). Fir Ionaid: T Ó Sé (DC) in áit Uí Ghairbhí (54 nóim), G Ó Cinnéide in áit Uí Chuinn (55 nóim), C Ó Riagáin in áit Uí Chorrduibh (62 nóim).
Gleann an Iolair: N O’Kane; E Boylan, D O’Kane, E O’Kane; C Rafferty (0-2), J O’Kane, D McNicholl; T Bradley, N McNicholl (0-2, 2cs); C Hasson, C Dempsey (0-1), C Bradley; C Mullan, E Bradley, R McNicholl. Fir Ionaid: W J Bradley in áit Hasson (41 nóim), F Close (0-1) in áit Mullan (44 nóim), Cormac Hasson in áit D McNicholl (48 nóim), J McNicholl in áit R McNichioll (48 nóim), D O’Kane in áit Dempsey (55 nóim).
Réiteoir: Fergal Kelly.



Fág freagra ar 'Lá dá saol ag muintir na Gaeltachta agus craobh na hÉireann á tabhairt abhaile go dtí Corca Dhuibhne'