An Nollaig Thiar
I Reilig Mhaírois
tógaim mo cheann
ó uaigh an fhonnadóra
agus tchím
go bhfuil caipíní bána
ar na Beanna Beola
nó tá siad
ina seasamh sa tsneachta
ag éisteacht leis fós
*D’fhoilsigh Barzaz an dara cnuasach filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha in 2025, Mainistir na Feola.
Fág freagra ar '‘An Nollaig Thiar’ le Laoighseach Ní Choistealbha'