Leigheas ar an deifir agus fuadar i seó álainn Nollag na Taibhdheirce

Cé nach bhfuil spraoi agus an spórt i na ngeamaireachtaí Nollag ann, is léiriú lán d'áilleacht  ‘An Fathach Leithleasach’ a chothaíonn atmaisféar pictiúrleabhair beo ar stáitse

Leigheas ar an deifir agus fuadar i seó álainn Nollag na Taibhdheirce

An Fathach Leithleasach
An Taibhdhearc
Stiúrthóir Muireann Kelly
Nollaig 2025

Dráma séimh, bog is ea An Fathach Leithleasach, léiriú Nollag na bliana seo ag An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Seó teaghlaigh atá ann a imíonn ó mhúnla na geamaireachta agus atá feiliúnach don teaghlach ar fad, go háirithe do pháistí óga.

Tá an scéal bunaithe ar ghearrscéal le Oscar Wilde, The Selfish Giant, a foilsíodh den chéad uair sa mbliain 1888. Níl aon ghné ‘Nollaigiúil’ ag baint leis an mbunscéal ach amháin gur scéal do pháistí é. Baineann sé go mór leis an bhflaithiúlacht, áfach, agus is dóigh gur ceann de théamaí na Nollag í sin.

Is í Brídín Nic Dhonncha a rinne an leagan Gaeilge agus tá aistriúchán nádúrtha líofa curtha ar fáil aici gur mór an taitneamh é a bheith ag éisteacht leis. Tá an seit go hálainn agus tá blas an phictiúrleabhair le fáil go láidir air, is í Saoirse O’Shea a rinne an dearadh seit agus Sarah Jane Shiels an dearthóir soilse.

Seit an-simplí atá in úsáid agus an stáitse nach mór lom taobh amuigh de chrainnte móra dubha ar chaon taobh agus líonán aimsire a thagann agus a imíonn. Níl a fhios agam an in aon turas a rinneadh é, ach mheabhraigh na crainnte dubha an dearadh cáiliúil a phéinteáil Mícheál Mac Liammóir, bunaitheoir na Taibhdheirce, ar chuirtíní íocónacha na hamharclainne sna 1930idí.

Cé nach bhfuil an spraoi agus an spórt i gceist mar a bhíonn i ngeamaireachtaí Nollag, is léiriú lán d’áilleacht atá ann a chothaíonn atmaisféar pictiúrleabhair beo ar stáitse. Coinníonn an stiúrthóir, Muireann Kelly, blas an traidisiúin agus an bhéaloidis sa léiriú ach tá casadh nuálach bainte aici as freisin.

Tugann Eoin Ó Dubhghaill taispeántas iontach uaidh mar Oscar, an scéalaí. Tá sé gléasta ina bhacach nó fánaí agus é ina chodladh ar an bhfoscadh faoi chrann nuair a chastar orainn é. Tugann sé taispeántas fíorchumasach ina bhfuil an ceol, an damhsa, an amhránaíocht agus an spraoi leis an lucht féachana ina lár.

Bhí cliar láidir mórthimpeall air, Séamus Hughes i bpáirt an fhathaigh, agus Orlaith Ní Chearra go galánta, barrúil mar Sióg agus An Ghaoth Aduaidh, bhí Inga De Búrca i bpáirt Áien agus Sioc an-mhaith freisin agus Molly Mews i bpáirt Méabh agus Sneachta, iad ar fad an-chumasach agus go leor le déanamh acu i rith an tseó.

Ní féidir gan an cliar aisteoirí óga a lua, bhí dhá chliar acu ann agus iad ag malartú léirithe mar gheall ar an sceideal mór léirithe a cuireadh ar fáil do scoileanna agus don phobal go ginearálta. Tá traidisiún fada ag An Taibhdhearc le seónna Nollag ina mbíonn meascán de chliar gairmiúil agus cliar óg amaitéareach.

Is álainn a fheiceáil go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh leis sin arís i mbliana agus deis ag gasúir óga blaiseadh de shaol na hamharclainne a fháil. Bhí siad ar fad an-mhaith agus iad ag amhránaíocht agus ag damhsa i rith an dráma ar fad. Bhí an chóiréagrafaíocht go hálainn, fíorshimplí ach tharraing sé go cliste ar chluichí páistí ar nós cleas na bacóide, scipeáil is a leithéid le soineantacht na hóige a shníomh tríd an léiriú.

Seó álainn an cur síos is cruinne agus é curtha i láthair go cumasach, ealaíonta. Leigheas ar dheifir agus fuadar shéasúr na Nollag é cinnte.

Fág freagra ar 'Leigheas ar an deifir agus fuadar i seó álainn Nollag na Taibhdheirce'