Má deir tú go bhfuil tú sásta rud a dhéanamh nuair nach bhfuil, uaireanta mothaíonn tú mí-ionraic agus olc. Ar an taobh eile, léiríonn tú meas ort féin agus meas ar an duine eile nuair a dhiúltaíonn tú rud a dhéanamh nach bhfuil tú ag iarraidh a dhéanamh.
Ar thug tú riamh faoi rud nach raibh an t-am agat dó, nó an ndeachaigh tú ar aghaidh le pleananna nach raibh fonn ort leanacht leo, nó ar ghabh tú leithscéal gan chúis? Má dhéanann tú rudaí mar sin go rialta, seans go bhfuil tú gafa le daoine a shásamh.
Nuair a bhreathnaíonn tú air, tá cuma an chineáltais ar a bheith ag iarraidh daoine a shásamh. Céard atá mícheart le bheith cabhrach agus réidh?
Ach nuair a éiríonn sé ina nós, ciallaíonn sé sin gur minic go gcuireann tú riachtanais daoine eile roimh do chuid riachtanas féin, fiú nuair a chuireann sé isteach ar do shláinte, do chaidrimh, nó fiú ar do mhaoin.
An dea-scéal, áfach, ná gur nós foghlamtha é, agus más amhlaidh, is féidir scaoileadh leis.
Aithin an patrún
Is é an chéad chéim le deireadh a chur leis an nós ná a bheith ar an eolas faoi. Nuair a aithníonn tú na patrúin seo, is féidir leat athrú a dhéanamh orthu.
I measc na gcomharthaí tá:
- Deacracht diúltú d’iarratais, nó ‘níl mé ar fáil’ a rá
- A bheith ag mothú ciontach nuair a thugann tú tús áite do do riachtanais féin
- Dearbhú leanúnach á lorg agat ó dhaoine eile
- Eagla roimh choimhlint
- Braitheann tú frustrachas tar éis glacadh leis an iomarca iarratas
Bíodh tuiscint agat cén fáth go dtarlaíonn sé
Ní bhíonn formhór na ndaoine a bhíonn i gcónaí ag iarraidh daoine eile a shásamh ag iarraidh smacht a imirt ar éinne. Tá siad ag iarraidh a bheith sábháilte.
Go minic, daingnítear an nós nuair atá duine óg agus tuigeann sé nó sí gurb í an chiall atá lena a bheith ‘go maith’ ná cloí leis na rialacha, troid a sheachaint, nó grá a thuilleamh.
Tá daoine eile ann agus is í an fhoirfeacht is mó a chuireann brú orthu agus an smaoineamh go nglacfar leo má dhéanann siad gach rud do chách.
Nuair a fheiceann tú gur straitéis maireachtála atá ann agus nach locht pearsanta é, beidh tú in ann caitheamh leat féin le comhbhá agus le tuiscint, seachas le náire.
Athraigh do thuiscint ar bhrí ‘Níl mé ag iarraidh…’
Ceann de na hathruithe is mó a theastaíonn ná do thuiscint ar ‘Níl mé ag iarraidh’ a athrú. Is minic a cheapann daoine gur rud drochbhéasach nó leithliseach é diúltú do dhaoine eile. Is é a mhalairt atá fíor.
Nuair a deir tú go bhfuil tú sásta rud a dhéanamh nuair nach bhfuil braitheann tús mí-ionracas agus olc ionat féin. Ar an taobh eile, léiríonn tú meas ort féin agus meas ar an duine eile nuair a deir tú ‘níl mé ag iarraidh é sin a dhéanamh’.
Gach uair a dhiúltaíonn tú do rud a ídíonn thú, tá tú ag cruthú spáis do rud a bhfuil fíorthábhacht leis. Tá fiúntas ag baint le do chuid fuinnimh, do chuid ama agus do shláinte agus is fiú iad a chosaint.
Tosaigh le teorainneacha beaga.
Ní gá go mbeadh siad mór ná drámatúil. Stop sula ndéarfaidh tú ‘déanfaidh mé’ gan smaoineamh air. Tugann céimeanna beaga cúnamh duit, cuireann siad le do mhuinín agus déanann siad níos éasca duit teorainneacha a leagan síos.
- In áit, ‘tá brón orm’ a rá, abair, ‘go raibh maith agat as a bheith tuisceanach faoi’.
- Bain triail as freagraí mar ‘níl sé ar mo chumas é sin a dhéanamh anois’ nó ‘ba mhaith liom cabhrú leat, ach ní féidir liom gealltanas a thabhairt’.
Glac leis nach mbeidh gach duine sásta leat
Seo í an fhírinne, is cuma céard a dhéanann tú, beidh duine éigin ann nach mbeidh sásta. Agus tá sé sin ceart go leor. Is tuirsiúil an obair í a bheith ag iarraidh dearbhú a fháil ó chách agus ní bhfaighidh tú a leithéid go deo. Nuair a scaoileann tú leis an ngá sin, osclaíonn tú spás do chaidrimh fhírinneacha le daoine a fheiceann tú mar atá tú i ndáiríre, seachas an leagan díot atá á chur os a gcomhair agat chun an tsíocháin a choinneáil.
Bí cineálta leat féin
Ná bí crua ort féin agus tú ag iarraidh an nós a bhriseadh. Is éard atá ann ná an meas agus an cúram céanna a thabhairt duit féin agus a thugann tú do dhaoine eile.
Má airíonn tú ciontach faoi, meabhraigh duit féin: níl mé ag diúltú dóibh, táim ag tabhairt aire dom féin. Tá mo chuid riachtanas féin chomh tábhachtach céanna.
Mar fhocal scoir, ní fíorchineáltas é a bheith i gcónaí ag tabhairt sásaimh do dhaoine eile nuair atá tú ag déanamh neamhaird ort féin. Tosaíonn caidrimh níos folláine le céim amháin, is é sin meas a léiriú ar do chuid riachtanas féin. Nuair a stopann tú ag maireachtáil de réir chead daoine eile, tosaíonn tú ag maireachtáil duit féin agus sin í an tsaoirse cheart.
– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com
Fág freagra ar 'Bealaí le diúltú do rudaí gan a bheith ag mothú ciontach faoi'