‘Nuair a fhéachann tú ar ghasúir ag iomáint thall sa Phalaistín, níl aon chúis nach mbeadh na scileanna acu anseo’ – an iomáint á scaipeadh i gcroílár na caide

Beidh imreoirí Gaeltachta ó Chiarraí agus Dún na nGall ag imirt i gcluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh beag seo ach tá obair mhór á déanamh sna Gaeltachtaí sin chun an iomáint a chur chun cinn chomh maith

‘Nuair a fhéachann tú ar ghasúir ag iomáint thall sa Phalaistín, níl aon chúis nach mbeadh na scileanna acu anseo’ – an iomáint á scaipeadh i gcroílár na caide

Imreoirí óga ón Daingean agus ó Ghaeltacht Iorrais ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Pic: Ramsey Cardy/Sportsfile

Dé Domhnaigh beag seo, beidh Paul Geaney mar chuid d’fhoireann Chiarraí a thabharfaidh aghaidh ar Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh agus fear an Daingin ag iarraidh Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan den tríú huair. Aisteach go leor, áfach, is leis an gcamán a bhuaigh Geaney a chéad bhonn uile-Éireann riamh agus é mar chuid d’fhoireann faoi 21 na Ríochta a bhuaigh Craobh ‘B’ na hÉireann in 2010.

An mhí seo caite, d’imir mac Geaney, Páidí, a chéad chluiche i bPáirc an Chrócaigh agus in ainneoin an pheil a bheith sa dúchas aige – is é Páidí Ó Sé a sheanathair – cosa in airde i ndiaidh sliotair a bhí an Géibheannach óg agus é ag imirt le foireann faoi 10 an Daingin a bhí ag glacadh páirt in ócáid speisialta a d’eagraigh Cumann Lúthchleas Gael d’fhoirne Gaeltachta agus lán-Ghaelge.

Suas le scór buachaillí óga a rinne an turas fada ó Chiarraí Thiar an lá sin, toradh na hiarrachta atá ar bun ag CLG an iomáint a chur chun cinn ar fud na tíre. Fógraíodh anuraidh go raibh ‘pacáistí tosaigh’ le camáin, sliotair agus clogaid le cur ar fáil saor in aisce d’aon dream a bhí ag iarraidh tús a chur leis an iomáint sa gcumann agus tá beagnach leathchéad cumann timpeall na tíre cláraithe ó shin.

Ar nós go leor áiteanna eile nach bhfuil traidisiún láidir iomána ann, daoine a tháinig ó lasmuigh den cheantar is mó atá ag scaipeadh soiscéal na hiomána sa Daingean, cé nach rófhada siar an bóthar a thaistil Risteárd Mac Liam, arb as Cill Airne ó dhúchas dó ach atá ina chónaí sa Daingean le blianta fada.

“An bhliain seo caite, bhí mé thuas ar Pháirc an Ághasaigh mar tá baint agam le cúpla foireann faoi aois,” a deir Mac Liam agus é ag cur síos ar an gcaoi ar cuireadh tús le foireann nua na n-ógánach.

“Dúirt duine díobh siúd a bhí ag cabhrú liom, Garda ab ea é, go raibh sé ag dul go cluiche iománaíochta ag Luimneach. Chuireas ceist air an mbeadh suim aige beagáinín iománaíochta a thosnú anseo agus dúirt sé go mbeadh. Bhí Garda eile ann agus bhí a mhac ag iarraidh imirt agus diaidh ar ndiaidh d’fhás an tsuim leis an gcúpla camán agus an cúpla sliotar a bhí againn.”

Tarraingíodh Pádraig Ó Corcoráin, príomhoide bhunscoil na mbuachaillí ar an Daingean, isteach chun cúnamh a thabhairt agus eisean a chuir isteach ar an mbeart camán agus trealamh eile ó CLG.

“Dá mba rud é nach mbeadh an rogha sin camán agus clogad againn, is beag seans go mbeadh an tsuim ag na leaideanna ann,” arsa Mac Liam agus é an-bhuíoch do scéim CLG.

Foireann iomána an Daingin i bPáirc an Chrócaigh. Pic: Ramsey Cardy/Sportsfile

Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig Giles O’Grady, oifigeach cóitseála ó bhord an chontae, amach chun seisiúin rialta a dhéanamh leis na gasúir sa scoil, anuas ar an traenáil a dhéantar gach deireadh seachtaine ar Pháirc an Ághasaigh.

“Tá muid lánsásta leis an dul chun cinn. Tá an-suim ag na leaideanna ann, an-suim ag na tuismitheoirí agus bíonn muid ag teacht le chéile gach maidin Domhnaigh. Bíonn an pheil faoi 8 agus faoi 10 ann agus ansin tosaíonn an iomáint ar feadh uair an chloig,” a deir Mac Liam.

“Tá muid ag dul tríd na bunscileanna i láthair na huaire agus tá an-dul chun cinn á dhéanamh, sin an rud is tábhachtaí dúinne.”

Deir Mac Liam nach bhfuil aon chúis ann nach mbeadh chuile páiste sa tír ag iomáint, go háirithe nuair a fheictear an obair atá déanta chun í a chur chun cinn níos faide ó bhaile.

“Nuair a fhéachann tú ar na gasúir ag iomáint thall sa Phalaistín agus na scileanna atá acu, níl aon chúis ann nach mbeadh gach páiste anseo in Éirinn ag imirt,” a deir sé agus é ag tagairt don obair atá déanta ag an ngrúpa GAA Palestine.

Ní hí seo an chéad iarracht atá déanta an iomáint a chur chun cinn sa Daingean, áfach. Bhí foireann na bhfear ann tamall maith ó shin agus an bhliain chéanna gur bhuaigh Paul Geaney a bhonn uile-Éireann le foireann faoi 21 Chiarraí, bhuaigh foireann faoi 14 ón Daingean coirn Roinn 1 sa bpeil agus san iomáint, an chéad uair riamh do chumann i gCiarraí an gaisce sin a dhéanamh. Bhí Barry Dan O’Sullivan agus Tom O’Sullivan, beirt a bheidh le sinsir Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, ar an bhfoireann sin ach bhí orthu siúd a choinnigh leis an iomáint an Daingean a fhágáil chun deis imeartha a fháil.

Easpa tacaíochta a d’fhág gur chlis ar na hiarrachtaí roimhe seo, a deir Mac Liam – “Ní raibh aon suim ag an dream a bhí i gceannas ar an gclub san iomáint” – ach deir sé go bhfuil an-dea-thoil léirithe an uair seo.

Níl ann faoi láthair ach an t-aon fhoireann amháin, áfach, agus thart ar scór buachaillí páirteach. Tá imreoirí ó níos faide siar agus níos faide soir ar an leithinis ina measc agus deir Mac Liam go mbeadh fáilte is fiche roimh aon imreoir óg ó áit ar bith eile i gCorca Dhuibhne teacht agus imirt leo. Is léir gur easpa imreoirí an dúshlán is mó a bheidh le sárú amach anseo chun an iomáint a chur chun cinn sa Daingean.

“An dream atá anois againn an dream deireanach a bheidh foireann iomlán acu mar níl ár ndóthain buachaillí ag teacht chugainn in aon chor. Níl siad ann, níl siad sa bparóiste,” a deir Mac Liam.

“Leis na hAirbnb-anna ar fad atá sa Daingean anois, ní raibh deis ag mórán teaghlaigh óga teach a fháil ar an bhaile. Fadhb atá ann don chumann trí chéile, ní don iomáint amháin.”

Deir Mac Liam gurb iad gaiscígh na hiomána a bhíonn le feiceáil ar an teilifís is mó a spreagann leaideanna óga an Daingin le greim a fháil ar an gcamán ach b’fhéidir go dtabharfadh laoch níos gaire don bhaile spreagadh dóibh chomh maith, go háirithe agus bonn eile ina phóca aige.

“Tá a lán idir lámha ag Paul le Ciarraí agus chuile rud eile faoi láthair ach tagann sé chuig an traenáil anois agus arís. B’fhéidir nuair a bheadh an cluiche ceannais críochnaithe anois go bhfeicfidh muid níos minice é agus go gcabhróidh sé linn chomh maith,” a deir Mac Liam.

Páidí Geaney agus a mháthair Siún i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite. Pic: Ramsey Cardy/Sportsfile

Ní hiad imreoirí óga an Daingin agus Uíbh Ráthaigh an t-aon dream Gaeltachta atá tar éis iarracht a dhéanamh an iomáint a spreagadh ina gclubanna áitiúla. Seans go bhfágfar na camáin sa mbaile agus iad ag déanamh a mbealaigh chuig Páirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine ach tá pacáiste tosaithe faighte ó CLG ag Ard an Rátha, Cill Chartha, Na Dúnaibh agus Naomh Muire i nDún na nGall agus obair ar bun gasúir a chur ag imirt an chluiche.

Thug Daithí Roberts an dúil san iomáint leis ó Aontroim nuair a bhog sé go Gaoth Dobhair agus é lárnach i gcur chun cinn na hiomána in iarthar Dhún na nGall le tamall anuas.

“Bhog mé anseo roinnt blianta ó shin agus, de réir a chéile, cuireadh ceist orm an ndéanfainn iománaíocht i nGaoth Dobhair agus thosaigh mé é. Bhí fear eile ar an gClochán Liath, Cormac Hartnett, agus bhí an iomáint tosaithe aige ansin bliain nó dhó romhamsa,” a mhíníonn Roberts.

“Bhí na huimhreacha íseal ag an dá fhoireann agus de réir mar a bhí na páistí ag dul in aois, rinne muid na foirne a chónascadh. Tá foireann shinsir anois ag an gClochán Liath ach bheadh imreoirí ó na trí chumann – An Clochán Liath, Gaoth Dobhair agus Naomh Muire – ag imirt leis an bhfoireann sin.”

Deir Roberts go bhfuil an toil ann an iomáint a scaipeadh sa gceantar ach gur daoine a fháil chun cúnamh a thabhairt an dúshlán is mó atá ann.

Ní chabhraíonn cúrsaí tíreolaíochta, a deir sé, agus áiteanna ar nós Ghaoth Dobhair agus an Clochán Liath píosa fada ar shiúl ó fhormhór na gcumann eile sa gcontae.

“An fhadhb a bhí againn an taobh seo, in iarthar an chontae, ní raibh club ar bith eile taobh istigh d’uair an chloig taistil. Dúinne nó do na clubanna a bhí ag teacht chugainn, bhí tú ag caint ar uair an chloig taistil chuig cluiche agus uair an chloig eile abhaile.”

Ba mhór an chabhair a bheadh ann, mar sin, má éiríonn leis na hiarrachtaí tuilleadh cumann sa gceantar a fhorbairt. Anuas ar na pacáistí atá tagtha ó CLG, tá Clár na gCluichí Gaelacha, scéim a riarann Roinn na Gaeltachta, ag cur airgid ar fáil le cúpla bliain anuas chun seisiúin iomána a dhéanamh sna bunscoileanna Gaeltachta i nDún na nGall, “ó Ghleann Cholm Cille go Fánad”, a deir Roberts.

Spreagadh eile b’fhéidir a bheadh i macasamhail Chomórtas Peile na Gaeltachta do lucht na hiomána. Bhí baint ag Roberts le comórtas dá leithéid a reáchtáil ar an gClochán Liath cúpla bliain ó shin nuair a ghlac foirne ó Dhún na nGall, Doire agus Maigh Eo páirt agus é i gceist é a chur ar bun arís amach anseo.

“Tharla sé uair amháin ach bhí sé iontach deacair na foirne a fháil ar ais, idir dátaí a shocrú agus rudaí mar sin,” a deir Roberts.

Deir sé go rabhthas i dteagmháil le CLG maidir le tacaíocht a fháil agus go rabhadar “báúil go leor don smaoineamh”.

Mar atá i gceist le cur chun cinn na hiomána in áit ar bith, áfach, ní gan dua a bhainfear an sprioc amach.

“Tá suim ag Gaeilgeoirí ó Bhéal Feirste agus ó chontae an Dúin teacht an chéad uair eile. B’fhéidir nach rud náisiúnta a bheadh ann go fóill ach tá suim ag roinnt clubanna ann.”

Fág freagra ar '‘Nuair a fhéachann tú ar ghasúir ag iomáint thall sa Phalaistín, níl aon chúis nach mbeadh na scileanna acu anseo’ – an iomáint á scaipeadh i gcroílár na caide'