AN SAOITHÍN AERÁIDE: Céard is féidir linne sa chuid eile den domhan a dhéanamh chun an dochar a dhéanfaidh Donald Trump don aeráid a chúiteamh?

Painéil ghréine, baby, painéil ghréine!

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Céard is féidir linne sa chuid eile den domhan a dhéanamh chun an dochar a dhéanfaidh Donald Trump don aeráid a chúiteamh?

Cé chomh dona agus a bheidh Trump don aeráid?

Tá an Saoithín Aeráide ag iarraidh freagra a aimsiú ar an gceist sin ó atoghadh an Trumpach nach mór trí mhí ó shin.

Agus ar ndóigh níl an freagra sin ar fáil. Níl dara uachtaránacht Donald Trump ach ina tús, ní bhíonn tionchar polasaithe polaitiúla ar an aeráid le feiceáil ar an bpointe boise – seans nach mbeifear in ann tionchar an Trumpaigh ar an aeráid a mheas i gceart go ceann 20 nó 50 bliain – agus ní bheidh in aon tuairimíocht faoin gceist ach sin: tuairimíocht.

Gan dabht ní dea-thuartha don aeráid iad cinneadh an Trumpaigh tarraingt amach as conradh aeráide Pháras ná an mana ‘Drill, baby, drill’.

An tSín as an áireamh, is iad na Stáit Aontaithe is mó a sceitheann CO2 san aer faoi láthair agus gan iad beidh sé níos deacra na spriocanna a aontaíodh i bPáras in 2015 a bhaint amach: uasteorainn 2 faoin gcéad Celsius ar an teocht mheánach, fanacht chomh gar agus is féidir d’ardú 1.5 faoin gcéad, agus gearradh siar go mór ar úsáid breoslaí iontaise.

Beidh sé níos deacra fós na spriocanna sin a bhaint amach má leanann tíortha eile drochshampla an Trumpaigh agus má tharraingíonn siad amach as conradh aeráide Pháras freisin; tá sé ráite ag uachtarán na hAirgintíne, Javier Milei, atá go mór ar thaobh na láimhe deise, go bhfuil sé ag cuimhneamh ar a leithéid a dhéanamh chomh maith.

Ach maidir leis an gcuid ‘Drill, baby, drill’ den cheist, seans go mbeidh fuar ag an Trumpach agus ag a chomrádaithe teacht i dtír ar shaibhreas ola agus gáis Mheiriceá.

Is é an chaoi go bhfuil borradh chomh mór sin faoin bhfuinneamh in-athnuaite le bliain nó dhó anuas go bhfuil an fuinneamh in-athnuaite níos saoire, go minic, ná breoslaí iontaise. Beidh ar ola agus gás na Stát dul i gcomórtas le painéil ghréine na Síne agus le muilte gaoithe na Danmhairge. Ceist mhargaidh a bheidh ann ag deireadh an lae agus má bhíonn an t-ádh leis an aeráid, beidh sé níos ciallmhaire ola agus gás Mheiriceá a fhágáil san áit a bhfuil siad: faoin talamh.

Ach seo an Saoithín Aeráide i mbun an ruda nár theastaigh uaidh a dhéanamh: cur leis an tuairimíocht faoi cheist nach mbeifear in ann a fhreagairt i gceart go ceann scór nó leathchéad bliain.

Ní ‘cé chomh dona agus a bheidh Trump don aeráid?’ an cheist ba chóir dúinne sa chuid eile den domhan a chur orainn féin ach, ‘céard is féidir linne a dhéanamh chun an dochar a dhéanfaidh Trump a chúiteamh?’.

Painéil ghréine, baby, painéil ghréine!

Fág freagra ar 'AN SAOITHÍN AERÁIDE: Céard is féidir linne sa chuid eile den domhan a dhéanamh chun an dochar a dhéanfaidh Donald Trump don aeráid a chúiteamh?'

  • Árón

    An sheasfadh painéil ghréine an stoirm sin a tháinig an tseachtain seo caite dá mbeadh feirmeacha díobh san iarthar? Níl a fhios agam…