Scannal Kincora – náire shaolta é go bhfuil laincis á cur ar fheachtas na n-íospartach

Fiosrú neamhspleách le lánchumhacht an rud is lú atá dlite d’íospartaigh Kincora. Ach conas is féidir leo muinín a chur sa chóras iniúchta nuair atá an chuma ar an scéal go bhfuil an bhunaíocht reatha ag iarraidh iad a chur ó dhoras?

KincoraBoys

Ó tháinig Rialtas na Breataine ar pháipéir stáit faoi scannal Kincora, táthar ag treisiú ar an bhfeachtas chun an t-ionad i mBéal Feirste a chur san áireamh sa bhfiosrú faoi phéidifília i Westminster. Tá an chluas bhodhar tugtha d’íospartaigh ag polaiteoirí go dtí seo agus aimhreas méadaithe dá réir.

Thug Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers, an t-eiteachas d’iarratais agus dúirt gur le Fiosrúchán an Bhreithimh Hart i nDroichead na Banna a bhain an t-ábhar a bhí “ar iarraidh” go dtí le gairid. Ní hé gur ceileadh na páipéir go dtí seo, a deir an rialtas; bhíodar i gcomhaid ghinearálta, gan sonraí.

Ní fios go beacht cad atá sna cáipéisí ach neosadh gur sa Cabinet Office, príomhoifig an Phríomh-Aire agus an rialtais a bhíodar. Is léir mar sin go bhfacthas iad san oifig is airde sa Ríocht Aontaithe. Neosadh go bhfuil tagairtí iontu do liomhaintí a rinne oifigeach faisneise ó Arm na Breataine, Colin Wallace, faoi mhí-úsáid ghnéis in Kincora sna seachtóidí chomh maith le líomhaintí faoi Airí, feidhmeannaigh faisnéise agus ambasadóir. Is cosúil go bhfuil tagairt do Kincora i measc líomhaintí faoi William van Straubenzee, Caomhach a chaith seal mar Aire in Oifig Thuaisceart Éireann. Fuair se bás i 1999.

Ní fios an bhfuil eolas nua faoi Kincora iontu ach tá íospartaigh cinnte gur comhthacú iad lena bhfuil líomhnaithe acusan faoin nasc leis an mbunaíocht i Londain. Luíonn sé le réasún, dá bhrí sin, a deir siad, gur cheart d’fhiosrú Westminster Kincora a scrúdú.

Níl lucht feachtais i dTuaisceart Éireann ag déanamh beag is fiú den Fhiosrúchán ar Dhroch-Íde Institiúideach (HIA) ná ag fáil locht air. Is í an fhadhb nach bhfuil an t-údarás ag an mBreitheamh Anthony Hart agus an HIA chun iachall a chur ar dhaoine sa bhunaíocht nó sna seirbhísí faisnéise – MI5 nó MI6 – teacht os a chomhair nó páipéir a sholáthar.

Tá an chumhacht sin ag an mBreitheamh ón Nua-Shéalainn, Dame Lowell Goddard, atá i gceannas ar an bhfiosrú faoi Westminster. Is cosúil go bhfuil an Rialtas Caomhach meáite nach gcuirfear Kincora san áireamh ina fiosrú. Gheall an Dáma, áfach, nuair a ceapadh í tar éis do bheirt ó Shasana eirí as i ngeall ar choimhlint leasa, go mbeadh sí neamhspleách agus go leanfadh sí an fhianaise. Seans gurb é sin an bóthar go Kincora. Údar dóchais é sin d’íospartaigh.

Tá sé ag druidim le dha scór blian ó chualathas líomhaintí faoi mhí-úsaid ghnéis ar bhuachaillí i Kincora i dtosach. Nuair a fiosraíodh an scéal, ciontaíodh triúr fear a bhí ag obair san ionad ach meastar gur ceileadh eolas agus comhaid oifigiúla ag an am le daoine cumhachtacha a chosaint agus gur chuir na seirbhísí faisnéise bac ar fhiosrú an RUC. Máitear gur bhain MI5 leas as an eolas faoi choiriúlacht san ionad chun daoine a ionramháil agus gur chuma sa tsioc leo faoi leas na mbuachaillí.

Táthar ag súil go gcaithfidh na caipeisí nua seo lóchrann i gcuid de na póirsí dorcha i Londain nó go dtreoróidh siad lucht fiosraithe ar an mbealach ceart. Náire shaolta é go bhfuil an Státrúnaí Villiers agus Airí eile ag cur laincis ar fheachtas na n-íospartach. Fiosrú neamhspleách le lánchumhacht an rud is lú atá dlite dóibh. Conas is féidir leo muinín a chur sa chóras iniúchta, áfach, nuair atá an chuma ar an scéal go bhfuil an bhunaíocht reatha ag iarraidh iad a chur ó dhoras?

Cheistigh Tuairisc.ie iompar an rialtais cheana faoin scéal seo, sinn ag fiafraí an raibh an bhunaíocht ag iarraidh an fhírinne a cheilt mar go raibh sí róbhrocach. Cuireann an cur chuige i leith na gcaipéisí nua leis an aimhreas sin.

Seans gurb é an t-aon léas dóchais d’íospartaigh ná go mb’fhéidir go ndéanfadh fiosrú Goddard i Londain cinneadh neamhspleách chun an nasc idir an bhunaíocht agus Kincora a scrúdú.

Fág freagra ar 'Scannal Kincora – náire shaolta é go bhfuil laincis á cur ar fheachtas na n-íospartach'