‘Leithcheal gníomhach’ á dhéanamh ar dhaltaí ‘T1’ scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Tá an tAire Oideachais á ceistiú ag Teachtaí Dála faoin gcóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí agus míshástacht ann faoin gcúrsa atá dírithe ar chainteoirí líofa

‘Leithcheal gníomhach’ á dhéanamh ar dhaltaí ‘T1’ scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Tá freagraí á lorg i dTeach Laighean faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley an tseachtain seo faoin gcóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí.

Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O’Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin gcur chuige marcála don chúrsa T1.

Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí Ghaeilge.

Déanann daltaí scoileanna Béarla an stáit, cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis.

Ach tá cuid mhaith de múinteoirí agus daltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil.

Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann.

Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, cúrsa, dar leis, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste.

Tá sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an bpróiseas sin dhá bhliain ó shin.

Tá amhras mór ar lucht an ghaeloideachais faoin dara cúrsa Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist gan aon chúiteamh nó buntáiste a bheith ar fáil do dhaltaí as scrúdú níos deacra a dhéanamh.

Meastar anois gur beag buntáiste a bhaineann leis an gcúrsa T1 sa tSraith Shóisearach, go háirithe agus gan a leithéid a bheith ann ag an Ardteist go fóill agus an bhraistint a bheith ann go bhfuil marcáil ródhian á déanamh ar an scrúdú.

D’fhiafraigh Sorca Clarke, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, den Aire Oideachais an ndéanfadh sí athbhreithniú ar an gcóras grádála atá á chur i bhfeidhm ar an gcúrsa Gaeilge i scoileanna T1.

Dúirt Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, go raibh “leithcheal gníomhach” á dhéanamh ar dhaltaí Gaeltachta.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil ceist an chórais mharcála don chúrsa T1 sa tsraith shóisearach le plé ag cruinniú a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn ag eagrais Ghaeilge agus oideachais.

Chosain an tAire Oideachais Norma Foley an cúrsa T1 agus dúirt sí go raibh aidhmeanna áirithe leis.

“Táthar ag súil go dtacóidh na hinniúlachtaí agus na tuiscintí ón tsonraíocht sin le cainteoirí dúchais Gaeilge na nithe seo a leanas a dhéanamh: leas a bhaint as na deiseanna le haghaidh úsáid na teanga sa phobal; an Ghaeilge a fhoghlaim ar fud an churaclaim; agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire.

“I ngach bliain ó scrúdaíodh na sonraíochtaí Gaeilge nua don chéad uair sa bhliain 2022 i leith, tá an céatadán de scoláirí a ghnóthaigh grád an gradam beagán níos airde do scoláirí a rinne staidéar ar shonraíocht T1 ná mar atá sé do scoláirí a rinne staidéar ar shonraíocht T2 ag an leibhéal céanna.”

Fág freagra ar '‘Leithcheal gníomhach’ á dhéanamh ar dhaltaí ‘T1’ scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge'

  • Gráinne

    Tá an córas marcála ina mhias! Daoine ag marcáil nár theagasc an cúrsa nua Gaolainne riamh. Daoine ag marcáil nár theagasc leis na cianaibh! Na páistí bochta.

  • Colette

    Tá difríocht mhór idir an “bell curve” sprionlaithe a úsáidtear chun Gaeilge T1 don Teastas Sóisearach a ghrádú i gcomparáid leis an “bell curve” flaithiúil a úsáidtear chun Gaeilge Ardleibhéil na Ardteistiméireachta a ghrádú. Tá smacht ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar na “bell curves” agus ní mór do bheith ag gearán leo sin.
    Seachas luach saothair a thabhairt do dhaltaí na Gaeltachta agus na Gaelcholáistí is píonós atá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag cur urthu as cúrsa T1; cúrsa atá éigeantach dos na daltaí sin!