Dúshlán na ndáilcheantar le sárú ag an gCoimisiún Toghcháin

Tá go dtí Dé Céadaoin seo chugainn ag an bpobal lena dtuairimí a chur in iúl faoi leagan amach na ndáilcheantar

Dúshlán na ndáilcheantar le sárú ag an gCoimisiún Toghcháin

Tiocfaidh tréimhse chomhairliúcháin phoiblí an choimisiúin toghcháin chun críche Dé Céadaoin seo chugainn. Tá an coimisiún ag iarraidh ar an bpobal páirt a ghlacadh sa bpróiseas agus a gcuid tuairimí a chur in iúl. Ach an gcuireann daoine suim ina leithéid de phróiseas? Agus má chuireann, cén fáth?

Faoi láthair tá 106 Teachta Dála againn. Tá na treoracha faoi mhéid na ndáilcheantar leagtha amach sa Bhunreacht. Níor mhór de réir na rialacha sin go mbeadh idir 20,000 agus 30,000 de dhaonra i ngach dáilcheantar. I láthair na huaire níl ach dáilcheantar amháin sa tír a bhfuil daonra níos lú ná 30,000 ann.

Beidh obair an choimisiúin bunaithe ar thorthaí daonáirimh – 5,123,536 daonra an stáit faoi láthair agus mar thoradh air sin tá sé tugtha le fios ag an gcoimisiún cheana féin go idir 171 agus 181 ball atá á moladh acu don chéad Dáil eile.

Tá cúpla rud spéisiúil le tabhairt faoi deara faoin méid atá á mheas ag an gcoimisiún.  Tá an treoir bhunreachtúil bunaithe ar dhaonra dáilcheantair agus ní ar an líon daoine atá i dteideal vótála. Díol spéise an mbeidh tionchar ag an ardú suntasach a tháinig ar dhaonra roinnt ceantar mar thoradh ar dhaoine atá aslonnaithe as an Úcráin a bheith tagtha isteach sa gceantar.

D’fhéadfadh cúpla céad duine nua i ndáilcheantar cathrach an comhdhéanamh a athrú go suntasach, fiú má chuirtear san áireamh nach mbeadh cead vótála acu in olltoghchán.

Ceist eile is ea cé mhéad airde a thabharfar ar an tíreolas. Ag breathnú ar na haighneachtaí atá curtha faoi bhráid an choimisiúin go dtí seo, is díol suntais go mbaineann go leor díobh le ceantair an-bheag a aistriú ó dháilcheantar amháin go ceann eile. Maíonn an Teachta Dála Marc MacSharry gur cheart aird a thabhairt ar theorainneacha contae agus gan a bheith ag bunú dáilcheantair ina mbeadh sciar de thrí nó ceithre chontae ann, mar atá san iarthuaisceart faoi láthair.

An deacracht, ar ndóigh, go bhfuil an daonra beag agus ag laghdú in áiteacha go leor faoin tuath agus go gcaitear teorainneacha contae a ghearradh ar bhealach mínádúrtha ar mhaithe le háit a dhéanamh in áiteacha ar nós oirthear na tíre.

Mar thoradh ar an dlús daonra in oirthear na tíre, ó Dhún Dealgan ó dheas go Carn Uí Néid, is ann atá an líon is mó Teachtaí Dála. Is ansin a bheidh na dúshláin is mó don choimisiún ionadaíocht chothrom a thabhairt do dhaonra ard. Ceist do lá eile an imní i gceantair ar an gcósta thiar agus i gceantair tuaithe go mbeidh siadsan fágtha gann ar ionadaithe poiblí mar go gcaithfear dáilcheantair mhóra liopasta a chruthú leis an gcomhdhéanamh ó thaobh daonra a shásamh.

Is beag inár measc, bí cinnte, a chuirfidh peann le pár, roimh Dé Céadaoin seo chugainn. Ní hin le rá nach mbeidh muid ag éagaoineadh má chítear dúinn lá níos faide anonn nach bhfuil an ionadaíocht chuí á fáil againn.

Seo an áit le do thuairim a chur in iúl más áil leat do chuid a rá – constituencyreview@electoralcommission.ie.

Fág freagra ar 'Dúshlán na ndáilcheantar le sárú ag an gCoimisiún Toghcháin'