Corónú Mbappé nó fuascailt ar deireadh do Messi?

Casfaidh an bheirt imreoirí is fearr ar domhan ar a chéile tráthnóna, duine acu ag iarraidh an corn a bhfuil a shaol caite aige sa tóir air a bhuachan agus an fear eile ag iarraidh a bheith ar dhuine den bheagán a bhfuil sé buaite faoi dhó acu

Corónú Mbappé nó fuascailt ar deireadh do Messi?


3.00in

An Fhrainc v An Airgintín. Messi v Mbappé. An rí v an léiroidhre.

Ní fhéadfadh lucht eagraithe Chorn an Domhain 2022 cluiche ceannais níos fearr a roghnú i ndiaidh na conspóide uile a bhain leis an gcomórtas sa Chatar, má chuir an chonspóid as dóibh ar chor ar bith.

Casfaidh an bheirt imreoirí is fearr ar domhan ar a chéile tráthnóna, duine acu atá ag iarraidh an corn a bhfuil a shaol caite aige sa tóir air a bhuachan agus an fear eile ag iarraidh a bheith ar dhuine de bheagán daoine a bhfuil sé buaite faoi dhó acu.

Bhí an dá fhoireann i measc roghanna na coitiantachta ag tús an chomórtais ach théis an chéad bhabhta, is beag duine a cheap go mbeadh an cluiche ceannais seo againn.

Chlis an Airgintín go tubaisteach in aghaidh na hAraibe Sádaí ina gcéad chluiche ach tá teacht aniar nach beag léirithe acu chun cluiche ceannais an lae inniu a bhaint amach.

Tá an dá thaispeántas is fearr a bhí acu go dtí seo sa Chatar tugtha acu le dhá chluiche anuas. Rinneadar praiseach de dheireadh an chluiche ceathrú ceannais in aghaidh na hÍsiltíre ach bhí siad i gceannas d’fhormhór an chluiche sin agus chuir siad an Chróit de dhroim seoil go héasca sna babhtaí leathcheannais.

Ar an lámh eile, níl cuma chomh dochloíte céanna ar an bhFrainc is a bhí níos luaithe sa chomórtas. Rinne Mbappé raic sa chéad chúpla cluiche, ach cé go bhfuaireamar léiriú nó dhó ar a chumas in aghaidh Shasana agus Mharacó, ní raibh an tionchar céanna aige ar an imirt sna cluichí sin.

Bhí an Fhrainc faoi bhrú ar feadh tréimhsí fada sa dá chluiche sin chomh maith. Bhí an t-ádh orthu gur lasc Harry Kane a dhara cic éirice thar an trasnán ins gcluiche in aghaidh Shasana agus cé nár scóráil Maracó sa chluiche leathcheannais Dé Céadaoin seo caite, bhí deiseanna go leor acu.

Roimh leath ama agus ar feadh cuid mhaith den dara leath, bhí na Maracaigh i gceannas ar an imirt agus ní raibh an Fhrainc in ann seilbh a choinneáil ar an liathróid ar chor ar bith.

Tháinig formhór den imirt mhaith a rinne Maracó ar thaobh na láimhe clé s’acu agus é soiléir go raibh siad ag díriú ar chliathán deas na Fraince. Bhí comhimirt mhaith ann idir Azzedine Ounahi, Hakim Ziyech agus Achraf Hakimi agus is beag cúnamh a bhí á fháil ag leathchúlaí clé na Fraince, Theo Hernández. Duine de na himreoirí is fearr ar domhan é Kylian Mbappé ach ní déarfá go deo gur cosantóir maith é agus d’fhág sé Hernández faoi bhrú go minic.

D’athraigh treo na himeartha nuair a bheartaigh Didier Deschamps Mbappé a bhogadh isteach ón gcliathán agus Marcus Thuram a thabhairt isteach in áit Olivier Giroud chun cúnamh a thabhairt do na cosantóirí. Ní raibh an rath céanna ar Mharacó ar an taobh sin den pháirc ina dhiaidh sin.

Níl Deschamps chun Giroud a fhágáil amach sa chluiche ceannais, áfach, rud a fhágann go mbeidh Mbappé ar an gcliathán arís tráthnóna. Is cinnte go mbeidh air níos mó oibre a dhéanamh chun tacú le Hernández toisc gurb é Lionel Messi a bheidh ar an taobh sin den pháirc.

Ar ndóigh, ní bheidh a theanga bheag amuigh ag Messi ag rith i ndiaidh Mbappé nuair nach bhfuil an liathróid ag an Airgintín agus tá cinneadh le déanamh mar sin ag an mbainisteoir Lionel Scaloni faoi leagan amach na foirne. Ceathrar cosantóirí a bhí in úsáid ag an Airgintín d’fhormhór an chomórtais ach d’imríodar le cúigear ar chúl in aghaidh na hÍsiltíre agus d’fhéadfadh Scaloni Lisandro Martínez a thabhairt isteach más mian leis tuilleadh cúnaimh a thabhairt do Nahuel Molina ar thaobh na láimhe deise.

Cinneadh mór a bheadh ann an fhoireann a athrú agus an taispeántas is fearr go dtí seo sa chomórtas tugtha ag na hAirgintínigh nuair a bhuaigh siad 3-0 in aghaidh na Cróite sa chluiche leathcheannais.

Is fíor go raibh cuma thuirseach go maith ar an gCróit ach bhí an Airgintín an-chumasach. Messi a thuill an chuid is mó den mholadh arís. Scóráil sé cic éirice agus bhí baint aige leis an dá chúl eile. Cuimhneofar go ceann i bhfad ar an ruathar dochreidte a rinne sé chun an cúl deireanach a chruthú. Is é Julián Álvarez a d’aimsigh an dá chúl eile, fear a bhfuil beocht curtha san fhoireann aige ó tugadh isteach mar ionadaí é sa chéad chluiche.

Tá lár páirce na hAirgintíne an-tábhachtach. Tá cruthaithe go maith ag Rodrigo de Paul agus ag Enzo Fernández sna cluichí go dtí seo ach tá moladh ar leith ag dul do Alexis Mac Allister, a dhéanann an-chuid oibre sa trian láir den pháirc. Beidh iarracht mhór eile ag teastáil uaidh anocht freisin, go háirithe má táthar le srian a chur ar Antoine Griezmann.

Deacracht amháin atá ag an bhFrainc gur léir go bhfuil tinneas ag cur as don champa. Chaill Adrien Rabiot agus Dayot Upamecano an cluiche in aghaidh Mharacó de bharr tinnis agus tuigtear go bhfuil Kingsley Coman buailte anois. Bhí Ibrahima Konaté ar fheabhas i lár na cosanta nuair a thosaigh sé in áit Upamecano in aghaidh Mharacó agus d’fhéadfadh sé a áit ar an bhfoireann a choinneáil don chluiche ceannais.

Nuair a chas an Fhrainc agus an Airgintín ar a chéile i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn an Domhain in 2018, rinne na Francaigh agus Kylian Mbappé scrios ar a gcéilí comhraic cé nár chríochnaíodar ach cúl amháin chun tosaigh, 4-3.

Is beag seans go bhfeicfear an oiread céanna cúl tráthnóna ná go mbeidh bearna chomh mór idir na foirne, ach ní haon iontas a bheadh ann dá mbeadh an toradh céanna ann ar deireadh.

Fág freagra ar 'Corónú Mbappé nó fuascailt ar deireadh do Messi?'