Sclábhaíocht, breabaireacht agus bás – seo chugainn Corn an Domhain 2022

Seans gurb é an rud is fearr faoi thús Chorn an Domhain 2022 sa Chatar ná go mbeidh muid lá níos giorra don lá go mbeidh sé thart

Sclábhaíocht, breabaireacht agus bás – seo chugainn Corn an Domhain 2022

Ní haon rud nua é conspóid a bheith ag baint le Corn Sacair an Domhain.

Ba í aisling Benito Mussolini Corn an Domhain 1934, an dara ceann riamh, a reáchtáil san Iodáil agus é ag iarraidh buanna an fhaisisteachais a chur os comhair an domhain mhór. Cuireadh fís Il Duce i gcrích. Bhí sé i láthair sa Stadio Nazionale sa Róimh nuair a bhuaigh an Iodáil an cluiche ceannais.

In 1978, reáchtáladh an comórtas san Airgintín, tír a bhí faoi ghiunta brúidiúil míleata ag an am. Imríodh an cluiche ceannais sin san Eastadio Monumental, cúpla céad slat ó phríosún inar céasadh agus maraíodh na mílte príosúnach. Dúirt an líon beag daoine a tháinig slán ón bpríosún sin go raibh siad in ann an slua sa staid a chloisteáil ag ceiliúradh nuair a bhuaigh an Airgintín Corn an Domhain den chéad uair riamh.

Is le teann náire a bhreathnaítear siar anois ar an gCorn Domhanda deireanach sa Rúis freisin. Bhí formhór againn sásta dearmad a dhéanamh ar na coireanna a rinneadh sa Chrimé, sa tSeoirsia agus sa tSeisnia don ‘fhéile sacair’ ach tá an comórtas sin anois chomh míchlúiteach le Cluichí Oilimpeacha 1936.

Ba dheacair iad sin a shárú cheapfá ach ó bronnadh an comórtas ar Chatar dhá bhliain déag ó shin, tá Corn an Domhain 2022 ag dul gar dó leis na conspóidí faoi bhreabaireacht, faoi sclábhaíocht, faoi bhás oibrithe, faoi cheilt cearta daonna agus neart eile.

Léirigh an próiseas bronnta an chaimiléireacht a bhí ar bun ag feidhmeannas FIFA faoi cheannas Sepp Blatter ach, ina ainneoin sin, ní raibh aon cheist ann nach n-imreofaí an comórtas i gCatar.

Ba ghá sé cinn den ocht staid a bheidh in úsáid don chomórtas a thógáil as an nua. Oibrithe imirceacha ó dheisceart na hÁise agus ón Afraic a rinne an obair den chuid is mó. Tá fianaise go leor ann faoi cé chomh dona agus atá na dálaí maireachtála ag na hoibrithe seo agus cé chomh dainséarach is atá a gcuid oibre. Tuairiscíodh ar The Guardian gur bhásaigh breis is 6,500 oibrithe imirceacha sa Chatar idir 2011-2020. Bhí formhór acu ag obair ar fhorbairtí a bhain le Corn an Domhain. Deir na húdaráis sa Chatar, áfach, nár bhásaigh ach triúr a bhí ag obair ar thograí tógála don chomórtas.

Deir an lucht eagraithe freisin go mbeidh fáilte roimh an phobail LADTA go dtí an comórtas ach tugadh léargas ar an bhfíormheon atá ann sa tír nuair a dúirt Khalid Salman, iar-imreoir de chuid Chatar agus duine d’ambasadóirí Chorn an Domhain, an mhí seo gur “fabht san intinn” “is cúis” leis an homaighnéasacht.

Táthar ann a deir nár cheart go mbeadh Corn an Domhain bronnta ar Chatar ach go dtarraingeoidh an comórtas aird an domhain ar na fadhbanna atá sa tír. Is beag sólás a bheidh ansin do na mairbh agus dóibh siúd atá faoi chois i gcónaí.

Shamhlófá go bhféadfadh tús na gcluichí ruainne faoisimh a thabhairt do dhuine ón gconspóid agus ón uafás ach tá conspóid ag baint le sceidealú na gcluichí chomh maith.

Nuair a bronnadh Corn an Domhain ar Chatar ar dtús, maíodh go n-imreofaí é le linn an tsamhraidh mar is gnách agus go dtógfaí córais aerchóirithe iontacha chun cúrsaí a dhéanamh níos compordaí do na himreoirí agus do na daoine sna seastáin. Aisling bhréige nó bréag amach is amach a bhí ann, áfach agus fógraíodh go reáchtálfaí an comórtas sa gheimhreadh.

Chun freastal ar an athrú sin, ba ghá cluichí na gclubanna ar fud na hEorpa a bhrú isteach i dtréimhse ghearr ama agus tá na himreoirí ag íoc as.

Bíonn imreoirí mór le rá ann i gcónaí a chailleann amach ar Chorn an Domhain de bharr gortuithe ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí i bhfad níos measa an uair seo.

Nuair a imrítear Corn an Domhain i rith an tsamhraidh, bíonn thart ar thrí seachtaine ag imreoir teacht chuige féin i ndiaidh an tséasúir club ach i mbliana imríodh cluichí club seachtain roimh thús an chomórtais. Tá imreoirí i mbaol cailleadh amach ar an gcomórtas uile má bhíonn gortú beag ag cur as dóibh.

Bhí go leor ann ag súil leis an tSeineagáil, curaidh na hAfraice, a fheiceáil i gcomórtas na bliana seo. Níor éirigh le foireann ón Afraic na babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Domhain a bhaint amach ach trí huaire – Camarún in 1990, an tSeineagáil féin in 1998 agus Gána in 2010 – ach bhí súil ann go bhféadfadh foireann seo na Seineagáile sin a dhéanamh agus dul níos faide fiú.

Cuireadh sin uile i mbaol nuair a gortaíodh Sadio Mané agus é ag imirt do Bayern Munich níos lú ná coicís roimh an gcéad chluiche ag an tSeineagáil. Is é Mané laoch na foirne, fear a bhfuil an gradam don imreoir is fearr san Afraic buaite dhá uair as a chéile aige ach anois ní bhfaighidh sé deis dul chun páirce sa Chatar.

Ni hí foireann na Seineagáile amháin atá buailte agus cuid de na himreoirí is fearr ar domhan ar lár. Tá beirt a bhí lárnach i mbua na Fraince in 2018 – Paul Pogba agus N’Golo Kanté ar iarraidh, mar atá Reece James agus Ben Chillwell Shasana, Marco Rues agus Timo Werner na Gearmáine, Diogo Jota na Portaingéile, Giovanni Lo Celso na hAirgintíne agus neart eile.

Feicfear cúil den scoth, cluichí iontacha agus gaiscí a gcuimhneofar go deo orthu as seo go ceann míosa ach seans gurb é an rud is fearr faoi thús Chorn an Domhain 2022 sa Chatar ná go bhfuil muid lá níos giorra don lá go mbeimid réidh leis.

Fág freagra ar 'Sclábhaíocht, breabaireacht agus bás – seo chugainn Corn an Domhain 2022'

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Corn an Domhain sa Chatar

    Mo cheol thú a Phádraic Uí Chiardha ,

    as an alt den scoth seo a chuireann sinn ar an eolas faoin easpa cearta daonna do mhuintir na tíre sin agus do na himircigh, do na mná do na daoine aeracha áta á gceilt ag FIFA agus lucht rachamais caipitiligh an Domhain lena gcuid bolscaireachta náireach.

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    (Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************