Scéal bean óg atá ag dul in adharca righneas an chórais soláthar díreach

Saothar teanntásach é ‘Aisha’ a thugann léargas ar chóras soláthar díreach na hÉireann

Scéal bean óg atá ag dul in adharca righneas an chórais soláthar díreach

Aisha
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Frank Berry
Cliar: Letitia Wright, Josh O’Connor, Theresa O’Connor

Tá córas soláthar díreach na hÉireann cáinte i gcéin agus i gcóngar. Ar an gcéad luí súl shamhlófá gur córas neamhurchóideach, cabhrach é; lóistín, bia agus liúntas airgid á dtabhairt do lucht iarrtha tearmainn a theith lena n-anamacha ón bhfód dúchais. An ga san eireaball ná go gcuireann an córas céanna srianta oibre is saoil maslacha ar na daoine seo.

Lena chois sin níl an lóistín ná an cineál saoil seo oiriúnach don bhfadtréimhse.

Go deimhin ceapadh an córas an chéad lá riamh mar réiteach gearrthréimhseach ar ghéarchéim lucht iarrtha tearmainn. Ní mar a pleanáladh a bhí agus caitheann daoine blianta sáinnithe go dubhach sa chóras seo.

Duine díobh siúd í Aisha (Wright), bean óg a theith ón Nigéir nuair a dúnmharaíodh a hathair agus a deartháir go brúidiúil. B’éigean di a máthair a fhágaint ina diaidh nuair a thug sí maoin a saoil do smuglálaithe len í a iompar go hÉirinn. Tá sí gafa sa chóras le bliain agus í in aon seomra le máthair agus iníon a bhfuil an tsúil ribe orthu le cúig bliana.

Címid í ag brácáil leis an saol; an leadrán agus an t-éadóchas. Í i bpatrún coinneála faoi mar a déarfadh lucht na n-eitleán. Ceadaíodh di post a fháil tar éis naoi mí, rud a thugann faoiseamh éigin di. Címid tarcaisne agus mídhaonnacht an chórais nuair nach gceadaítear di bia halal a théamh sa oigheann micreathonnach.

I radharc eile níos faide anonn címid an ciníochas agus fuath ban nuair dhéanann buíon ógánach airgead a thairiscint di ar ghnéas.

Tríd is tríd, áfach, ní chaitheann daoine go holc léi, is amhlaidh go bhfuilid ar nós cuma liom fúithi agus faoi mhídhaonnacht an chórais.

Eisceacht is ea an garda slándála Conor (O’Connor), fear óg a bhfuil a dheacrachtaí féin aige; tréimhse caite i bpríosún aige, mí-úsáid déanta air ina óige agus bhí sé gafa le drugaí tráth. De réir a chéile cothaítear nasc agus cairdeas eatarthu. Tá rud éigin soineanta, álainn faoin mbeirt ghonta seo a bheith ag fail suaimhnis i gcomhluadar a chéile.

Sí Wright a dhéanann mórán den saothar a iompar agus tugann sí taispeántas cumasach uaithi. Bean uasal, teanntásach, mórálach; bean a bhí ag staidéar san ollscoil sara dtáinig an tragóid is an foréigean sa mhullach uirthi. Í ag dul in adharca righneas an chórais soláthar díreach agus ag broc leis an gcóras dlíthiúil, maorlathach.

Is minic sinn i dtaobh le seatanna dá cuntanós agus léiríonn na seatanna sin iontu féin na huafáis a bhfuil sí gafa tríothu. Tá a dlíodóir ag iarraidh uirthi a bheith chomh hoscailte agus deisbhéalach agus is féidir faoi na heachtraí ar mhaithe le cluas éisteachta a fháil ós na húdaráis.

Is amhlaidh nach bhfuil sí in ann focail a chur ar na huafáis sin nó ní theastaíonn uaithi tubaistí pearsanta a chur os comhair an tsaoil mhóir mar sheó de shaghas éigin.

Saothar teanntásach a thugann drochléiriú ar chóras soláthar díreach na hÉireann.

Fág freagra ar 'Scéal bean óg atá ag dul in adharca righneas an chórais soláthar díreach'