Breis is €600,000 déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin

Fuair an scannán de chuid na scéime Cine 4 léirmheasanna cúig réalta agus é ar an scannán Gaeilge is rathúla riamh

Breis is €600,000 déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin

Tá breis is €600,000 déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain.

Ó cuireadh amach i lár mhí na Bealtaine é, €610,000 a ghnóthaigh an scannán teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

Ag deireadh na seachtaine seo caite, bhí an chéad fhadscannán leis an stiúrthóir Colm Bairéad ag uimhir 14 ar liosta an 20 scannán is mó a thuill airgead in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Roimhe seo ba é Arracht, an scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, an scannán Gaeilge ba mhó a thuill airgead ag oifig na dticéad.

An é ‘An Cailín Ciúin’ an scannán Éireannach is fearr riamh?

€164,000 a ghnóthaigh Arracht in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe anuraidh.

Bhí An Cailín Ciúin le feiceáil in thart ar 70 pictiúrlann in Éirinn agus i 30 ceann sa Bhreatain.

Fuair an scannán de chuid na scéime Cine 4 léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana. 

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Chomh maith leis sin, tá an iliomad duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Robert McCann Finn ó Breakout Pictures, dáileoir an scannáin in Éirinn,  gur sháraigh An Cailín Ciúin aon rud a bhíothas ag súil leis. 

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist an scannán a aistriú go dtí ardán sruthaithe tar éis tamaill agus iarracht a dhéanamh aird lucht na ngradam mór a bhronnadh air. 

Tá ráite cheana ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gurb é mian an stáisiúin do Cine 4 gradam Oscar a bhuachan.

Tá ag éirí an-mhaith go dtí seo leis an scéim scannán, comhfhiontar idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI a bhfuil faoi dhá fhadscannán Gaeilge a sholáthar in aghaidh na bliana. Dar le Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir An Cailín Ciúin, gur i bhfeabhas a rachaidh cúrsaí don scéim. Dúirt sí go mbeadh deis ag daoine go luath a thuilleadh scannán Gaeilge a fheiceáil, cinn atá á bhforbairt agus á léiriú faoi láthair

“Istigh i lár an chuaifigh atáimid i gcónaí. Ní dóigh liom go dtiocfaidh sos ar bith ar an tonn seo,” arsa Cleona Ní Chrualaoi ón gcomhlacht Inscéal, léiritheoirí An Cailín Ciúin.

Fág freagra ar 'Breis is €600,000 déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin'

  • Amhairghin

    comhghairdeas leo! chonaic mé an scannán an mhí seo caite – scannán den chéad scoth atá ann gan aon agó! mholfainn daoibh dul agus breathnú air má’s féidir