Thug an scannán ‘An Cailín Ciúin’ siar mé…

Théis di scannán Gaeilge a fheiceáil, bhí ár gcolúnaí fiosrach faoi scéal ‘altramais’ a bhain lena muintir féin

Thug an scannán ‘An Cailín Ciúin’ siar mé…

Thug an scannán ‘An Cailín Ciúin’ siar mé. Ní mise an duine a cuireadh amach ‘ar altramas’, ach duine eile sa chlann. Chuala mé corrscéal faoi i gcaitheamh na mblianta ach bhí mé fiosrach fós théis an scannán a fheiceáil.

Shocraigh mé glaoch a chur uirthi chun labhairt léi faoin seal a chaith sí Tigh Hanley, siar sna 1940idí. B’in tamall maith de bhlianta sular tharla scéal an scannáin ach bhí barúil agam go raibh cosúlachtaí láidre ann leis an scéal sin.

Scríobh mé cheana ar an suíomh seo faoi m’aintín, an tSr Phyllis, go háirithe faoina suim san ealaín. Bheadh sí breá sásta labhairt liom, a dúirt sí, agus chaith sí an oíche ag bailiú a cuid smaointe agus a cuimhní chuici féin.

Bhí an-suim ag mo sheanmháthair i gcúrsaí oideachais agus chuir sí a cuid páistí ag scoileanna áirithe ag brath ar thorthaí na scoileanna sin sna scrúduithe.

Rinne Phyllis rud éigin lá nár thaitin rómhaith leis an máistir scoile áitiúil. Bhagair sé uirthi go mbeadh sí aige sa gcéad bhliain eile agus ba léir ón méid a dúirt sé go mbeadh sé ag tromaíocht uirthi.

‘D’insíodh muide chuile rud sa mbaile,’ arsa Phyllis agus í ag cur tús lena scéal. D’inis sí faoin máistir scoile agus an bhagairt uirthi. Ar an bpointe, chinn mo sheanmháthair nach ligfeadh sí ar ais chun na scoile sin í sa bhfómhar. Bheadh sí ag freastal ar an scoil bheag tuaithe a raibh mo mháthair ag múineadh inti, agus bheadh sí ag fanacht Tigh Hanley in éindí léi, a d’fhógair sí.

Ní ‘ar altramas’ a bhí Phyllis i ndáiríre, toisc go raibh mo mháthair, a deirfiúr, ag fanacht léi. I gCúil Áine, i gcontae Shligigh a bhíodar ach deir sí liom gur Cnoc an Tóiteáin an t-ainm a bhí ar an mbaile ina raibh muintir Hanley ag cur fúthu. Scoil aon mhúinteora a bhí sa scoil a raibh mo mháthair ag múineadh inti. Ar an mbus a chuadar ann agus bhailigh fear a’ tí iad sa gcarr capaill.

‘Bhí sceitimíní áthais orm ag dul ann,’ a deir sí anois. Agus cé gur airigh sí uaithi na páistí óga eile sa mbaile, choinnigh sí an t-uaigneas sin chuici féin. Bhí mo mháthair mar mhúinteoir scoile aici agus bhí muintir Hanley an-lách léi.

‘Bhí teach mór galánta acu, le seomra suite a raibh togha an troscáin agus rudaí deasa istigh ann- ar ndóigh, níor baineadh aon úsáid as ach amháin nuair a thagadh an sagart paróiste ar cuairt,’ a deir sí anois.

‘Agus céard faoi scéal an cháca pósta?’ a d’fhiafraigh mé féin di.

‘Bhí Mrs Hanley ag ceiliúradh lá a pósta,’ dúirt Phyllis, ag cuimhneamh siar. ‘Thóg sí bosca stáin anuas ó bharr an chófra agus céard a bhí istigh ann ach an ceathrú chuid den cháca pósta. Ba é an chéad uair é ar ith mé cáca dá leithéid.’

Cé gur bhain sí taitneamh as an gcáca, bhí an-iontas uirthi nuair a insíodh di go raibh an cáca coinnithe sa stán le cúpla bliain.

‘Ní sheasfadh cáca ar bith ach cúpla uair a’ chloig sa teach s’againne,’ arsa Phyllis. Ní fhéadfadh sí a chreidiúint go gcoinneodh aon duine cáca ar feadh an achair sin.

Ach bhí cuimhne eile agamsa ar an gcáca céanna. Caithfidh sé gurb í mo mháthair a d’inis dom faoi na blianta ó shin. Bhíodh sé ina thraidisiún go gcoinnítí an ‘tier’ ó bharr an cháca pósta le go mbeadh sé ag an lánúin le haghaidh baisteadh an chéad pháiste. Ach níor tháinig an páiste.

Níl a fhios cén t-achar a bhí an cáca thuas ar bharr an chófra go dtí gur tosaíodh ag baint méiríní beaga as do chuairteoirí. Bhí an dóchas caillte ar aon nós.

Bhain na Hanleys an-cheart de Phyllis. Agus thaitin a tréimhse sa teach mór léi. Anois is arís théadh sí abhaile don deireadh seachtaine le mo mháthair. Chuireadh mo mháthair suas ar chúl an rothair í agus théadh an bheirt acu chomh fada leis an mbus. Cuireadh an rothar suas ar dhíon an bhus in éindí le rothair agus pacáistí eile agus abhaile leo. Agus amanta d’fhanadh sí go sona sásta thar an deireadh seachtaine in éindí leis an lánúin. Ní rabhadar sean ach bhíodar ag dul amach sna blianta.

Agus díreach cosúil leis An Cailín Ciúin, chabhraíodh Phyllis le hobair na feirme. Bhí bean a’ tí chomh maith agus chomh láidir le feirmeoir ar bith eile. Théadh an cailín óg amach léi ag fosaíocht beithíoch, ag baint an fhéir agus ag bailiú ‘na riachtanas’ cúpla míle síos an bóthar ar an rothar.

Ansin uair amháin, fuaireadar scéal nach raibh an tsláinte go maith ag céile dearthár fhear a’ tí.  Bhí páiste aici a bhí deich mí d’aois. Dúirt muintir Hanley le Phyllis go raibh siad ‘le páiste a fháil’.

Tháinig an leanbh Francis chucu agus bhí an-áthas ar Phyllis a raibh taithí aici ar lán a’ tí de ghasúir. Mhaígh sí gurb ise an t-aon duine a bhí in ann an páiste a stopadh ó bheith ag caoineadh. Théadh sí síos ar an urlár go mbeadh sí ar aon leibhéal leis an leanbh a bhí ag caoineadh sa chliabhán. Agus bhíodh siad ag baint an-cheart dá chéile.

‘Bhí an-trua agam don leanbh bocht,’ arsa Phyllis ag cuimhneamh siar ar an mbliain a chaith sé leo. ‘Sílim nach raibh an ‘nádúr’ ag bean a’ tí níos mó le haghaidh gasúir bheaga.’

Ach faoin tráth sin, bhí an cáca pósta ite, bhí an lánúin éirithe sean agus cé a thógfadh orthu é mura raibh aon taithí ná tuiscint acu ar leanbh a bheadh ag caoineadh ó am go ham? Thóg an chlann an páiste ar ais.

Tar éis dhá bhliain agus í sona sásta lena seal ar scoil agus ar lóistín i gCnoc an Tóiteáin, d’fhill Phyllis ar Na Fáilíní agus ar a teaghlach. Phós mo mháthair an fear ard tanaí a thugadh cuairt anois is arís ar an seomra suí álainn agus a chas an veidhlín uaireanta do na deirfiúracha agus do mhuintir Hanley.

Thit an ciúnas arís ar an teach i gCnoc an Tóiteáin. Cuireadh na soithígh agus na gloiní maithe ar ais sa chófra gloine. Agus coinníodh an seomra suite deas glan le súil is go dtiocfadh an sagart paróiste thart ar cuairt.

Fág freagra ar 'Thug an scannán ‘An Cailín Ciúin’ siar mé…'

  • John

    Alt álainn, saol eile cinnte. Go raibh maith agat as é a roinnt.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Tá fáilte romhat a John
    MNíN

  • an tSr Phyllis

    Ó a Mhairéad, tá cuimhní cinn thar barr agat – fiú an bosca stáin agus a raibh ann! Tá an talt an-spraíúil, lean leat leis an scríobh!

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Agus chuaigh an tSr Phyllis céanna chuig an scannán aréir i mBéal an Átha le duine eile de na siúracha, an tSr Nancy. Thaitin sé thar barr leo!

  • Mártan

    Lá dá raibh. Curtha le chéile go healaíonta a Mhairéid.