An Úcráin ‘réidh’ chun ‘stádas neodrachta’ a phlé ar mhaithe leis an tsíocháin

Dúirt urlabhraí de chuid na Rúise go bhféadfadh gur amárach, Dé Máirt, a chuirfí tús sa Tuirc leis na cainteanna síochána aghaidh ar aghaidh is déanaí

An Úcráin ‘réidh’ chun ‘stádas neodrachta’ a phlé ar mhaithe leis an tsíocháin

Deir Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go bhfuil a thír “réidh” chun “stádas neodrachta” a phlé ar mhaithe le stop a chur leis an gcogadh.

Dúirt urlabhraí de chuid na Rúise go bhféadfadh gur amárach, Dé Máirt, a chuirfí tús sa Tuirc leis na cainteanna síochána aghaidh ar aghaidh is déanaí.

Dúirt Zelensky go rabhthas sásta chomh maith iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach mar gheall ar stádas an cheantair Donbas in oirthear na hÚcráine.

Dúirt an tUachtarán Zelensky go gcaithfí aon mhargadh síochána a dhéanfaí leis an Rúis a chur faoi bhráid mhuintir na hÚcráine lena mbeannacht a fháil. Chaithfeadh tíortha eile gealltanais a thabhairt don Úcráin ó thaobh cúrsaí slándála, a dúirt sé.

Dúirt údaráis na hÚcráine nach raibh sé i gceist na bealaí éalaithe amach as cathracha na tíre a oscailt inniu mar go raibh foláirimh faighte acu go bhféadfadh go gcuirfeadh fórsaí na Rúise isteach ar na bealaí.

Cúig seachtaine i ndiaidh thús an ionraidh, lean an Rúis ar aghaidh lena gcuid ionsaithe.

Dúirt Méara Mariupol go bhfuil an an chathair chalafoirt atá faoi léigear le mí anuas, i mbéal na tubaiste agus go gcaithfí an uile dhuine a thabhairt slán aisti.

Deir seirbhísí faisnéise na Breataine gur beag dul chun cinn eile atá déanta ag an Rúis de bharr fadhbanna eagrúcháin, cosaint láidir na hÚcráine agus “easpa fuinnimh agus misnigh”.

Tá imní ar údaráis na hÚcráine go bhféadfadh gurb é an rún atá ag an Rúis anois ná oirthear na tíre a ghabháil agus í a dheighilt idir na ceantair atá faoina smacht agus na ceantair nach bhfuil.

Tá os cionn deich milliún duine teite óna mbailte ó thosaigh ionradh na Rúise ar ag deireadh mhí Feabhra agus maraíodh na mílte sibhialtach agus saighdiúir. Tá cuid mhór den Úcráin scriosta ag an na hionsaithe.

Agus an dá thaobh ar tí bualadh le chéile arís i gcomhair a thuilleadh cainteanna, dúirt Sergei Lavrov, aire gnóthaí eachtracha na Rúise, go bhféadfadh gur mó dochar ná maitheas a dhéanfadh sé faoi láthair dá mbeadh cruinniú ag Vladimir Putin agus Volodymyr Zelensky le chéile.

 

Fág freagra ar 'An Úcráin ‘réidh’ chun ‘stádas neodrachta’ a phlé ar mhaithe leis an tsíocháin'

  • Eoin Ó Murchú

    Dá nglacfadh an Úcráin le stádas neodrachta mí ó shin ní bheadh aon chogadh ann, aon bhás, aon léirscrios. Mar a dúirt mé roimhe, bhí an cogadh seo inseachanta, ach dúradh go raibh fuil ar mo lámha toisc go ndúirt..

  • Antóin

    Mór an trua nach raibh Zelensky réidh chun an plé sin a dhéanamh blianta ó shin. Mór an trua gur ligeadh do SÁM $5 billiún a chaitheamh chun “daonlathas a chur chun cinn” san Úcráin. Mór an trua gur maraíodh breis is 13,00 duine in oirthear na hÚcráine le hocht mbliana anuas. Mór an trua go bhfuil SÁM agus an AE ag seoladh uirlisí troda chuig an Úcráin.

    Deir seirbhísí faisnéise na Breataine gur beag dul chun cinn eile atá déanta ag an Rúis. A mhalairt a deir seirbhísí faisnéise na Rúise. Ach dá mb’fhíor é sin cheapfá go gcuirfeadh an Rúis fáilte roimh chainteanna faoi stádas neodrachta na hÚcráine.

    Ach ‘Chaithfeadh tíortha eile gealltanais a thabhairt don Úcráin ó thaobh cúrsaí slándála, a dúirt Zelensky’ Cé uaidh a bhfuil sé ag iarraidh gealltanas? Ó na tíortha atá in ECAT (NATO)?

  • Páid

    @ Eoin Ó Murchú
    Dá mbeadh an dinnéar réidh ag an mbean nuair a tháinig a fear abhaile, ní bheadh a srón briste. Mar a dúirt mé roimhe, bhí an ionsaigh sin inseachanta, ach dúradh go raibh fuil ar mo lámha toisc go ndúirt…

    Dá gcuirfeadh Martin Luther King stop lena fheachtasaíocht i 1967, ní tharlódh a dhúnmharú i 1968. Mar a dúirt mé roimhe, bhí an dúnmharú sin inseachanta, ach dúradh go raibh fuil ar mo lámha toisc go ndúirt…