LÁITHREACH BONN: Bímis ag séideadh! Tá éagsúlacht na hEorpa beo sa phíobaireacht

In Éirinn a tháinig an phíb ar an saol mar ghléas ceoil beagnach 250 bliain ó shin agus tá saibhreas agus éagsúlacht sa phíobaireacht i ngach tír san Eoraip

LÁITHREACH BONN: Bímis ag séideadh! Tá éagsúlacht na hEorpa beo sa phíobaireacht

Deirtear go bhfuil suas le céad cineál píob ar domhan. Gléas ceoil í an phíb a bhaineann úsáid as aer agus giolcacha chun a cuid fuaime a dhéanamh agus ceol spreagúil, sofaisticiúil, suimiúil, sainiúil agus álainn a chur ar fáil don éisteoir. Nuair a thosaigh mé fhéin ag foghlaim ar an bpíb uilleann, an leagan Éireannach den phíb, ag aois a naoi, is ar éigean a bhí eolas ná tuiscint ar bith agam ar an bhfairsinge dhomhanda seo, seachas b’fhéidir bannaí máirseála ó Albain agus píosaí ar nós Scotland the Brave á gcasadh acu.

Fuaireas amach i bhfad níos déanaí, agus de réir a chéile, go raibh saibhreas agus éagsúlacht sa phíobaireacht le fáil i ngach tír san Eoraip. Chaith mé roinnt blianta ag freastal ar chruinnithe agus imeachtaí an EBU (Aontas Craolacháin na hEorpa) agus chuala mé píobaireacht dhochreidte ó thíortha agus ó réigiúin in oirthear na hEorpa – an Bhulgáir, An Rómáin, Poblacht na Seice agus eile. Bhí ceol agus scileanna ag na píobairí seo nach raibh eolas ar bith agam fúthu go dtí sin.  

In Éirinn, tháinig an phíb ar an saol mar ghléas ceoil beagnach 250 bliain ó shin. Is cinnte gur tharla athruithe ollmhóra thar thréimhse ama maidir leis an tóir agus leis an téileamh a bhí ar an ngléas uasal seo – é thuas seal agus thíos seal. Tá a fhios againn go mbíodh sí á seinm ag aicmí difriúla: píobairí gairmiúla, feirmeoirí móra agus – gné neamhghnách sa scéal – roinnt ministrí Protastúnacha a bhain úsáid aisti do cheol diaga ag seirbhísí eaglasta in ionad an orgáin.

Nuair a tharla an Gorta Mór sna na 1840idí, d’athraigh rudaí ó bhonn, mar a tharla le gach aon ghné den saol in Éirinn, is dócha. Mar a dúirt an bailitheoir ceoil George Petrie ‘…even the birds stopped singing’. D’imigh go leor seinnteoirí ar imirce, ina measc Patsy Tuohy a rugadh in 1865 i mBaile Locha Riach i gContae na Gaillimhe agus a d’imigh lena mhuintir ar an mbád bán go Nua-Eabhrac nuair nach raibh sé ach trí bliana d’aois. 

Tháinig athbhorradh faoin gceol agus faoin gcultúr leis an náisiúnachas agus le teacht Chonradh na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois. Reáchtáladh coirmeacha ceoil agus comórtais ag an Oireachtas gach bliain agus thagadh roinnt de na seanphíobairí go Baile Átha Cliath le bheith páirteach sa bhféile. Thosaigh glúin níos óige ag foghlaim – ina measc William Andrews, Séamus Mac Aonghusa (athair Shéamuis Ennis), Dan O’Dowd agus Éamonn Ceannt, duine de shínitheoirí an Fhorógra in 1916. 

Arís tar éis neamhspleáchas na tíre sna 1920idí, d’imigh an tsuim a bhí ag daoine sa phíobaireacht  in éag de réir a chéile agus lean cúrsaí ar aghaidh mar sin go dtí lár na 60idí. Deirtear nach raibh fágtha againn an uair sin ach b’fhéidir 100 píobaire ar fad – in Éirinn agus ar domhan. Bhí imní ar dhaoine nach dtiocfadh an gléas slán as an ísle brí seo. Ach i 1968 tháinig roinnt daoine a bhí an-tugtha don phíobaireacht le chéile, ina measc Breandán Breathnach agus Seán Reid, agus cuireadh tús le heagraíocht nua do lucht na píbe amháin – Na Píobairí Uilleann.

Taca an ama seo bhí suim sa cheol traidisiúnta agus ‘folk’ ag méadú go hidirnáisiúnta, an ‘Folk Revival’, agus ardán dó i Sasana leis an gclár raidió As I Roved Out agus leithéidí Ewan McColl agus Peggy Seeger agus sna Stáit Aontaithe le Burl Ives, Pete Seeger, Bob Dylan, an Newport Folk Festival, Greenwich Village agus a lán eile. Agus in Éirinn bhí Comhaltas Ceoltóirí Éireann, na Fleadhanna Ceoil, na Clancys agus na Dubliners tagtha ar an bhfód. Bhí an phíb chun tosaigh i lámha Paddy Moloney sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann, a bhunaigh Seán Ó Riada i 1960, agus ina dhiaidh sin i 1964, lena ghrúpa féin na Chieftains. 

Go luath sna 70idí, thosaigh úsáid na píbe ag leathnú amach a thuilleadh. Mar shampla, tá píb Finbar Furey le cloisteáil go ceannródúil i 1972 ar thaifeadadh a rinne sé féin agus a dheartháir Eddie ar an amhrán ‘Her Father Didn’t Like Me Anyway’ agus an bhliain chéanna cloistear Liam Ó Floinn ar ‘The Cliffs of Dooneen’ ar an bhfadcheirnín Prosperous le Christy Moore. Agus díol spéise freisin píobaireacht Paddy Moloney a bheith Ommadawn, fadcheirnín nua-aoiseach le Mike Oldfield a tháinig amach i 1975. Tháinig Planxty, The Bothy Band agus Moving Hearts ar an bhfód sna 70idí agus an phíb lárnach i ngach grúpa acu.

Ba i 1980 – an Brendan Voyage le Shaun Davey – an chéad uair ar scríobhadh sraith iomlán 40 nóiméad do phíb agus ceolfhoireann. Tá an dea-bhail atá inniu ar cheol na píbe do-aitheanta ó chaoga bliain ó shin nuair a bunaíodh Na Píobairí Uilleann. Tá na mílte duine á seinm agus á foghlaim anois – ní hamháin anseo in Éirinn ach in áiteanna chomh fada ó bhaile leis an tSeapáin agus Cúba. 

Maidir le naisc agus teacht le chéile idir píobairí na hÉireann agus ceol píbe ó thíortha eile – tá samplaí suimiúla againn ó na 70idí ar aghaidh. I 1971 cuireadh Féile Idircheilteach Lorient ar bun agus spreag sé sin caidreamh torthúil idir an dá thraidisiún ceoil – Éire agus An Bhriotáin. Mar an gcéanna le ceol na Gailíse sa Spáinn agus an phíb dhúchasach atá acu sa tír sin, an gaita. Seinnteoir gaita den chéad scoth is ea Carlos Nunez ón mbaile cois farraige Vigo agus bhí cairdeas an-láidir idir é agus Paddy Moloney. Tá Carlos le cloisteáil go lárnach ar Santiago, taifeadadh a rinne na Chieftains i 1996, agus do sheinn sé freisin le Liam Ó Floinn ar a cheirnín The Pipers Call – traic álainn leis an mbeirt acu ag casadh dhá muinera – saghas port rince atá bunúsach i gceol na Gailíse.  

Agus tá go leor deiseanna fós ann do lucht píbe na hÉireann le haghaidh iniúchadh agus comhoibriú le píobairí ó thraidisiúin eile – go háirithe iadsan as Albain toisc go bhfuil an oiread sin i bpáirt acu maidir le ceol agus amhránaíocht cheana féin. 

Bíonn cúpla teacht le chéile rialta ann atá an-mhealltach – an Festival de Luthiers et Mâitres Sonneurs de Saint Chartier, féile bhliantúil lonnaithe i mbaile beag i gceartlár na Fraince agus féile cheannródúil in Éirinn a tharlaíonn gach Samhain i gcathair Ard Mhacha – Féile Píobaireachta William Kennedy, a eagraíonn Cumann na bPíobairí sa chathair sin. Nuair a chuirtear gach rud san áireamh, is domhan saibhir ilchineálach é domhan na píobaireachta Eorpaí.  Bímis ag séideadh!

Ceoltóir agus léiritheoir raidió é Peter Browne. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Bímis ag séideadh! Tá éagsúlacht na hEorpa beo sa phíobaireacht'