Cuntas slachtmhar, tráthúil ar shaol eachtrúil Cholmcille ar TG4

Phléigh ‘Colmcille: An Naomh Dána’ le gníomhartha cinniúnacha duine de naomhphátrúin na hÉireann

Cuntas slachtmhar, tráthúil ar shaol eachtrúil Cholmcille ar TG4

Cothrom na bliana seo 1,500 bliain ó shin is ea a rugadh Colmcille; duine d’éarlaimh na hÉireann agus pearsa staire ar leith. Dhein Colmcille: An Naomh Dána (TG4, Dé Máirt) a shaol eachtrúil agus a ghníomhartha cinniúnacha a thabhairt chun cuimhne. Fear a d’imir tionchar ar chonair reiligiúnda, polaitíochta agus léinn na hÉireann agus na hAlban.

Rugadh Colmcille i nDún na nGall in 521AD; ré dhorcha na cogaíochta agus na plá. Sa chlár seo úsáideadh Vitae Columbae le hAdomnán agus Beatha Cholm Cille le Maghnus Ó Domhnaill mar chreatlach le scéal an Naoimh ar leith seo a insint. Cuntais naomhsheanchais iad seo agus mar is dual do shaothair san iomaire sin táid beag beann ar an bhfírinne is iad i mbun mórtha.  Mheabhraigh staraithe amhail Niamh Wycherley é sin dúinn mar aon lena chur abhaile orainn gur léargais iad na saothair seo ar an tréimhse inar scríobhadh iad agus na daoine a scríobh iad seachas ar an tréimhse agus na daoine atá idir chamáin. Go deimhin ní raibh an dá údar iad féin neamhchlaonta. Bhí Adomnán mar Ab ar Oileán Í is é i mbun pinn agus rug Maghnus ar an bpeann mar go raibh, dar leis féin, gaol aige le Colmcille.

Is deas mar a chuir Niall Mac Eachmharcaigh agus Pól Penrose anam sna scríbhinní. An bheirt acu mar aon le leath de na cloigne ag caint as Gaeilge. Lena chois sin bhí tráchtaireacht bhreá againn ó Dheirbhile Ní Churraighín rud a d’fhág go raibh tromlach an chláir as Gaeilge. Mheasas go raibh sé saghas ait, áfach, go mbeadh saineolaithe ar an ábhar seo ag labhairt as Béarla agus gur úsáideadh leaganacha Béarla ar uairibh. Dhein an mheitheal ar fad a gcúram go pointeáilte. Bhíos an-tógtha le Dáibhí Ó Cróinín is é ag eachtraí dúinn go heolgaiseach, deisbhéalach. Sheasfá costarnocht sa tsneachta ag éisteacht leis.

Bhí Colmcille breá in ann a bheith ciotrúnta is léir. Tháinig muc ar gach mala aige nuair a thug Naomh Éanna Árann an t-eiteach dá éileamh, le cabhair a chlóca, ar phaiste breá talún.  Ina dhiaidh sin a tharla an fothragadh cinniúnach faoi shárú cóipchirt. ‘Ag gach bó a bóin agus ag gach leabhar a mhacleabhar.’

Ghrás féin an líne sin ó chéad chuala í na cianta ó shin. Tugadh cuntas ar an bhfothragadh ba chúis leis; Colmcille ag cóipeáil leabhar sailm i ngan fhios. Maíodh gurbh é an chéad tagairt scríofa den chóipcheart. Ba é an t-achrann a lean a chuir tús le Cath Dreimne in AD 561 agus a spreag Colmcille, b’fhéidir, leis an mbád bán a thabhairt air féin go Dál Riada. Cor cinniúnach i stair pholaitíochta is reiligiúnda na hAlban. De réir scéil fuair sé radharc ar Ollphéist Loch Nis agus maítear gurb é an cuntas faoi sin an chéad taifead ar an ollphéist cháiliúil.

Tugadh cuntas ar éachtaí litríochta, staire is dlí de chuid mhanaigh Oileán Í. Tugann Ó Cróinín le fios gur ar an Oileán iargúlta seo a cuireadh tús le litríocht na hÉireann, na hAnnálacha agus le ceapadh dhlíthe na heaglaise.

Cuntas slachtmhar, tráthúil ar shaol eachtrúil is gníomhartha cinniúnacha duine de naomhphátrúin na hÉireann.

Fág freagra ar 'Cuntas slachtmhar, tráthúil ar shaol eachtrúil Cholmcille ar TG4'

  • Séamas de Barra

    Clár faisnéise, ‘Colmcille –– An Naomh Dána’, clár faisnéise ar Cholm Cille Naofa, craoladh ar TG4 é, Dé Máirt, Nollaig 7, 2021. Uair an chloig a mhair sé, agus naonúr saineolaithe a ghlac páirt ann, más cruinn don áireamh seo agamsa.
    Ábhar díomá ba ea é ar scata slite, agus is trua sin. Bíonn daoine ag gearán ar an méid Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir ‘Ghaeilge’ TG4, ach uaireanta is Gaeilge a chodail amuigh a bhíonn sa méid Gaeilge a bhíonn sna cláir Ghaeilge.
    Comhairleoir Scripte an Chláir, an Dr Dáibhí Ó Cróinín, ó Roinn na Staire, ar Ollscoil na hÉireann sa Ghaillimh, d’fhógair sé gur in Oileán Í ar chósta thiar theas na hAlban a tosaíodh ar litríocht na hÉireann a scríobh, idir litríocht na Sean–Ghaeilge, agus litríocht na Laidine. Nollaig 7, 521, a saolaíodh Colm Cille, agus Meitheamh 9, 597, a cailleadh é. Bhí mainistir mór le rá sa seansaol ar Oileán Í arbh é Colm Cille Naofa a bhunaigh í. Sa bhliain 563 a rinne sé é sin.
    Ní dheachthas isteach ar an gclár faisnéise sna hainmneacha difriúla ar ‘Oileán Í’ a bhí, agus atá ann: Ì, Ì Chaluim Chille, Eilean Idhe, sa Ghàidhlig; agus Í, Oileán Í, agus Í Cholm Cille sa Ghaeilge. An t–ainm Béarla atá ar an oileán sin, Iona, is bunaithe atá sé ar mhíléamh ar pheannaireacht Adhamhnáin Naofa. Is é Adhamhnán Naofa a scríobh beathaisnéis ar Cholm Cille, Vita Sancti Columbae, sa 7ú céad, timpeall le 100 bliain tar éis bhás Cholm Cille. Ioua a bhí as Laidin ag Adhamhnán ar an ainm, ach is é Iona a rinneadh de sin, mar gur furasta u agus n a mheascadh le chéile. Is é rud a chiallaíonn Iova, ‘Áit an Iúir’, dar leis an scoláire logainmneacha, Uilleam MacBhàtair, cainteoir dúchais Gàidhlig. An focal Gàidhlig ‘Ì’ a chiallaíonn ‘Áit an Iúir’, meascadh é le focal ársa Gàidhlig, ‘Ì’, a chiallaíonn ‘oileán, inis’. Is é an focal atá sa dara ‘hÌ’ sin, ey, focal Lochlainnise faoi chruth Gaelach a chiallaíonn ‘oileán, inis’. Is léir gur athrá a bheadh in ‘Eilean Í’, dá gciallódh sé ‘Oileán Oileáin’ –– ar nós an leagain Béarla ar an gConair, i gCorca Dhuibhne, Conor Pass.
    Ach cad déarfá leis an gclár faisnéise, ná gur minic a thug Tráchaire an chláir, Deirbhile Ní Churraighín, Iona, ar an oileán. Is minic leis a tugadh Columba ar Cholm Cille. Chuireadh sé scéal ar Sheosamh Ó Dálaigh i gcuimhne do dhuine. Fiafraíodh de Sheosamh babhta, cad ab ainm dó, agus arsa é sin: ‘ “Joe Daly” as Gaelainn, ach “Seosamh Ó Dálaigh” as Béarla.’ Más fíor gurbh é Colm Cille Naofa a thionscain litríocht na hÉireann sa tSean–Ghaeilge agus sa Laidin, nach é is lú is gann do TG4 féachaint chuige go dtabharfaí an gradam is cuí do theanga Ghaeilge an lae inniu ar chlár faisnéise i dtaobh Cholm Cille? Cad chuige gan an t–ainm ‘Colm Cille’ a scríobh de réir ghnás an lae inniu, i.e. ‘Colm Cille’ seachas ‘Colmcille’? Rinneadh cac sleaidí de na hainmneacha Gaeilge, ‘Adhamhnán’, agus ‘Eithne’ ar an gclár chomh maith. Mar fhocal Béarla a thug formhór na gcainteorí ‘Adhamhnán’ amach. Is ainm é atá fós ann. Bíonn sé le cloisteáil gach uile sheachtain ar Stáisiún Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga. Mar h a fhuaimnítear –th– i nGaeilge an lae inniu; nó fágtar gan fuaimniú é; nó déanann sé iomlaoid le consan in aice leis. Ach is í foghraíocht na Sean–Ghaeilge, nó Bhéarla an lae inniu a cuireadh i bhfeidhm ar an ainm ‘Eithne’. ‘Tara na Ríthe’ a tugadh ar ‘Theamhair na Ríthe’. Birr a tugadh ar ‘Bhiorra’ i gCo. Uíbh Fhailí. ‘Beithín’ a tugadh ar ‘Bhaoithín’. Athens agus Florence, a tugadh ar ‘an Aithin/ar Chathair na hAithne,’ agus ar ‘Fhlórans’; agus ‘Pictland’ a tugadh ar an ‘gCruitheantuath’. Ba léir ar an méid Gaeilge a labhair Colm Cille ar an gclár nach raibh máistreacht ar fhoghraíocht na Gaeilge aige. An amhlaidh nach bhfuil aon aisteoir ón nGaeltacht ann a bheadh maith a dhóthain chun páirt Cholm Cille a dhéanamh? Aidan a tugadh ar fhear a gcaithfidh sé gurb é ‘Aodhán’ a bheadh i nGaeilge an lae inniu air. Ní raibh gramadach na gcainteoirí thar mholadh beirte: ‘fianaise barrthábhachtach’; ‘iontas mhór’; ‘an t–oidhreacht’.
    Cad chuige an focal ‘manaigh’ a fhoghrú mar seo ‘mánaigh’?
    Cuireadh in iúl go raibh Colm Cille ciontach i mbás 3000 duine i gcath, ar cúis shuarach a bhí leis. Ba iad an ghnáthmhuintir a shocraíodh cé a d’aithneofaí ina naomh breis is 1000 bliain ó shin. Is deacair domsa a chreidiúint go n–ainmneofaí ina naomh duine inniu a bheadh ciontach ina leithéid de shléacht. Duine a ndéantar eacsaircisteadh air, ní cheadaítear dó gabháil le sagartacht, ar eagla na heagla. B’fhéidir nach fíor an scéal sin, ach ar a shon sin is uile, b’fhiú do lucht déanta an chláir tuairim diagaire, nó eolaí ar an Dlí Canónta, a fháil air sin. Cuireadh in iúl ar an gclár gur chuir Colm Cille, agus é fós ina leanbh, mallacht ar dhúnmharfóir, rud a thug bás an dúnmharfóra. Ní faoin duine aonair, ach faoin Stát a bhí sé dúnmharfóir a bhású, nuair a ceadaíodh a leithéid san am atá caite. Is ionann mallacht a chur ar dhuine agus dul i leith an Diabhail chun díobháil a dhéanamh don duine sin. Ní chomhairtí mallacht na baintrí ina mallacht dhiablaí.
    Ní leor Comhairleoir Scripte a bheith ar fhoireann cláir ar bith de chuid TG4. Ní foláir Eagarthóir Gaeilge a fhostú chomh maith, agus Eagarthóir Foghraíochta, nuair a bhíonn gá lena leithéid. Cuid de na saineolaithe is as Gàidhlig a labhair siad. Le linn dóibh sin a bheith ag labhairt, ní raibh fotheidil Ghaeilge ar an leagan den chlár atá ar sheinnteoir TG4. Mura mbeadh cúrsa Gàidhlig a bheith déanta ag duine, le linn dó/di a bheith ag staidéar na Gaeilge ar an ollscoil in Éirinn, is beag an seans atá ann go dtuigfeadh sé/sí a’ Ghàidhlig. Ní chreidimse go gcaithfeadh Maghnas Ó Domhnaill an cineál hata a bhí sé a chaitheamh ar an gclár faisnéise.