An beart déanta ag Naomh Anna agus Cloich Cheann Fhaola ina gcluichí ceannais ach díomá ar fhir Mhúscraí

Beidh Naomh Anna, Leitir Móir agus Cloich Cheann Fhaola ag imirt i gCraobhacha Sinsir Peile na Gaillimhe agus Dhún na nGall, tar éis a n-éachtaí ag an deireadh seachtaine

An beart déanta ag Naomh Anna agus Cloich Cheann Fhaola ina gcluichí ceannais ach díomá ar fhir Mhúscraí

Gaillimh

Ní chaithfidh Naomh Anna, Leitir Móir, ach dhá bhliain sa Chraobh Idirmheánach Peile i nGaillimh tar éis d’fhir Cheantar na nOileán an ceann is fearr a fháil ar an nDún Mór Mhic Éil i gcluiche ceannais drámatúil Dé Sathairn.

Ba iad an captaen Ciarán Bairéad agus an tosach óg Warren Seoige laochra Naomh Anna tar éis don bheirt na scóranna cinniúnacha a fháil chun an cluiche a bhuachan, 2-7 in aghaidh 1-9.

Cúig phointe chun deiridh a bhí Naomh Anna ag leath ama, agus d’ainneoin teacht aniar sa  sa dara leath bhíodar fós trí phointe chun deiridh agus níos lú ná deich nóiméad fágtha sa ghéarchoimhlint i Staid an Phiarsaigh.

Agus ugach ag teastáil ó fhoireann Chonamara thug an Bairéadach dóibh é. Bhí Ciarán ag imirt freisin nuair a bhuaigh Naomh Anna an Chraobh Idirmheánach in 2009. Bhí 53 nóiméad ar an gclog nuair a ghearr an leathchúlaí ar dheis isteach ón gcliathán agus, tar éis dó pasanna a bhabhtáil le Chris Seoighe, bháigh Bairéad an pheil i gcúl na heangaí agus bhí Naomh Anna ar ais ar comhsór, 2-6 in aghaidh 1-9.

Ba é col ceathrar Chiaráin, Maitias Eoin, a d’aimsigh an chéad chúl do Naomh Anna chun iad a chur chun cinn tar éis deich nóiméad. Ní raibh Naomh Anna chun cinn arís sa gcluiche go dtí an nóiméad deireanach.

Agus an Dún Mór ag iarraidh an liathróid a thabhairt amach ó na cosantóirí, phlúch beirt d’ionadaithe Naomh Anna, an t-ógánach Joe Gubbins agus an seanfhondúir Ferdia Breathnach, duine de chosantóirí an Dúin Mhóir, thug Breathnach pas do Warren Seoige agus d’aimsigh an Seoigeach an sprioc 30 méadar  amach ón gcúl agus gan dabht bhí lúcháir ar lucht tacaíochta Naomh Anna.

Éacht a bhí ann teacht ar ais sa chluiche. Níor imir Naomh Anna go maith sa chéad leath ach ní rabhadar ach cúpla pointe chun deiridh agus iad ag druidim le leath ama. Ach scóráil an Dún Mór cúl ag fíordheireadh an chéad leatha a d’fhág cúig phointe idir na foirne, farasbarr mór lá salach a raibh sé an-deacair an liathróid a láimhseáil.

Bhí feabhas le brath sa dara leath nuair a d’aimsigh Dylan Seoige (péire) agus Oisín Mac Donnacha na chéad trí phointe den dara leath do Naomh Anna ach bhí scóranna Chiaráin Bairéad agus Warren Seoige ag teastáil leis an gcluiche a bhuachan.

Bhí Naomh Anna ag ceiliúradh faoi dhó ar an Satharn tar éis d’fhoireann shinsir na mban Craobh an Iarthair a thabhairt leo agus Gráinne Mhaol a chloí sa chluiche ceannais, 3-12 in aghaidh 1-11. Mairéad Ní Loingsigh (péire) agus Clíodhna Ní Cheallaigh a scóráil na cúil do mhná Naomh Anna agus dhá chupán ar a mbealach siar thar dhroichead an Daingin.

Cúig fhoireann ó Ghaeltacht Chonamara a bheidh i gCraobh Shinsir Peile na bhfear i nGaillimh an bhliain seo chugainn tar éis do Bhearna an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Chortúin i gcluiche ceannais dícháilithe Dé Sathairn.

Bhí Bearna dhá phointe chun deiridh ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-4, ach chuaigh fir na Gaeltachta chun tosaigh deich nóiméad isteach sa dara leath nuair a scóráil Seán Mac Uidhlinn cúl. Seo ar ais Seamróga Chortúin, agus cúl faighte ag Paul Varley ach chuir Bearna críoch i bhfad níos fearr leis an gcluiche agus fuair siad seacht bpointe sa cheathrú uaire dheireanach i gcomparáid leis an aon cheann amháin a fuair a gcéile comhraic, rud a d’fhág go raibh bua trí phointe ag fir Bhearna, 1-13 in aghaidh 1-10.

 

Foireann bhuacach Chloich Cheann Fhaola. Pic: Donegal GAA/Twitter

Dún na nGall

Tá grád na sinsear bainte amach faoi dheireadh ag Cloich Cheann Fhaola tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an gClochán Liath i gcluiche ceannais athimeartha Dé Sathairn. Chaill fir an Fháil Charraigh cluichí ceannais sa Chraobh Idirmheánach in 2019 agus in 2020 agus d’fhágadar seans eile ina ndiaidh an deireadh seachtaine seo caite nuair a lig siad comhscór leis an Chlochán Liath.

Tar éis an anró sin uile, bhí lucht tacaíochta Chloich Cheann Fhaola in ann taitneamh a bhaint as cluiche an tSathairn agus  an bua cumasach a bhí acu, 1-11 in aghaidh 0-5.

Ba é cúl Blake McGarvey leath bealaigh tríd an dara leath a chinntigh an bua do Chloich Cheann Fhaola. Tar éis dó pas a fháil ó John Fitzgerald, bhuail McGarvey iarracht íseal faoi chúl báire an Chlocháin Léith chun bearna naoi bpointe a chur idir na foirne, 1-9 in aghaidh 0-3.

Bhí an t-imreoir lár páirce Jason McGee ar fheabhas do Chloich Cheann Fhaola i gcaitheamh an chluiche agus d’fhág cúig phointe sa chéad leath go raibh ceannas ag Cloich Cheann Fhaola sa chluiche agus iad 0-7 in aghaidh 0-2 chun cinn.

Léiriú é ar na deacrachtaí a bhí ag an gClochán Liath ná gurb é cúl báire na foirne, Danny Rodgers, an t-aon fhear a scóráil dóibh sa chéad leath sin ó dhá chic saor. Mar a tharla sé, is ó chiceanna saora a tháinig na trí scór eile a fuair an Clochán Liath sa dara leath, rud a d’fhág nár éirigh leo scór ar bith a fháil ón imirt.

Ba é captaen Chloich Cheann Fhaola Mark Harley a fuair an chéad scór den dara leath dóibh agus nuair a fuair McGarvey a chúl, d’fhéadfaí tús a chur leis an gceiliúradh.

Corcaigh

Ní raibh an rath céanna ar fhoirne Mhúscraí a bhí san iomaíocht i gcraobhacha peile Chorcaí ag an deireadh seachtaine, mar cloíodh Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cill na Martra go cumasach i gcluichí leathcheannais.

Sa Chraobh Shinsir A, d’aimsigh Mala ceithre chúl chun an ceann is fearr a fháil ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Chuir fir na Gaeltachta tús iontach leis an gcluiche agus bhí siad ceithre phointe chun cinn tar éis deich nóiméad, 1-2 in aghaidh 0-1, a bhuíochas do chúl Ben Seartain.

Níor le Mala ab fhaillí é agus bhí cúl acu féin ocht nóiméad ina dhiaidh sin, agus buaileadh buille crua ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh díreach roimh leath amach nuair a scóráil Stephen O’Callaghan cúl eile do Mhala, cúl a d’fhág cúig phointe chun cinn iad, 2-6 in aghaidh 1-4.

Bhí an bhearna laghdaithe go ceithre phointe ag Béal Átha an Ghaorthaidh deich nóiméad isteach sa dara leath ach tharla cor cinniúnach díreach roimh an mbriseadh uisce nuair a fuair Mala dhá chúl as a chéile agus iad ansin deich bpointe chun cinn. Scóráil Diarmuid Mac Tomás an dara cúl do Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus thart ar deich nóiméad fágtha ach bhí deireadh déanta, fiú ag an tráth sin, agus bua 4-14 in aghaidh 2-10 bainte amach ag Mala.

Níos luaithe ar an Satharn, sáraíodh Cill na Martra sna babhtaí leathcheannais den Phríomh-Chraobh Idirmheánach don dara bliain as a chéile. Bua 2-7 in aghaidh 0-7 a bhí ag Áth Trasna agus iad anois chun aghaidh a thabhairt ar Cheann Toirc, an dream a bhuaigh ar Chill na Martra anuraidh.

Chuir Cill na Martra tús cuibheasach maith leis an gcluiche agus iad pointe chun cinn tar éis ocht nóiméad ach thóg Áth Trasna ceannas ar chúrsaí leath bealaigh tríd an gcéad leath nuair a d’aimsigh Ryan O’Keefe agus Barry O’Connor cúl an duine i bhfoisceacht cúpla nóiméad dá chéile. D’fhág sin Áth Trasna 2-6 in aghaidh 0-5 chun cinn ag leath ama.

Bhí deiseanna ag Cill na Martra teacht ar ais sa chluiche ach chuireadar iliomad deiseanna ar strae. In olcas a chuaigh cúrsaí nuair a bronnadh cártaí dearga ar thriúr agus cárta dubh ar fhear eile agus gan fágtha ag foireann na Gaeltachta ar an bpáirc ach 11 imreoir faoi dheireadh an chluiche.

Fág freagra ar 'An beart déanta ag Naomh Anna agus Cloich Cheann Fhaola ina gcluichí ceannais ach díomá ar fhir Mhúscraí'