Tá an bonn á bhaint ag an rialtas dár muinín sa rialtas

Dúradh linn go raibh ‘ceachtanna’ le foghlaim ag an rialtas as conspóidí na seachtaine seo ach an tost a d’inis a scéal féin

Tá an bonn á bhaint ag an rialtas dár muinín sa rialtas

Uaireanta, ní le briathra ach le tost a chuireann ceannairí rialtais in iúl dúinn go bhfuil imní nó náire orthu faoi scéal áirithe. Nó imní agus náire in éineacht, mar a tharla le deich lá anuas.

Tá an Taoiseach, an Tánaiste agus airí sinsearacha eile ag seachaint iriseoirí ó fuarthas amach gur fhreastail airí ó Fhine Gael ar chóisir óstáin faoin aer a d’eagraigh Katherine Zappone sé lá sular ceapadh í mar thoscaire speisialta rialtais.

Bhain Zappone cuid den dochar a rinne an ceapachán ciotach as an scéal nuair a dhiúltaigh sí dá ceapachán Dé Céadaoin, ach tá a thuilleadh dochair déanta ó shin do mhuinín an phobail as polasaí paindéime an rialtais.

Tá doiléire na dtreoirlínte sláinte a d’eisigh ‘Fáilte Ireland’ cáinte go forleathan. Is deacair, dála an scéil, an fáth nár iarradh ar an Roinn Sláinte seachas eagras turasóireachta a bheith freagrach as dréachtú, eisiúint agus cur i bhfeidhm threoirlínte a bhain go huile agus go hiomlán le cúrsaí sláinte.

Tá ceisteanna réasúnta á gcur freisin faoi chinneadh an rialtais tuairim an Ard-Aighne Paul Gallagher faoi na rialacha sláinte (faoinar eisíodh na treoirlínte) a fhoilsiú.

De ghnáth diúltaíonn gach rialtas d’iarratais go bhfoilseofaí comhairle nó tuairimí Ard-Aighne, agus ní doiligh a ndrogall a chosaint de ghnáth. Feidhmíonn Ard-Aighne mar chomhairleoir dlí an rialtais agus ba chóir go mbeadh siad ábalta a dtuairimí a nochtadh go neamhbhalbh.

Mar sin féin nuair a dúirt an Seanadóir Timmy Dooley go raibh oifig an Ard-Aighne á polaitiú toisc go raibh a thuairim á foilsiú le linn conspóide, ba léir cúis a mhíshuaimhnis. Bhí an tuairim á heisiúint, a dúirt sé, chun cosaint pholaitiúil a chur ar fáil do Leo Varadkar. Dar le Dooley nach cosaint ach leithscéal ón Tánaiste a theastaigh mar réiteach ar an gconspóid.

Bhí leagan níos géire den mholadh céanna le cloisteáil taobh amuigh de Theach Laighean Dé hAoine nuair a dúirt Matt Carthy ó Shinn Féin go raibh dualgas ar an Tánaiste ceisteanna tromchúiseacha faoi cheapadh agus faoi chóisir Zappone a fhreagairt.

“Bheadh Leo Varadkar agus a leithéid ag cáineadh daoine eile dá mbeadh an rud céanna déanta acu,” arsa Carthy.

Is é bun agus barr an dá scéal – scéal an cheapacháin agus scéal na cóisire – nach bhfuil cur síos iomlán ar a ndearna Varadkar agus airí eile Fhine Gael curtha ar fáil acu. D’admhaigh an Tánaiste agus Simon Coveney nár phléadar an ceapachán roimh ré leis an Taoiseach, ach ní haon leigheas an méid sin a admháil ar an dochar is mó a rinneadh, agus atá á dhéanamh fós.

Tugann scéal na cóisire agus gach ar tharla ó tháinig sé chun solais le fios don phobal:

  • Go raibh an chéad leagan de na treoirlínte doiléir
  • Gur thug a ndoiléire deis d’airí iad a sheachaint
  • Gur thapaigh cuid acu an deis.
  • Gur eisíodh tuairim Ard-Aighne tar éis an ghnímh
  • Gur eisíodh é ar chúiseanna polaitiúla
  • Gur athraíodh treoirlínte chun éalú as sáinn pholaitiúil
  • Go gcomhlíonann airí rialacha de réir mar is mian leo
  • Go bhfuil láncheart ag na heaspaig cur ina gcoinne

Is díol suntais é nach bhfuil an milleán á chur ag duine ar bith ar an Ard-Aighne Paul Gallagher ná ar Katherine Zappone. Is ar an rialtas atá an milleán iomlán go bhfuil dochar déanta do mhuinín an phobail as cur chuige an rialtais in aghaidh na paindéime, fiú gan cóisir iarthoghcháin an Chomhaontais Ghlais a chur san áireamh.

Is é tost an Taoisigh, an Tánaiste agus airí eile de chuid Fhine Gael le seachtain is mó a léirigh an dochar. Fágadh faoi na hairí stáit Colm Brophy agus Niall Collins, faoin Teachta Dála Fergus O’Dowd agus faoin seanadóir Seán Kyne lagiarracht chosanta a dhéanamh.

Ní ar an gceathrar a bhí an locht nach raibh a gcosaint níos láidre. Ní raibh láneolas acu faoinar tharla. Cé mar a bheadh, ó tharla nach comhaltaí den chomh-aireacht iad?  Dúirt cuid acu go raibh “ceachtanna” le foghlaim ag an rialtas cé nach raibh siad ábalta tagairt a dhéanamh d’oiread agus ceacht amháin.

Is léir faraor dár bhformhór an ceacht is tábhachtaí. Tá an bonn á bhaint de theachtaireacht phoiblí an rialtais faoin bpaindéim mar gheall ar dhá bhabhta seafóide, nó trí cinn má chuirtear na chóisir Ghlas san áireamh. Ní leigheasfar an damáiste i gceart mura n-admhaíonn gach duine atá freagrach as go bhfuil an scéal amhlaidh.

Fág freagra ar 'Tá an bonn á bhaint ag an rialtas dár muinín sa rialtas'

  • AN Teanga Bheo

    Laethannta saoire ag na h airí anois nach shin mar atá an scéal…. is binn béal ina thost.