Is annamh agus is fíorannamh a scríobhann scoláire Gaeilge a dhírbheathaisnéis…

Sa cholún seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa. An babhta seo, dírbheathaisnéis bhríomhar le Séamas Ó Catháin

Is annamh agus is fíorannamh a scríobhann scoláire Gaeilge a dhírbheathaisnéis…

Is annamh agus is fíorannamh a scríobhann scoláire Gaeilge a dhírbheathaisnéis. Ráineodh cúis mhaith a bheith leis sin. Más aoibhinn beatha an scoláire a bhíonn ag déanamh léinn ní beatha eachtrúil a bhíonn ann. De ghnáth is beatha thur leamh liosta leibideach a chaitheann sé/sí ag liathadh le lámhscríbhinní a bhíonn ann. 

Níor mar sin do Shéamas Ó Catháin é agus i mbun taighde i réimsí an bhéaloidis agus na teangeolaíochta dó. Bhí de dhánaíocht aige tuairisc a thabhairt dúinn ar thús a shaoil mar scoláire agus mar thaighdeoir a chuir lenár n-eolas i réimsí éagsúla an léinn a raibh sé sáite iontu. Níorbh aon Tadhg Tur na leabharlainne é a bhligh eolas ó dhaoine agus ó fhoinsí eile mar is léir óna dhírbheathaisnéis bhríomhar De Léim thar Teorainn (Phaeton Publishing €22.00). 

Le fírinne, ní dírbheathaisnéis iomlán atá ann – níl a leithéid de rud ann ar aon nós – ach trácht ar a theacht in inmhe mar fhear óg agus mar scoláire agus ar an taighde a dhein sé go háirithe i nGaeltacht na gCruacha Gorma agus ina dhiaidh sin san Laplainn ag foghlaim na teanga agus ag cur eolais ar ghnásanna na muintire. Níl aon rud anseo mar gheall ar na blianta a chaith sé mar Ollamh le Béaloideas in UCD ná ar an obair luachmhar taighde, eagarthóireachta agus foilsitheoireachta a chuir sé de sa réimse sin. Ar shlí amháin, is trua sin, ach cá bhfios, b’fhéidir go bhfuil a leithéid sin á bheartú aige?

Dá mbeadh, bheadh scríte go glansoiléir agus go seolta insuime, mar is é atá cumasach ar a scéal a insint, rud nach gcuirfeadh iontas ort ó bhailitheoir béaloideasa is dócha! Tá crot néata ar an insint chéanna chomh maith, ag tosnú leis féin ina fhearann dúchais, agus ag teacht chun críche le cuntas níos iomláine ar a mhuintir féin agus cér díobh é. Seo rud nach foláir do dhuine a dhéanamh d’fhonn tuiscint a fháil air féin, ach is idir eatarthu seo a bheidh an bhlonag dá lán eile. 

Fiafraigh de dhuine ar bith cén chuimhne atá aige ar a laethanta scoile agus ní bhfaighidh tú ach breaceolas spotaitheach. Fanann na móreachtraí agus na coir a chuireann casadh sa tsaol. Is cuimhin le Séamas an múinteoir a thug ‘Felix Education’ ar an stropa leathair a bhí aige chun oideachas a bhualadh isteach i gcloigne na bpáistí trína lámha nó trí bhaill eile den chorp. Fág go bhfuil an chuma air sin anois gur bhain le saol cianaosta, ba é cleachtadh coiteann go leor é ar feadh i bhfad. Mar bhuachaill a tógadh i nDroim Caoin i gContae Thír Eoghain is é curaclam an stáit soir ó thuaidh a d’fhulaing siad, áit a raibh ceachtanna ar theacht na Críostaíochta go Sasana, ach gan lua ar bith ar Phádraig Naofa bocht!

Ní raibh d’uain aige Gaeilge a fhoghlaim gur shroich sé an mheánscoil, agus de thoisc go raibh an dúspéis aige sa Ghaeilge chaitheadh tamallacha ag caint leis na Conallaigh ina cheantar féin, daoine a bhíodh ag obair ann, cé nach raibh sa teanga dar le cuid acu ach ‘údar náire’. 

Bhí an t-ádh leis faoi dhó ina dhiaidh sin gur i dtigh Mhicí Sheáin Néill a lonnaigh sé ar a chuairteanna ar Rann na Feirste, agus go raibh an tOllamh caoin Heinrich Wagner aige nuair a chuaigh sé le léann na Gaeilge i gColáiste na Banríona i mBéal Feirste. Is de shuimiúlacht mar ar dhein séiplíneach iarracht ar é a chur ó Ghaeilge a dhéanamh in ionad ábhair phraiticiúla, agus mar ar casadh ‘drámadóir mór Lios Tuathail’ John B. Keane air a thug íde na muc is na madraí dó agus do mhic léinn eile ‘as a bheith ag cur ár gcuid ama amú ag caint Gaeilge’. Is maith liom an sonc caolchúiseach sin ‘drámadóir mór Lios Tuathail’.

Ba é Wagner a chuir go ceantar na gCruacha é mar chuid dá staidéar iarchéime ar logainmneacha is ar bhéaloideas.  Ní foláir nó gurbh é an ceantar ba ‘iargúlta’ (i gciall choiteann gan bhrí an fhocail sin) sa tír é ag an am. Bhí saibhreas mór scéalaíochta agus amhránaíochta ann. Deir sé gur fhiafraigh sé de Phádraig Eoghan Phádraig ‘ac a’ Luain lá an raibh Béarla riamh aige. D’fhreagair sé go raibh uair amháin, ach gur dhein sé dearmad air. Mar a deir an t-údar: ‘Caithfidh go raibh sé ar an bheagán daoine in Éirinn a d’fhoghlaim Béarla agus a lig i ndearmad arís é le linn an 20ú céad!’ Tuigim dó. Casadh daoine orm féin ann i bhfad ina dhiaidh sin nach raibh Béarla ar bith acu, nó ar a laghad a bhí corrthónach agus míshocair briotach ina bhun.

Níor ghá gurb iad na caibidlí ina bhfuil trácht ar a chúrsa taighde lastuaidh den chiorcal Artach is mó a bhéarfadh greim ort, ach chuireas féin an dúspéis iontu. Is mó sin scoláire Gaeilge a chaith tamallacha in ollscoileanna thar lear agus a chuaigh sáite i dteangacha lasmuigh den ghnáthréim IndEorpach ach déarfainn gur beag duine díobh a chaith tréimhse chomh héagsúil is chomh rathúil is a chaith Séamas Ó Catháin i measc na Laplannach. An ghaoth anoir ón Rúis á leathadh, an geimhreadh dorcha ina bhrat anuas (‘gan aon ghrian ann ó mhí na Samhna go mí Eanáir’) agus teanga na ndaoine á foghlaim aige ina raibh go leor ‘focla agus leaganacha cainte fíorgháirsiúla’ á sáirsingiú air. Is minic greann sna samplaí aige, agus mar mhalairt, droch-chuimhní ó dhaoine ar an gcogadh agus ar an scrios a dhein na Gearmánaigh ar fud an bhaill. Agus béaloideas agus piseoga agus eile.

Ar nós an chiorcail Artaigh féin, filleann sé ar a mhuintir ag deireadh an leabhair sa chaibidil dhéanach ina bhfuil ómós dóibh agus mórtas dúchais curtha síos go fileata.

 Is í an t-aon cheist atá ag gairm aníos ná, cá bhfuil an chuid eile den bheatha fhíorspéisiúil seo? 

Fág freagra ar 'Is annamh agus is fíorannamh a scríobhann scoláire Gaeilge a dhírbheathaisnéis…'

  • Colette nì ghallchòir

    Bheadh barraìocht le hinsint.