Sárú déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas ar a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge

Léirigh fiosrúchán de chuid an Choimisinéara Teanga gur cinneadh scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhágáil as an áireamh agus trialacha nua do bhunscoileanna á bhforbairt

Sárú déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas ar a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge

Tá sé leagtha amach i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus an Foras Taighde ar Oideachas a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.

Chinn an Coimisinéar Teanga, Rónán Ó Domhnaill, in imscrúduithe a rinne sé in 2020 nár comhlíonadh na dualgais atá ar an Roinn agus ar an bhForas faoin Acht Oideachais, 1998.

Léirigh fiosrúchán an Choimisinéara ar an bhForas Taighde ar Oideachas gur chinn an eagraíocht scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhágáil as an áireamh agus trialacha nua do bhunscoileanna á bhforbairt.

Chuir an Foras ocht gcineál éagsúla scoile san áireamh agus iad ag forbairt trialacha nua measúnaithe i léitheoireacht an Bhéarla agus sa Mhatamaitic in 2018 ach ní raibh aon scoil ina raibh an teagasc trí mheán na Gaeilge sa sampla tástála nuair a bhí na trialacha á gcaighdeánú.

Agus an Coimisinéir i mbun fiosrúcháin, mhaígh an Foras nach n-áirítear na scoileanna lán-Ghaeilge mar stratam nó strataim ar leith ach, ina ainneoin sin, míníodh go ndearnadh stratam ar leith de na scoileanna lán-Ghaeilge sa chás seo chun a chinntiú go gcuirfí as an áireamh iad chun críche na samplála.

Dúirt an Foras go ndearnadh an cinneadh seo toisc go raibh brú ama i gceist agus gur braitheadh go gcuirfí forbairt na dtrialacha siar go ceann bliana eile dá gcuirfí scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh.

Dheimhnigh an Foras Taighde le Tuairisc.ie mí Dheireadh Fómhair seo caite nach mbeadh aon leagan Gaeilge de na trialacha ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge go dtí 2023 ar a thúisce.

Agus iad i mbun cumarsáide leis an gCoimisinéir Teanga, dúirt an Foras go raibh brú ollmhór ar thaighdeoirí na heagraíochta ó thaobh gach rud a chur ar líne agus tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun na trialacha nua a riar.

Mheas an Coimisinéir go raibh dualgas reachtúil ar an bhForas i dtaobh na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna agus í a chaomhnú sa Ghaeltacht agusba cheart, a dúirt sé, na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith san áireamh “mar bhun-réamhshocrú in aon fhorbairt ábhartha”.

Bhain an t-imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga ar an Roinn Oideachais leis an tairseach ar líne a cruthaíodh do dhaltaí na hArdteiste a bhí ag iarraidh clárú do ghráid ríofa.

Níor chuir an Roinn Oideachais ar fáil as Gaeilge an tairseach nuair a bhí sí ar oscailt idir an 26-29 Bealtaine anuraidh, ná níor cuireadh ar fáil as Gaeilge na treoracha do phríomhoidí agus do dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge maidir le húsáid na tairsí ag an am céanna leis na treoracha sin i mBéarla.

Dúirt an Roinn Oideachais leis an gCoimisinéir go ndearnadh cinneadh leagan Béarla den tairseach a fhorbairt ar dtús agus nach raibh an t-am ann ansin é a aistriú go Gaeilge. Dúirt an Coimisinéir ina thuarascáil bhliantúil, áfach, nár cuireadh aon fhianaise os a chomhair go raibh sé i gceist ag an Roinn leagan Gaeilge a fhorbairt.

Dúirt an Roinn go raibh an tairseach curtha ar fáil as Gaeilge nuair a osclaíodh arís í mí Iúil agus gur eisíodh leaganacha Gaeilge de na treoracha maidir le húsáid na tairsí ar an 26 Bealtaine, lá tar éis na treoracha a bheith seolta i mBéarla.

D’áitigh an Roinn dá ndéanfaí an tairseach féin agus na treoracha lena húsáid a aistriú go Gaeilge, go gcuirfí moill ar an tréimhse chlárúcháin do gach scoláire agus go gcuirfí leis an mbrú agus an strus a bhí ar scoláirí de dheasca dhúshláin an Covid-19.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur thuig sé gur chruthaigh an phaindéim deacrachtaí eisceachtúla sa chás seo ach nach bhfuil na dualgais atá ar an Roinn Oideachais ag brath “ar thréimhse áirithe a bheith ar fáil inar féidir réamhphleanáil a dhéanamh” ná nach raibh teidlíocht an tsaoránaigh “seirbhís nó cumarsáid a fháil as Gaeilge teagmhasach ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí”.

Dúirt sé go raibh ceanglas reachtúil ar an Roinn an tairseach agus doiciméid tacaíochta a chur ar fáil i nGaeilge agus i nGaeilge agus i mBéarla agus go raibh teipthe ar an Roinn an ceanglas sin a chomhlíonadh.

Mhol an Coimisinéir don Roinn go gcinnteodh sí go gcloítear feasta lena dualgais reachtúla maidir le haon chóras idirghníomhach nua a thabhairt isteach i nGaeilge agus i mBéarla araon agus go gcinnteodh an Roinn go ndéantar soláthar leaganacha Gaeilge a áireamh mar chuid lárnach den phróiseas pleanála faoina gcruthaítear iad.

Fág freagra ar 'Sárú déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas ar a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge'

  • Peadar

    Seo an dream atá freagrach as an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta a riaradh…jóc & ceap magaidh iad an Roinn Oideachais & An Foras Taighde….