‘Leatrom’ á dhéanamh ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus tástáil nua ar fáil i mBéarla amháin

Forbraíodh ‘go speisialta’ d’iarbhunscoileanna na hÉireann uirlis tástála agus diagnóise nua ach níor cuireadh aon leagan Gaeilge di ar fáil

‘Leatrom’ á dhéanamh ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus tástáil nua ar fáil i mBéarla amháin

Ní chuirfear tús go ceann bliana eile leis an obair ar leagan Gaeilge d’áis nua dhigiteach a dhéanann tástáil ar litearthacht daltaí iarbhunscoile.

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) a rinne forbairt ar an triail seo agus rinne an Foras Taighde ar Oideachas(ERC) caighdeánú uirthi. 

Forbraíodh ‘go speisialta d’iarbhunscoileanna na hÉireann’ an uirlis tástála agus diagnóise nua atá dírithe ar dhaltaí na chéad bliana, ach dheimhnigh an Foras Taighde ar Oideachas do Tuairisc.ie nach mbeidh aon leagan Gaeilge di ar fáil do Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta go dtí 2023 ar a thúisce.

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, go raibh “an-díomá” uirthi faoin scéal agus gur léir go raibh “leatrom” á dhéanamh ar dhaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge.

“Tá an-díomá orm faoi seo mar arís tá leatrom á dhéanamh ar dhaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus scoileanna Gaeltachta, a bhfuil orthu fanacht go mbeidh áis cheart acu. Idir an dá linn, déanfar tástáil trí Bhéarla orthu.”

Dúirt Príomhoide Choláiste Naomh Eoin gur áis iontach atá ann a bheadh ina bhuntáiste mór do scoileanna Béarla ó thaobh measúnú a dhéanamh ar na daltaí ach go raibh neamhaird á déanamh ar dhaltaí an Ghaeloideachais.

“Más í an Ghaeilge a gcéad teanga nó más trí Ghaeilge atáthar ag foghlaim, is léir nach bhfuil na deiseanna céanna á thabhairt dóibh,” a dúirt Mairéad Ní Fhátharta.

I ráiteas a chuir urlabhraí ón Fhoras Taighde ar Oideachas ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go mbeadh “straitéis agus plean cuimsitheach” á bhforbairt acu ar an bhliain seo chugainn agus go mbeidís ag dul i mbun chomhairle le lucht an Ghaeloideachais an uair sin faoi leagan Gaeilge.

“I dtús na bliana seo chugainn, beidh an ERC ag obair ar straitéis agus plean cuimsitheach dá chuid trialacha. Mar chuid den obair sin rachaidh sé i gcomhairle leis na dreamanna leasmhara ar fad, ionadaithe na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge ina measc, ionas go bhféadfaí cur leis an obair forbartha ó dheireadh na bliana seo chugainn,” arsa urlabhraí an Fhorais Taighde ar Oideachas.

Dúradh nach mbeadh sé mbeadh sé d’acmhainn ag an Fhoras Taighde ar Oideachas tús a chur leis an obair chun leagan Gaeilge a fhorbairt don triail go dtí fómhar na bliana seo chugainn.

“San obair forbartha atá ar siúl againn faoi láthair, níl de rogha againn ach díriú ar an ardán nua measúnachta ar líne atá againn, rud a fhágann nach mbeidh sé d’acmhainn againn trialacha nua a fhorbairt go dtí an fómhar seo chugainn,” a dúradh i ráiteas a chuir an Foras Taighde ar Oideachas ar fáil do Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Leatrom’ á dhéanamh ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus tástáil nua ar fáil i mBéarla amháin'

  • Bríd

    Sin anois do Pholasai don Oid. Gaeltachta. Tá an teanga i gCré na Cille de bharr a gcur i gcéill.

  • Pól Ó Braoin

    Tochas gan ingne í an Ghaeilge agus lucht a labhartha i súile na n-údarás sa tír seo. Is mar chineál caitheamh aimsire gan tábhacht a bhreathnaíonn rialtas na tíre seo ar ár dteanga agus ní mar theanga oifigiúil, faraor, agus fágfar in áit na leithphingne í go dtí go mbíonn muid in ann na páirtíthe polaitíochta atá i gceannas faoi láthair orainn a chaitheamh amach. Is bocht an scéal é gur i mbéarla amháin atá na tástálacha sin ar fáil, ach ní bheidh muid in ann ach seasamh le chéíle chomh maith agus is féidir idir an dá linn.