Tá séala aistriúcháin bronnta ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin ar 11 duine ar éirigh leo i scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí in 2020.
49 iarrthóir a thug faoin scrúdú is déanaí.
Tá an séala faighte ag 220 aistritheoir ó bhunaigh Foras na Gaeilge é in 2006.
Chinn Foras na Gaeilge scrúdú eile a reáchtáil i mbliana do dhaoine a dteastaíonn uathu Séala an Aistriúcháin a bhaint amach.
Ní raibh sé i gceist an scrúdú aistriúcháin a reáchtáil arís go dtí 2022 ach, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo mí na Nollag seo caite, bhí díomá ar roinnt daoine nuair a cuireadh stop go luath le glacadh iarratas ar an scrúdú a bhí ar siúl mí na Nollag seo caite.
Bunaíodh an Séala d’aistritheoirí in 2006 agus é áirithe ar an cháilíocht gairmiúil is tábhachtaí do shaoraistritheoirí na Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó ó chliaint eile.
Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.
Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge gur “ábhar misnigh” an t-éileamh a bhí ar scrúdú an tSéala in 2020.
“Tá áthas orm a chur in iúl go bhfuil an Séala á bhronnadh againn inniu ar aistritheoirí ní hamháin ar fud an oileáin, ach sa Phortaingéil agus sa Ghearmáin.
“Tá borradh as cuimse tagtha ar earnáil an aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm, agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó dheas chomh maith le forbairtí eile ó thuaidh agus stádas oifigiúil na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh.”
Seo liosta na ndaoine is déanaí a bhain an séala amach.
Róisín Louise Adams | Co. na Gaillimhe |
---|---|
Cathal Burke | Co. Shligigh |
Fíona Faherty | Co. Chill Mhantáin |
Siobhán Fay | An Phortaingéil |
Shane Grant | Co. Chiarraí |
James Kelly | Co. Thiobraid Árann |
John Kelly | An Ghearmáin |
Darren Patrick Mag Aoidh | Co. an Dúin |
Fionnuala Nic Pháidín | Co. Mhaigh Eo |
Dónall Seosamh Ó Braonáin | Co. na Gaillimhe |
Dónal Ó Gallachóir | Co. Bhaile Átha Cliath |
Fág freagra ar 'Séala aistriúcháin bronnta ar 11 de leathchéad iarrthóir'