An cat curtha i lár na canóna – céard iad na húrscéalta Gaeilge is fearr?’

Tá an cat sa gcolmlann anois de bharr chomhdháil Bhriain Uí Chonchubhair, Notre Dame, ar na húrscéalta Gaeilge is fearr riamh, rud atá fíorshláintiúil, a deir ár gcolúnaí

Cartoon triod chopped
LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

Is go rómhinic a bhíonn an lucht acadúil — agus scríbhneoirí, fiú! — ar aon fhocal faoi gach uile shórt, agus ní dochar ar bith é ó am go chéile an cat a chur i measc na gcolúr acu. Agus sin é go díreach a rinne Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame nuair a chuir sé an cheist ‘Céard iad na húrscéalta Gaeilge is fearr san fhichiú haois?’ ag comhdháil ar chanóin úrscéalta na Gaeilge a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le gairid. ‘Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn iad a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna agus ar cheart dúinn iad a cheiliúradh?’ Agus, dar ndóigh, d’ardaigh sé sin ceist eile: céard is úrscéal ann? Agus leis an díospóireacht a chur chun cinn, thug an Conchubharach féin freagra na ceiste sin dúinn, an sainmhíniú a bhí ag Alan Titley in An tÚrscéal sa Ghaeilge: píosa fada ficsin.

Cúig úrscéal déag a chuir an Conchubharach, Philip O’Leary (Boston College), agus a gcoiste comhairleoirí (idir scoláirí agus scríbhneoirí) faoinár mbráid: Séadna le Peadar Ó Laoghaire, Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire, Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna, An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, Cré na Cille agus Fuíoll Fuine le Máirtín Ó Cadhain, An Uain Bheo agus Caoin Tú Féin le Diarmaid Ó Súilleabháin, Dé Luain le hEoghan Ó Tuairisg, Néal Maidine agus Tine Oíche le Breandán Ó Doibhlin, Méirscrí na Treibhe agus Fear Dána le hAlan Titley, Cuaifeach mo Lon Dubh Buí le Séamas Mac Annaidh, Desiderius a Dó le Pádraig Ó Cíobháin, Éagnairc le Pádraig Ó Siadhail.

Mar aguisín leis sin, nó mar riail díospóireachta le linn na comhdhála, bhí cead ag duine úrscéal nua a mholadh le cur leis an gcanóin, ach moladh a dhéanamh ar dtús go mbainfí úrscéal den liosta chun áit a dhéanamh dó. Ní spraoi go dtí é!

Ní chuirfidh sé iontas ar dhuine ar bith nár baineadh aon leabhar den chanóin le linn na comhdhála — tharla, is dócha, gur úrscéalta le húdair atá ina mbeatha fós is mó a bheadh i gceist — cé go raibh glacadh ginearálta leis an moladh gur chóir dhá leabhar a chur leis an liosta: An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil agus Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir. Rud a d’fhág 17 úrscéal i gCanóin Notre Dame. 

Scríobhneoirí
Rannpháirtithe na comhdhála ar chanón litríochta na Gaeilge a d’eagraigh Ollscoil Notre Dame le déanaí i mBaile Átha Cliath

Bhí ceist ann freisin faoi Fuíoll Fuine le Máirtín Ó Cadhain: murar aithin an t-údar féin mar úrscéal é, ar chóir é a chur san áireamh? Agus bhí aontú ginearálta ann nár chóir go mbeadh níos mó ná leabhar amháin ar an liosta ag gach údar — cé go mbeinn féin go mór in amhras faoi sin. An liosta úrscéalaithe atá uainn, nó liosta úrscéalta?

Ar an gcéad dul síos, déarfaidh mé go bhfuilimid go mór faoi chomaoin ag Brian Ó Conchubhair agus a chairde. Beidh cur is cúiteamh, cogarnaíl i gcúinní agus cruinnithe ar chúla téarmaí go ceann i bhfad eile ar an ábhar seo. Cé go bhfuilid ann a déarfadh go bhfuil coincheap na canóna as faisean (faisean é nár tháinig chomh fada linne, más ea), tharla nach bhfuil an leanúnachas céanna i gcúrsaí léirmheastóireachta agus i gcroinicí na litríochta sna meáin sin againne, ní miste leithéidí ‘Na Deich Leabhar is Fearr ó…’ agus ‘Na Seacht nÚrscéal Déag is Fearr Riamh’ chun díospóireachtaí a spreagadh agus smaointe nua a chur sa gcúrsaíocht.

Ach cá bhfágann Canóin Notre Dame muid? Braithimse go bhfuil an liosta claonta rómhór i dtreo riachtanais ollscoile. Má tá a leithéid seo de léachtóir ag iarraidh modúl a dhéanamh ar an gcoimhthíos, cuir i gcás, nó ar an iarchoilíneachas, ar an iarnua-aoiseachas, ar an réalachas sóisialta nó ar an réalachas draíochtúil, i liosta mar seo, gheobhaidh sé ábhar Gaeilge le cur lena théis.

Tá go maith, ach fágann an claonadh sin i dtreo na smaointeoireachta san úrscéal críochnúlacht agus dea-scríobh an úrscéil ar lár (ná bac le stíl na scríbhneoireachta, féach ar a chuid téamaí!). D’fhágfadh sé freisin go bhféadfadh ‘téacsanna tábhachtacha’ a bheith ar an liosta nach úrscéalta maithe iad. Sna cainteanna a rinneadh ar son na gcúig leabhar déag ar an liosta, is beag duine a thagair ar chor ar bith do stíl agus dea-scríbhneoireacht. Agus nuair a chloisim duine ag labhairt ar stíl ‘dhúshlánach’ (amhail is gur bua a bhí ann), is iondúil gur teip i gceardaíocht na scríbhneoireachta a thuigimse leis sin. 

Cé go mbraithim go ginearálta go bhfuil rogha mhaith déanta i gCanóin Notre Dame, ní gá a rá nach dtagaim le gach leabhar a roghnaíodh. Cheistneoinn, cuir i gcás, roghnú Méirscrí na Treibhe le Titley. B’fhearr liom Stiall Fhial Feola leis an údar céanna míle uair. Ach i MnaT téitear i ngleic leis an iarchoilíneachas, agus fágann sin nach bhfuil seans ag SFF, ar fearr go mór fada é mar phíosa scríbhneoireachta (agus atá míle uair níos fearr ná rud ar bith a scríobh Thomas Harris sa mBéarla ar an ábhar céanna). Ar an gcaoi chéanna roghnóinn L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc thar Dé Luain (úrscéal a phléann le 1916 ach nach bhfuil chomh críochnúil mar úrscéal le L’Attaque).

Céard faoi Éagnairc le Pádraig Ó Siadhail? Tá úrscéalta i bhfad níos fearr scríofa ag Pádraig Ó Siadhail, Peaca an tSinsir, cur i gcás, nó Beirt Bhan Mhisniúla. Ach in ainneoin go bhfuil Éagnairc scríofa i bprós trom amscaí (agus é sa dara pearsa) is faoi Dhomhnach na Fola é, agus tugann sé deis dár n-aos léinn an cogadh ó thuaidh a phlé i dtéarmaí na litríochta.

Néal Maidine agus Tine Oíche? Is beag duine a déarfadh nach píosa tábhachtach scríbhneoireachta é agus, de réir slat tomhais an Chonchubharaigh, is úrscéal é. Ach seo é an áit a dtagann sainmhíniú ar an úrscéal i gceist — an leor ‘píosa fada ficsin’ mar shlat tomhais? Ní mar úrscéal a d’áireoinnse NMTO ach mar sheanmóir nó mar aiste phróis. Agus, mar sheanmóir mhór fhada, déarfainn go n-éiríonn go seoigh leis, ach mar úrscéal is dóigh liom go bhfuil sé rómhór i dtuilleamaí an aon stíl amháin phróis agus nach ngabhfadh beagán crosánachta amú air. Go deimhin, mura n-áireoinn é ar cheann de na húrscéalta is fearr a foilsíodh sa gcéad seo caite, is cinnte go mbeadh sé le háireamh ar chanóin na litríochta fré chéile.

Ansin tá An Uain Bheo agus Caoin Tú Féin le Diarmaid Ó Súilleabháin againn. Arís, is úrscéalta iad seo a mbeadh an-tóir orthu ar an gcampus (is féidir na boscaí a thiceáil: coimhthíos, réalachas, nua-aoiseachas) ach is beag a bhíonn ag aon duine le rá fúthu ó thaobh stíle de, nó ó thaobh dea-scríbhneoireachta is críochnúlachta de. B’fhéidir go ngéillfinn orlach do lucht na smaointeoireachta, ach dhá orlach!

Pé ar bith é, gníomh misnigh a bhí i bhfoilsiú na canóna seo, agus tá an lucht eagair le moladh go hard. Tá an cat sa gcolmlann anois acu agus is bocht an cat nach gcuirfeadh colúr nó dhó in aer. Tá mé ag súil go mbeidh plé á dhéanamh ar Chanóin Notre Dame ag na colúir sin againne anois go ceann bhfad i eile, agus dhá shúil agam nach ag aontú le chéile a bheimid.

Fág freagra ar 'An cat curtha i lár na canóna – céard iad na húrscéalta Gaeilge is fearr?’'

  • Antain Mac Lochlainn

    Chuirfinnse ‘Gluaiseacht’ Alan Titley lena leithéid de liosta. Leabhar gairid, cinnte, ach leabhar cumhachtach.

  • Darach Ó Scolaí

    Hmmmm. Níl sé chomh ‘Titllíoch’ leis na leabhair eile, agus níor foilsíodh í sa 20ú hAois.
    Céard déarfá le ‘Fonn a Níos Fiach’ le Pádraig Ó Maoileoin?

  • Breandán Ó Cróinín

    Alt ana-spéisiúil, ana-mhaith. Chuirfinnse ‘Bríde Bhán’ beagáinín beag chun tosaigh ar ‘Fonn a Níos Fiach’. Is ait liom ná raibh ceann éigin acu ar an liosta. Cad fé ‘Ar Bhruach na Laoi’ Liam Uí Mhuirthile? Agus ba cheart ‘An Gealas i Lár na Léithe’ Phádraig Uí Chíobháin a bheith ar aon liosta den tsaghas so. Séamus Ó Grianna (Máire) éinne? ‘Bean Ruadh de Dhálach’ nó ‘Tairngreacht Mhiseoige’ nó ab amhlaidh atá a leithéidí as faisean anois? Tá’s agam go bhfuilid ‘maoithneach’ ach fós . . . an teanga iontu! Agus ‘L’Attaque’ seachas ‘Dé Luain’ le hEoghan ÓTuairisc aon lá! Áthas orm ‘An Fear Dána’ a fheiscint ann áfach. Anois, ambaic.