Agus an ciúnas i réim, an bhfuil tada foghlamtha againn faoin turasóireacht?

Ní fheicim aon iarracht mhór á déanamh chun cuid den bhrú a bhaint de bhóithre agus de bhealaí taistil na gceantar móra turasóireachta

Agus an ciúnas i réim, an bhfuil tada foghlamtha againn faoin turasóireacht?

Beidh ceisteanna go leor á gcur ag daoine orthu féin nuair a bheas cúrsaí an tsaoil ina gceart arís. Cén chaoi ar chaith mé an t-am? Tá bliain caite agam – cén tairbhe a bhain mé aisti, má bhí aon tairbhe le baint aisti? Agus rud eile, cén t-athrú mór a thiocfas dá bharr seo uilig?

Feicim rudaí beaga thart orm na maidineacha seo: Daltaí de gach aois ag dul ar scoil ar rothair – agus iad go minic á dtionlacan ag a n-athair; daoine ag ceannach bia ón siopa áitiúil chun na scuainí san ollmhargadh a sheachaint; páistí scoile á dtabhairt amach faoin aer agus iad ar thuras dúlra, agus go leor eile.

Beidh le feiceáil amach anseo, an leanfar leis na dea-chleachtais sin. Níl iontu ach rudaí beaga ach is cinnte gur athruithe dearfacha atá iontu.

Bím ag léamh faoi chúrsaí turasóireachta go minic na laethanta seo freisin – an dúil sa taisteal, ní féidir é a cheansú, faraor. Agus anois teacht an earraigh, feicim na fógraí ó Fáilte 

Éireann ag cur béime arís ar na ceantair is áille agus is tarraingtí sa tír.

Ach an rud nach dtugaim faoi deara ná aon athrú treo ina gcuid smaointeoireachta. Ní fheicim aon iarracht mhór á déanamh chun cuid den bhrú a bhaint de bhóithre agus de bhealaí taistil sna ceantair sin.

B’iontach an uirlis mhargaíochta a bhí i mBealach an Atlantaigh Fhiáin. Ach chonaic muid ar fad na bóithre plúchta le trácht, na hóstáin lán, na praghsanna ardaithe, na háiteanna áille ag cur thar maoil le sluaite turasóirí – an bhfuil muid ag pleanáil chun cinn agus ag súil leis an rud céanna arís?

Cén chaoi ar chaith an lucht pleanála tréimhse na dianghlasála? a fhiafraím díom féin.

An bhfuil tada le foghlaim agus an ciúnas i réim? Cé atá ag súil leis na tranglaim thráchta arís in Iarthar Dhuibhneach?

Scríobh mé anseo cheana faoi cheannródaíocht na Comhairle Contae i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin maidir le tógáil bealaí rothaíochta. Bhí clár iomlán Nationwide faoi i dtús mhí na Márta ar RTÉ a hAon.

Measaim go raibh an Chomhairle Chontae réidh le dul i mbun gnímh a thúisce agus a thosaigh an dianghlasáil. Beagnach thar oíche, thosaigh an obair ar na príomhbhóithre thart anseo agus tosaíodh ag réiteach soilse tráchta agus ag leagan bacanna idir na bóithre agus na bealaí nua rothaíochta.

Go dtí le gairid níor chuir éinne ina choinne ach amháin i nDumhach Thrá áit a bhfuair dream áitiúil urghaire cúirte i gcoinne na n-oibreacha agus tá an fhorbairt stoptha ansin.

I gCluain Tarbh ar an taobh ó thuaidh den abhainn, bhí an bealach rothaíochta déanta cheana féin agus bíonn sé dubh le daoine an t-am ar fad.

Agus is léir go bhfuil an-úsáid á baint as na bealaí nua agus na páiste gaibhte ar ais ar scoil. Is léir freisin go bhfuil beocht nua i mbailte thart anseo – bailte a mbíodh sé de cháil orthu nach raibh tada iontu ach gníomhairí tithíochta agus siopaí fón póca. 

Tá sampla iontach den phleanáil fhadtéarmach i gcathair Firenze na hIodáile. B’fhacthas do na húdaráis ansin go raibh siad imithe i dtigh an diabhail le líon na dturasóirí a bhí ag tarraingt ar an gcathair bliain i ndiaidh bliana. 

Dar le stiúrthóir Dhánlann Ealaíne Uffizi, shroicheadar an buaicphointe, nó an t-íosphointe, sa mbliain 2019. Bhí an oiread sin daoine ag tabhairt cuairte ar an gcathair go dtógadh sé suas le deich nóiméad ar dhuine a dhul trasna an Ponte Vecchio ansin – agus gan ann ach droichead beag trasna an Arno.

Gearmánach é Eike Schmidt atá i gceannas ar an Uffizi, ceann de na dánlanna is tábhachtaí agus is mó cáil ar domhan. Is ann atá saothair ealaíne le Michelangelo, Botticelli, Da Vinci agus Titian i measc an iliomad eile.

Is é an plean atá ag Schmidt ná go scaipfí cuid de na saothair ealaíne thart timpeall ar cheantar na Tuscáine – cuid díobh i gcaisleáin agus i mbailte a bhfuil dlúthcheangal acu le healaíontóirí.

Mar shampla, bhí caisleán nó ‘villa’ ag muintir Medici, teaghlach mór tábhachtach  idir an 15ú agus an 18ú haois, i mbaile beag gar do Firenze- Montelupo Fiorentino.

Is ón gcaisleán seo a tháinig riar mór de na saothair ealaíne an chéad lá agus tá sé beartaithe ag Schmidt, go ndéanfaí athchóiriú iomlán ar an áit agus go meallfaí turasóirí amach as an gcathair dá bharr.

Tá a phlean maidir le dílárú na healaíne bunaithe ar phlean atá ag obair cheana féin i réimse na turasóireachta – ‘Albherghi Diffusi’. Séard is brí leis ná go mbíonn  seomraí óstáin scaipthe ar fud bailte ársa stairiúla, agus iad lonnaithe i dtithe éagsúla, seachas a bheith in aon áit amháin. Tabharfar ‘Uffizi Diffuzi’ ar an tionscadal maidir leis an ealaín agus tá sé i gceist tús a chur leis i mbliana, ar scála beag.

Is sampla é Firenze, den turasóireacht atá imithe thar fóir. Is sample maith eile an Veinéis – tá an chathair sin tréigthe a bheag nó a mhór ag gnáth-áitritheoirí de bharr an bhrú ó thurasóirí.

Sa mbliain 2019, an bhliain dheireanach a raibh an ‘ghnáth-thurasóireacht’ againn, tháinig 4.8 milliún duine ar cuairt chuig Firenze. Thug a leath díobh sin cuairt ar Dhánlann Uffizi. Ach is foirgneamh ón 16ú aois é – ní raibh sé i gceist riamh go siúlfadh na milliúin duine thart ann.

Nach ndéanann sé i bhfad níos mó céille go mbeidh saothair le feiceáil in áiteacha éagsúla ar fud an cheantair seachas iad ar fad a bheith brúite in aon chathair bheag stairiúil amháin?

Inár gcás féin, an bhfuil éinne ag smaoineamh ar an mbrú turasóireachta a thiocfaidh arís le carranna, busanna agus báid mhóra paisinéirí ag tabhairt cuairteanna lae ar oileáin bheaga amach ón gcósta thiar? Agus céard faoi rothaithe ag cycláil ar bhóithre contúirteacha gan aon bhealaí cearta rothaíochta orthu?

Bíonn grianghrafanna agus póstaeir Fáilte Éireann an-mhealltach ar fad – sléibhte sceirdiúla, bóithre ciúine gan aon trácht, oileáin lán cultúir agus traidisiúin, bia agus deoch ar chaighdeán ard le fáil i ngach cearn.

Ach cá’il an fhírinne ansin? Ar thriail tú teacht amach as Gaillimh ar rothar le gairid? Ar shiúil tú ar thaobh an  phríomhbhóthair sa mBoirinn? An bhfuair tú seomra in óstán i nGaillimh ar phraghas réasúnach le linn an tsamhraidh? Ar thóg tú an bád go hÁrainn mí Iúil? 

Tá forbairt iontach déanta againn ó na nóchaidí i leith. Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na dturasóirí. Ach tá sé thar am iad a scaipeadh go dtí ceantair eile seachas na cinn is mó cáil. Tóg amach as na carranna iad mar atá déanta le muintir Bhaile Átha Cliath agus b’fhéidir go bhfeicfidh siad go bhfuil áilleacht in áiteanna nach raibh aon tsúil acu léi.

B’fhéidir nach mbeidh aon saothar le Michelangelo i mbaile beag i gContae Ros Comáin ach beidh áilleacht an nádúir ann, beidh daoine gnaíúla ann agus leaba agus bia le fáil taobh amuigh de na bailte plódaithe. 

Feicfidh mé sibh Tigh Durkin i mBealach a’Doirín.

Fág freagra ar 'Agus an ciúnas i réim, an bhfuil tada foghlamtha againn faoin turasóireacht?'

  • An Fiach Liath

    Nach méanar duit!!! “Ní ar arán a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.” – ach is mór an chabhair an t-arán céanna sin.