Cáineadh déanta ar ghraifítí frithGhaelach i mBéal Feirste

Dúirt comhairleoir nach bhféadfaí glacadh leis na teachtaireachtaí fhrithGhaelacha atá le feiceáil i mBéal Feirste le roinnt laethanta anuas

Cáineadh déanta ar ghraifítí frithGhaelach i mBéal Feirste

Tá cáineadh déanta ar ghraifítí frithGhaelach i mBéal Feirste atá ag cur i gcoinne comharthaíocht sráide dhátheangach sa chathair.

Péinteáladh an teachtaireacht “no Irish street signs in this area” ar bhalla ar Bhóthar an Chaisleáin Riabhaigh in oirthear Bhéal Feirste le cúpla lá anuas. Bhí treoir gunna tarraingthe taobh leis an teachtaireacht.

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí nua ag tús na bliana chun comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil sa chathair.

Is féidir le duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má thacaíonn 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh, glacfar leis.

Cuireadh fáilte mhór roimh an bpolasaí nua ach mhaígh an DUP gur “easaontas agus olc” a bheadh mar thoradh ar “na hathruithe radacacha”.

Dúirt comhairleoir de chuid an SDLP, Séamas de Faoite, nach bhféadfaí glacadh leis an teachtaireacht fhrithGhaelach seo ná le cinn eile a bhí curtha in airde le roinnt laethanta anuas.

“Níor cheart go ndéanfaí bagairt ar aon duine i mBéal Feirste atá ag glacadh páirt inár n-oidhreacht teanga shaibhir,” a dúirt de Faoite agus é ag labhairt leis an Irish News.

Tá cinneadh glactha anois ag Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin chun é a dhéanamh níos éasca comharthaíocht sráide dhátheangach a chur in airde.

Roimhe seo, má rinneadh iarratas comhartha dátheangach a chur suas, bhí ar 66% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid glacadh leis an moladh ach tá an tairseach sin anois laghdaithe go dtí go dtí 15%, mar atá i gceist i mBéal Feirste.

Comhairleoir de chuid Shinn Féin, Michael Cooper, a chuir an moladh os comhair na Comhairle de bharr, dar leis, an-éileamh a bheith ar chomharthaí dátheangacha sa cheantar.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar ghraifítí frithGhaelach i mBéal Feirste'

  • Antóin

    Graifítí frithGhaelach i mBéal Feirste. Cén fáth an t-iontas?

    Má thacaíonn 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh, glacfar leis? Laghdaithe ó 66%!

    Dá mbeadh cead ag 15% de thoghthóirí i gceantar a rogha rud a dhéanamh cén toradh a mheasann tú a bheadh ar a leithéid?

    Céard faoin 85% eile? Is dealraitheach go bhfuil an saol bun os cionn.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhféadfadh sé a bheith fíor go mbeadh 85% in aghaidh comhartha dhátheangach agus fós go ndéanfaí an comhartha a chur suas, in ainneoin toil an mórchuid ar an sráid?

  • Cathal Mac Dhaibhéid

    Iontas na n-iontas.

    PS Ní treoir gunna é sin in aice leis an teachtaireacht, dar liom. Sílim gur siombail na bhforchiníoch geal atá i gceist, atá spreagtha – íorónta go maith – ag an Chros Cheilteach.