Ní bheidh aon nuacht i nGaeilge le cloisteáil san oíche ar RTÉ Raidió a hAon ná ar RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta.
Is mar gheall ar chiorruithe nua atá beartaithe ag Raidió na Gaeltachta ar a seirbhís a chuirfear stop leis na míreanna nuachta san oíche ar an dá stáisiún tar éis 7pm.
Foireann Raidió na Gaeltachta a chuireann na míreanna nuachta i nGaeilge ar fáil do RTÉ.
Faoin gcóras nua atá á thabhairt isteach mar gheall ar “bhrú ar acmhainní foirne” i Raidió na Gaeltachta, cuirfear deireadh leis na míreanna nuachta ag 8pm agus 10pm ar an stáisiún Gaeilge.
Cuirfear deireadh leis an mír nuachta ar RTÉ Raidió a hAon ag 9pm chomh maith, rud a fhágann nach mbeidh aon nuacht le cloisteáil ar an raidió tar éis 7pm.
Beidh feasachán nuachta nua ar RTÉ Raidió na hAon ag 7pm in áit an fheasacháin ag a 9pm. Dúirt urlabhraí ó RTÉ go mbeidh níos mó daoine ag éisteacht leis na ceannlínte Gaeilge ag 7pm.
Dúirt urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcaithfeadh an stáisiún an leas is fearr a d’fhéadfaí a bhaint as na hacmhainní atá acu.
“Beidh athrú ar na feasacháin oíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 28 Meán Fómhair i leith. Seo de bharr brú a bheith ar acmhainní foirne i láthair na huaire. In iarracht an úsáid is fearr agus is ciallmhaire a bhaint as na hacmhainní atá ag an tseirbhís, tá cinneadh déanta gan na feasacháin ag 8pm nó 10pm a chraoladh ó Luan go hAoine feasta,” a dúirt an t-urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
An Teanga Bheo
Mó leán ár dTeanga faoi bhrú aríst
Brian de Grás
Coimisún Craolacháin ná hÉireann?
Scéim Teanga RTÉ?
An Coimisinéir Teanga?
Conradh na Gaeilge?
An Roinn Dhoirteal na Cistine & na Gaeilge?
Foras na Gaeilge?
Téimis i bpáirt, leaids.
Saineolaí
@Brian de Grás. Faic á dhéanamh ag quangos na Gaeilge.