Deireadh á chur ag Raidió na Gaeltachta agus RTÉ le ceannlínte nuachta Gaeilge san oíche

Ag 7pm a bheidh na feasacháin nuachta Gaeilge deireanacha le cloisteáil ar RTÉ Raidió a hAon agus ar RnaG ó dheireadh na míosa seo

Deireadh á chur ag Raidió na Gaeltachta agus RTÉ le ceannlínte nuachta Gaeilge san oíche

Ní bheidh aon nuacht i nGaeilge le cloisteáil san oíche ar RTÉ Raidió a hAon ná ar RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta.

Is mar gheall ar chiorruithe nua atá beartaithe ag Raidió na Gaeltachta ar a seirbhís a chuirfear stop leis na míreanna nuachta san oíche ar an dá stáisiún tar éis 7pm.

Foireann Raidió na Gaeltachta a chuireann na míreanna nuachta i nGaeilge ar fáil do RTÉ.

Faoin gcóras nua atá á thabhairt isteach mar gheall ar “bhrú ar acmhainní foirne” i Raidió na Gaeltachta, cuirfear deireadh leis na míreanna nuachta ag 8pm agus 10pm ar an stáisiún Gaeilge.

Cuirfear deireadh leis an mír nuachta ar RTÉ Raidió a hAon ag 9pm chomh maith, rud a fhágann nach mbeidh aon nuacht le cloisteáil ar an raidió tar éis 7pm.

Beidh feasachán nuachta nua ar RTÉ Raidió na hAon ag 7pm in áit an fheasacháin ag a 9pm. Dúirt urlabhraí ó RTÉ go mbeidh níos mó daoine ag éisteacht leis na ceannlínte Gaeilge ag 7pm.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcaithfeadh an stáisiún an leas is fearr a d’fhéadfaí a bhaint as na hacmhainní atá acu.

“Beidh athrú ar na feasacháin oíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 28 Meán Fómhair i leith. Seo de bharr brú a bheith ar acmhainní foirne i láthair na huaire.  In iarracht an úsáid is fearr agus is ciallmhaire a bhaint as na hacmhainní atá ag an tseirbhís, tá cinneadh déanta gan na feasacháin ag 8pm nó 10pm a chraoladh ó Luan go hAoine feasta,” a dúirt an t-urlabhraí  ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Fág freagra ar 'Deireadh á chur ag Raidió na Gaeltachta agus RTÉ le ceannlínte nuachta Gaeilge san oíche'

  • An Teanga Bheo

    Mó leán ár dTeanga faoi bhrú aríst

  • Brian de Grás

    Coimisún Craolacháin ná hÉireann?
    Scéim Teanga RTÉ?
    An Coimisinéir Teanga?
    Conradh na Gaeilge?
    An Roinn Dhoirteal na Cistine & na Gaeilge?
    Foras na Gaeilge?
    Téimis i bpáirt, leaids.

  • Saineolaí

    @Brian de Grás. Faic á dhéanamh ag quangos na Gaeilge.