An chéad dráma ‘drive-in’ Gaeilge le bheith ar siúl i gConamara an mhí seo chugainn

Léiriú de chuid Fíbín atá sa dráma nua ‘Fiach’ a bheidh á thaispeáint ar mhaithe le siamsaíocht bheo a chur ar fáil don phobal aimsir an choróinvíris

An chéad dráma ‘drive-in’ Gaeilge le bheith ar siúl i gConamara an mhí seo chugainn

Léireofar an chéad dráma tiomáin isteach nó ‘drive-in’ Gaeilge in Éirinn an mhí seo chugainn agus compántas amharclannaíochta i gConamara ag iarraidh siamsaíocht bheo a chur ar fáil don phobal aimsir seo an choróinvíris.

Beidh blaiseadh den amharclannaíocht, den scannánaíocht agus den drámaíocht raidió sa dráma Fiach, saothar nua de chuid Philip Doherty.

Beidh na taispeántais ar siúl ag ceannáras Fíbín i mBaile na hAbhann agus seans ag an bpobal an dráma a fheiceáil agus iad ina suí ina gcuid carranna.

Is iad Dara Devaney, a fuair dhá ainmniúchán aisteoireachta do na gradaim IFTA an tseachtain seo, agus Fionnuala Flaherty na príomhaisteoirí sa dráma, a insíonn scéal Gharda reibiliúnach atá sa tóir ar mhaistín áitiúil agus a leanann isteach sa Domhan Thíos é.

Deir Fíbín go bhfuil ríméad orthu siamsaíocht bheo a chur ar fáil don phobal agus obair a chur ar fáil chomh maith d’ealaíontóirí cruthaitheacha, go háitiúil agus go náisiúnta, le linn na tréimhse corraithí seo.

“Theastaigh ó Fíbín tabhairt faoin dúshlán agus amharclannaíocht a bheadh sábháilte ach a mbeadh éirí croí inti a chruthú,” arsa Philip Doherty.

“Bhí orainn a bheith ag smaoineamh lasmuigh den bhosca, agus más tada é, tá sé i ndiaidh brú a chur orainn a bheith níos cruthaithí agus smaointe nua á dtionscnamh don léiriú.“

“Tá ríméad orainn go bhfuil muid in ann cuireadh a thabhairt do lucht féachana chuig Fiach, ár seó amharclannaíochta drive-in, áit ar féidir le daoine taitneamh a bhaint as a bheith ag féachaint ar scéal i dteannta a chéile in atmaisféar iontach.”

Beidh Fiach á thaispeáint idir an 12-22 Lúnasa agus €25 an costas carr a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'An chéad dráma ‘drive-in’ Gaeilge le bheith ar siúl i gConamara an mhí seo chugainn'