AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, Wild Strawberries agus dánta díghlasála

Sa mhír seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, Wild Strawberries agus dánta díghlasála

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tháinig mé ar an mblúire seo le déanaí i nuachtlitir de chuid Fhoras na Gaeilge Líon an Dúlra’:

Ba mhór an tubaiste é nuair a scrios dóiteán cuid mhaith d’Ardeaglais Notre Dame i bPáras in Aibreán 2019 … Cuireadh coirceoga beach ar dhíon na hArdeaglaise sa bhliain 2013 chun cur le líon na mbeach sa chathair. Bhí iontas ar go leor nuair a chuala siad gur tháinig beacha agus na coirceoga slán ón tine. Úsáideann beachairí deatach chun na beacha a shuaimhniú nuair a chruinníonn siad an mhil. Measann beachaire Notre Dame go raibh na beacha ar meisce ag toit agus teas na tine agus gur thit siad ina gcodladh cé go raibh tine uafásach díreach in aice leo.

Ní codladh an tsicín ná codladh an traonaigh ná codladh na Caillí Béarra féin a thit ormsa an samhradh uafar seo ach néal na mbeach in Notre Dame.

Ní hin le rá nár mhúscail scríbhneoirí áirithe ón támh mé geábhanna ó cuireadh glas ar an gcoirceog agus claibín ar an scib. An feannadóir fileata, Máire Ní Fhinneadha, bhain a ‘Little Book of Covid Clichés’ ar Tuairisc.ie preibín deas gáire asam: Is geal géar freisin iad na dánta a chrochann Peter Sirr ar Facebook, ó lá go lá. Lines for a Lockdown a bhí mar ainm ar an gcéad sciar uaidh agus tá a leath eile anois ann, Lines for an Unlocking. Ní hamháin go roghnaíonn sé na saothair sin (idir Ghaeilge agus Bhéarla) le cáiréis ach tá píosa álainn uaidh féin ina measc. In ‘Advice from the Editors’, taispeánann sé a dheacra is atá sé aon ní speisiúil a chumadh faoi théama na cóibhide, go bhfuil seanbhlas cheana féin ar imeachtaí na madraí rua. Tá dán Sirr lán spraoi ar dtús ach ní hin le rá nach bhfuil maorgacht nach beag ag baint lena dheireadh: ‘we will not always be in the woods/ time is out there even now/ shrinking the distances … there are lives/ beyond this there’s a hunger/ no grief can satisfy.’ Is deacair breith ar an meandar doghabhála seo ach is dóigh liom go ndéanann sé féin agus roinnt filí eile an beart — Seán Lysaght agus Seosamh Ó Murchú, cuir i gcás — go dtugann siad an teas agus an teannas leo gan ligean dó fuarú.

Níor léas féin ‘a bhfuil de leabhra sa teach’, mar a rinne daoine áirithe! D’fhilleas ar shaothair áirithe a bhfuil m’anam iontu le fada. D’alpas Do Lorg: Dánta agus Aortha le Pól Breathnach siar arís, i mo shuí dom ar charraig cois trá. Tá cruas an-chruinn agus fiántas ceart drúisiúil ag baint leis mar shaothar. Is é an leabhar sin agus radharc dúbailte Paddy Bush (Double Vision) ba mhó a chuaigh i gcion orm sna laethanta tosaigh. Bhaineas an-taitneamh as Sa Teach Seo Anocht le Micheál Ó Conghaile agus Hamnet le Maggie O’Farrell. Chuireas réamhordú isteach ar A Ghost in the Throat, an leabhar is déanaí le Doireann Ní Ghríofa agus tá mé ag tnúth leis.

Chuas ag póirseáil níos mó ná uair amháin in Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, rud a dhéanaim i gcónaí nuair nach mbíonn na dánta ag teacht. I gceann do na grinnscéalta ann, deir an fear go crosta lena bhean chéile go mbeadh an focal déanach aici ar gach éinne ach ar mhacalla. Port na Cóibhide.

Ó thaobh na healaíne de, rinneas cúrsa saor in aisce – nach raibh saor in aisce –  ar an dearadh grafach. D’fhoghlaimíos go bhfuil béar le feiceáil sa phictiúr den sliabh ar phacáiste triantánach an Toblerone agus gur chóir gach rud a phriontáil gan dath ar dtús. Má éiríonn leis mar dhearadh liathscála, tá leat.

D’fhéachas in athuair ar an scannán dubh agus bán ba mhó le m’athair, Wild Strawberries. Cor cainte de chuid na Sualainnise a spreag an teideal:  Nuair a ligeas le cara liom sa Ghúm gur leaba sú talún ba chiall litriúil leis an teideal ach gurb ionann é agus áit atá gar do do chroí, is cuimhin liom gur mhol sé go dtabharfainn ‘Gairdín an Aoibhnis’ mar aistriúchán Gaeilge air. Airím uaim an saineolas sin ar aghaidh boise. Airím uaim an sos tae féin, an tslí go gcuirfí d’ainm sa phota dá mba mhian leat é, na scéalta beaga fánacha a scaoilfí leat, an tslí go bhfaighfeá spléachadh ar shaol duine eile. An chúléisteacht.

Airím uaim na laethanta meala sin, cinnte, ach ní gá a rá nach aon údar gearáin é sin le hais a bhfuil le fulaingt ag go leor – ag cara liom, abair – atá freagrach as na leapacha a dháileadh san ospidéal atá taobh linn.

Fág freagra ar 'AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, Wild Strawberries agus dánta díghlasála'