Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 46 cás nua deimhnithe

Baineann 22 cás den 46 cás a fógraíodh tráthnóna le Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo caite

Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 46 cás nua deimhnithe

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna, nárbh ionann an t-ardú a fógraíodh i líon na gcásanna agus ardú sna figiúirí laethúla

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 46 cás nua den ghalar deimhnithe.

Seo an chéad uair le seachtain gur fógraíodh níos mó ná 30 cás nua, ach deir an Roinn Sláinte go bhfuil cúis ar leith leis an ardú. Baineann 22 cás den 46 cás a fógraíodh tráthnóna le Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo caite, a dúradh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna, nárbh ionann an t-ardú a fógraíodh i líon na gcásanna agus ardú sna figiúirí laethúla.

“De réir na slata tomhais go léir, tá scaipeadh an ghalair seasmhach nó ag dul i léig,” a dúirt an Dr Holohan.

2,246 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,705 duine ó dheas den teorainn agus 541 ó thuaidh di.

Cúigear ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dó roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. Trí chás nua a deimhníodh ó thuaidh.

30,136 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,295 cás ó dheas den teorainn agus 4,841 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,249 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin, an 11 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,276 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 416 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,123 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,179 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,533 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,426 cás, nó 6%
  • 485 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 470 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 38% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 60% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Tá líon na ndaoine a raibh Covid-19 orthu a fuair bás sa Tuaisceart os cionn 30% níos airde ná mar a thugtar le fios i bhfigiúirí laethúla na Roinne Sláinte.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA),  bhí 779 duine básaithe de bharr Covid-19 faoi Dé hAoine an 5 Meitheamh.

537 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

Fág freagra ar 'Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 46 cás nua deimhnithe'