Iris Ghaeilge nua seolta ag Cumann Lúthchleas Gael

Tá CLG ag iarraidh úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc bhaill an chumainn leis an iris nua Cuaille

Iris Ghaeilge nua seolta ag Cumann Lúthchleas Gael

Tá iris ar líne nua dírithe ar dhaoine óga seolta ag Cumann Lúthchleas Gael. Foilsíodh an chéad eagrán de Cuaille le deireanaí agus an eagraíocht ag iarraidh úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc bhaill an chumainn.

Sa chéad eagrán, tá ceistneoirí le himreoirí aitheanta idirchontae, crosfhocal, cuardach focal, cluastuiscint leis an bpodchraoladh An Spota Dubh agus tuilleadh.

Tá sé i gceist Cuaille a fhoilsiú go ráithiúil.

Sa chéad eagrán, deir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael John Horan gur “cúis mhór áthais” dó go bhfuil an iris ar líne Gaeilge anois ar fáil.

“Tá an Ghaeilge ag croílár Chumann Lúthchleas Gael agus tá sí fite fuaite, ar chuile bhealach, inár gcuid cluichí. Tabharfaidh an foilseachán nua seo deis dúinn ardán a thabhairt do na rudaí éagsúla atá ar siúl againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn,” arsa Horan.

“Tá an t-ádh orainn go bhfuil an oiread sin imreoirí agus ball againn fud fad na tíre, ag leibhéal an chlub agus ag leibhéal idirchontae, a bhfuil Gaeilge acu. Is mian linn freastal ar an dream sin tríd an iris seo chomh maith le freastal ar fhoghlaimeoirí agus ar lucht an chúpla focal.”

Tá an chéad eagrán de Cuaille ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Iris Ghaeilge nua seolta ag Cumann Lúthchleas Gael'

  • Cluain Sceach

    Tús maith! Bríomhar agus spreagúil.

  • Seanán Ó Coistín

    Thug mé faoi deara go bhfuil an teideal “Cuainne” le feiceáil ag bun gach leathanach. Ní fheadar an Cuaille nó Cuainne atá mar theideal air. Is maith liom é mar irisleabhar. Tá dearadh breá air.

  • Liam Mac Lochlainn

    GRMA, a CLG. Comhghairdeas. Iris iontach. Rath Dé ar an obair.