AGALLAMH: Diarmuid de Faoite ag cosaint a chreidimh

Níor mhiste le Diarmuid de Faoite beagáinín fuascailte a mhothú ón stáitse ó am go chéile, ach tá sé breá sásta a bheith ag tabhairt faoi théamaí dorcha arís sa dráma nua Denizen

 SONY DSC 

Tá Diarmuid de Faoite ina réalta déanta anois.

Tá ardmheas ar an Chláiríneach mar aisteoir ardáin, mar mhúinteoir agus mar aisteoir teilifíse, ach na laethanta seo, is mó fós an aithne atá ag daoine air mar Chathal Mac Iarnáin sa dráma, Corp+Anam.

An bhfuil sé cleachtaithe bheith ina réalta teilifíse anois?

“Bhuel domsa, níl ann ach caighdeán na hoibre,” ar sé. “Má tá tú sásta leis an rud a dhéanann tú, bíodh tú i d’iriseoir nó i d’aisteoir, sin é an rud is tábhachtaí.”

Le roinnt blianta anuas: tá seánra úr i ndiaidh a theacht ar an saol, an ‘Noir Ceilteach’, ainm atá bunaithe ar an Noir Lochlannach, agus tá an-tóir ar na scannáin dhorcha Cheilteacha seo. Tá samplaí againn den seánra i nGaeilge, i mBreatnais agus i nGàidhlig na hAlban.

Dar le Diarmuid go bhfuil tionchar ag cláir theilifíse mar seo ar an éileamh a bhíonn ar an drámaíocht stáitse.

“Imríonn siad an-tionchar mar bhí mé féin ar camchuairt le dráma ansin roimh an Nollaig. Tá mé tar éis trí mhí a chaitheamh ag obair ar Defender of the Faith, dráma a scríobh Stuart Carolan, an fear céanna a scríobh Love/Hate.

“Bhí sé garbh agus bhí sé dorcha mar dhráma agus seans nach mbeadh an dráma sin déanta murach gurb é Stuart údar Love/Hate agus sin an rud, b’fhéidir, a mheall daoine chuige.”

Ní le teacht an ‘Celtic Noir’ ná Love/Hate a thosaigh údair na hÉireann ag plé le téamaí dorcha, áfach.

“Sílim féin gur thosaigh an gnó dorcha seo ar an stáitse le drámaí de chuid Marina Carr agus Tom Murphy; bhí tionchar acusan ar an teilifís. Tá mé féin giota beag bréan de – níor mhiste liom beagáinín ‘redemption’ a mhothú ón stáitse!” ar sé ag gáire.

B’fhéidir go mbeadh fuascailt le fáil aige in Denizen, véarsdráma úr ó pheann Dave Duggan atá suite i seomra cúirte agus a bhaineann leis an easaontóir deireanach poblachtánach a chuireann roimhe féin gan úsáid a bhaint as an bhforéigean san aimsir amach anseo.

Síos fríd, tá carachtar de Faoite, Denizen, faoi dhianscrúdú ag bardaigh príosúin (John Duddy agus Orla Mullan).

Ní chaitheann tú dúil a bheith agat san ábhar, ach caithfidh sé a  bheith suimiúil. Cad é a mheall Diarmuid i dtreo an charachtair seo, Denizen?

“Bhuel, an rud is mó a thaitin liom ná an togra féin. Tá sé ag plé le cúrsaí atá íogair dá phobal féin os comhair an phobail sin.

“Tá Denizen ag troid leis féin. Tá sé i gcoimhlint mhór mhillteach phearsanta agus cinneadh mór le déanamh aige, ach is í an tsamhlaíocht an rud a spreagann é sa deireadh, is dócha, agus sílim go bhfuil sin an-spéisiúil mar choincheap. Is rud é a gcreidim féin ann.”

Déanann sé cur síos ar an greideamh sin.

“Dúirt George Bernard Shaw uair amháin, “An Irishman is nothing but his imagination” – is féidir saol agus domhan iomlán a shamhlú trí do shamhlaíocht chun muid a shaoradh.

“I ndeireadh na dála, tá an fear seo ag plé le saoirse nó a leagan féin den tsaoirse, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ar feadh a shaoil. Ach tá sé ag tabhairt faoi anois ar bhealach difriúil, is dócha.”

Is dráma as an ghnáth é Denizen cionn is go bhfuil sé scríofa de réir na véarsaíochta. Deirim go bhfuil muid b’fhéidir ag éirí bréan den reitric a thagann amach as béala daoine, ach nuair a bhuailtear véarsaíocht anuas uirthi, go gcruthaíonn sé béarlagair eile agus dóigh eile le bheith ag breathnú ar an saol – súil eile, nó cluas eile.

“Sin é,” arsa Diarmuid, ag aontú leis an méid sin.

“Tá líne iontach ins an dráma. Tá sé tar éis píosa as Hamlet a thógáil agus tosaíonn sé leath bealaigh fríd an dráma; piocann sé suas blaosc cinn duine agus deir sé, ‘to fight or not to fight, that is the question’.

‘Is rud é gur féidir le daoine gáire a dhéanamh faoi, nó is féidir glacadh an-dáiríre leis, ach arís tá siad ag úsáid cleasanna amharclannaíochta chun daoine a chur ag smaoineamh go domhain faoin gcoimhlint agus faoi na trioblóidí.”

– Beidh Denizen le feiceáil i dTeach na Cúirte i nDoire idir 6-8 Aibreán agus i dTeach na Cúirte ar an Srath Bán an 11 Aibreán.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: Diarmuid de Faoite ag cosaint a chreidimh'