Cúig nod don té a bheadh ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil galar Alzheimer air 

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Chaith ár gcolúnaí ráithe ag tabhairt aire dá mhathair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, agus tá cúig nod aige do dhaoine a bheadh sa chás céanna leis

Cúig nod don té a bheadh ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil galar Alzheimer air 

Tá mé tar éis ráithe a chaitheamh ag tabhairt aire do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi. Chaith sí dhá mhí liom sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, agus ina dhiaidh sin chaith mé cúig seachtaine i dteach mo mham san Ísiltír. Ní tada ráithe i gcomparáid le bheith ag tabhairt aire do dhuine atá buailte ag Alzheimer lá i ndiaidh lae (is mór mo mheas orthu siúd a bhfuil an cúram sin orthu) ach mar sin féin measaim go bhfuil ar mo chumas roinnt nodanna a thabhairt do léitheoirí a bheadh sa chás céanna liom féin.

1. Tabhair aire agus am duit féin

Ní féidir leat aire a thabhairt mar is ceart do dhuine eile mura bhfuil tú ag tabhairt aire duit féin. Ar dtús, ceapfaidh tú gur féidir – ach éireoidh tú spíonta, cantalach, agus roimh i bhfad beidh tú ag ceapadh go bhfuil do shaol á mhilleadh ag an té a bhfuil tú ag tabhairt aire dó nó di. Teastóidh am uait chun aire a thabhairt duit féin. Déan socraithe le gaolta, cairde agus comharsana ionas go mbeidh an t-am sin agat.

2. Ná déan rudaí don othar gur féidir leis an othar féin a dhéanamh

Beidh cathú ort cúraimí áirithe a thógáil as lámha an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó gur féidir leis an duine sin iad a dhéanamh é féin go fóill. Cócaireacht. Éadaí a ní. An teach a ghlanadh. Ná géill don chathú sin. Ní amháin go gcaillfidh an t-othar gnáthamh a thugann struchtúr dá shaol ach móthóidh sé nach bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh. Beidh neart cúraimí ann a thitfidh ortsa – bí buíoch go bhfuil an t-othar Alzheimer ag ní na ngréithre.

3. Déan cinnte go dtuigfidh an pobal i gcoitinne go bhfuil galar Alzheimer ar an té a bhfuil tú ag tabhairt aire dó nó di

Tá galar Alzheimer ar os cionn 12 mhilliún duine san Eoraip. Seafóid amach is amach a bheadh ann a cheapadh gur cúis náire é. A mhalairt, galar uafásach is ea é agus ba cheart go dtuigfeadh daoine a mbeadh plé ag an othar leo go laethúil gurb é an galar is cúis leis an iompar aisteach a bhíonn ar an othar ó am go chéile. Ní gá seó bóthair a dhéanamh den té a mbeifeá ag tabhairt aire dó nó dí. Is leor nod do lucht an tsiopa nó cogar i gcluas an chomharsa go minic le go dtuigfidh siad an cás agus déanfaidh sé sin do jabsa níos éasca.

4. Ná cuir am agus fuinneamh amú le rudaí fánacha

Tá friochtán breá nua ag mo mháthair nár chóir ach uirlisí adhmaid a úsáid ann. Céard a dhéanann mo mháthair? Thomhais tú i gceart é: le forc stáin a mheascann sí an bia a bhíonn á réiteach aici ann. Ní fios cá mhéad uaire a ndúirt mé léi gan é sin a dhéanamh, ach ní raibh aon mhaith leis. Lá breá d’éirigh mé as an tseanmóireacht. 15 euro a chosain an friochtán céanna. Ceannóimid ceann nua nuair a bheidh an ceann seo scriosta aici agus coinneoimid ár bhfuinneamh do cheisteanna a bhfuil tábhacht leo dáiríre.

5. Nuair a theipeann ar do chuid foighde, bain amach albam grianghraf

Níor mhaith leat go dtarlódh sé, ach tarlóidh sé: teipfidh ar do chuid foighde agus caillfidh tú an bloc leis an té a bhfuil tú ag tabhairt aire dó nó di. Tá sé sin le tuiscint – ag deireadh an lae, níl ionat ach duine – ach bainfear siar go mór as an othar. An bealach is fearr a d’aimsigh mé féin chun mo mháthair a chur ar a suaimhneas arís tar éis do thaom cantail mé a bhualadh ná albam grianghraf a bhaint amach agus dul siar ar bhóithrín na gcuimhní i dteannta a chéile.

Fág freagra ar 'Cúig nod don té a bheadh ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil galar Alzheimer air '

  • Darren Mag Aoidh

    Píosa comhairle eile, b’fhéidir gurbh fhearr gan sraith ceisteanna a chur ar an duine, go háirithe “an cuimhin leat…?”. B’fhearr go mór “Bhí am amháin ann agus tharla X”. Ceann de na prionsabail is tábhachtaí: gidh go mbeidh seans ann nach mbeidh cuimhne ag an duine ar an ábhar a pléadh etc., beidh cuimhne acu ar an mhothú a bhí acu i.e. gur chaith duine go cineálta leo. Cuir i gcuimhne don té cé atá ionat más gá, ar dhóigh chiúin. GRMA as an alt a scríobh – tá fíorthábhachtach plé a dhéanamh agus dul i ngleic leis an ghalar.