FÍSEÁN: An Ghaeilge agus cairdeas á spreagadh le scéim úr ‘GAELCHARA’
Tá tús curtha ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola le scéim nua, ‘GAELCHARA’, a bhfuil mar aidhm aici foghlaimeoirí na Gaeilge agus cainteoirí líofa a thabhairt le chéile chun an teanga a labhairt. Labhair Molscéal le beirt Ghaelchairde i nDún na nGall le tuilleadh a fháil amach faoi….
Antain Mac Lochlainn
Fíormhaith. Samhlaíocht mhillteanach ag baint leis an scéim seo. Rath ar an obair.
Jonathan
An bhfuil a fhios ag éinne cén chaoi ar féidir le duine níos mó eolais a fhoghlaim faoin scéim seo? Dá mba mhaith leat páirt a ghlacadh sa scéim nó fiosrú an mbeadh sé oiriúnach duit, cén chaoi ar féidir leat é a dhéanamh?
Pól Ó Braoin
Thar cionn ar fad. Cuirfeas sé sin deireadh leis an gcúthaileacht is an náire a bhíonn ar chuid de na daoine an teanga a labhairt, cheapfainn…