Is leor na polasaithe atá ann chun dul i ngleic le géarchéim na Gaeltachta, ceannaireacht atá de dhíth – Aire Stáit

Tá tábhacht ar leith ag baint le muinín a thabhairt do dhaoine agus an deis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a úsáid a deir Aire Stáit nua na Gaeltachta, Thomas Byrne

Deir aire stáit nua na Gaeltachta Thomas Byrne gur leor an struchtúr agus na polasaithe atá ann cheana féin chun déileáil leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Tá Byrne ar an gcéad aire stáit Gaeltachta a bhfuil géillte aige go bhfuil sé ina éigeandáil ó thaobh na teanga sa Ghaeltacht.

Ach ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt sé nach raibh gá le tascfhórsa éigeandála nó beartais nua radacacha eile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin.

Mhaígh sé gur leor an struchtúr agus na heagrais atá faoi láthair ann agus na beartais atá á gcur i gcrích cheana.

Dúirt sé freisin nach raibh sé i gceist aige ach oiread aon leasú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta ná ar an sprioc sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa stát faoi 2030.

Agus an struchtúr atá faoi láthair ann á mholadh aige, luaigh sé eagraíochtaí amhail Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga agus beartais amhail an reachtaíocht teanga, sprioc earcaíochta 20% an rialtais, stádas na Gaeilge san Eoraip agus an córas pleanála teanga agus na treoirlínte pleanála nua atá geallta don Ghaeltacht.

“Gach rud a dhéanann tú mar sin atá suntasach, atá radacach, déanfaidh sé na céimeanna eile níos éasca do dhaoine eile agus beidh, is dócha, níos mó fonn ar dhaoine Gaeilge a labhairt, níos mó deiseanna ag daoine Gaeilge a labhairt agus an ceart sin a bhaint amach.

“Ach tá an fhreagracht orainn go léir. Tá freagracht ormsa Gaeilge a úsáid. Mura bhfuil daoine ag labhairt Gaeilge sna Gaeltachtaí, an bhfuil sé deacair déileáil leis an stát? Bhuel, tá a fhios againn [go bhfuil], táimid ag iarraidh é sin a athrú. An bhfuil sé deacair teach cónaithe a thógáil? Tá a fhios againn –tá sé – táimid ag déileáil leis sin.

“Ach faoi dheireadh, caithfidh daoine freagracht a thógáil iad féin.”

Dúirt sé go raibh “sórt hang-ups” ag muintir na hÉireann maidir leis an teanga ach go raibh “an dearcadh sin ag athrú” mar gheall ar “na háiseanna” atá ann faoi láthair.

“Tá deacrachtaí sa Ghaeltacht, tá a fhios agam. Ach measaim féin go bhfuil na cumhachtaí againn. Tá a lán lán infheistíochta á déanamh againn sa Ghaeltacht, maidir le tuismitheoirí, maidir le scoileanna, maidir le háiseanna ginearálta, maidir le monarchana, maidir le hinfheistíocht gnó ag teacht isteach. Tá á lán á dhéanamh againn.

“Measaim féin más féidir an cheannaireacht sin a thabhairt agus an eiseamláir, an sampla, a thabhairt freisin, daoine ag labhairt Gaeilge – agus tá sé sin ag athrú – measaim gur féidir linn muinín a thabhairt do dhaoine agus an deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid.”

Dúirt sé nach raibh sé chun leasú a dhéanamh ar phríomhsprioc an Stáit i leith na teanga go mbeadh 250,000 cainteoir Gaeilge laethúil lasmuigh den chóras oideachais ann faoi 2030, in ainneoin nach bhfuil ach 71,968 cainteoir laethúil ann de réir an daonáirimh dheireanaigh.

“Tá na spriocanna sin ansin agus tá mise chun iad a fhágaint agus dul i ngleic le conas is féidir linn na spriocanna sin a shroicheadh. Murar féidir linn iad a shroicheadh, níl a fhios agam, ach má thosaím ag laghdú na spriocanna, bhuel is dócha go mbeidh laghdú ar an muinín atá ag daoine, laghdú ar an muinín atá ag an státchóras.

“Caithfimid dul ar aghaidh leis na spriocanna sin agus leis na feidhmeanna, na rudaí atá againn le sin a dhéanamh chun é sin a bhaint amach. Agus rachaidh an figiúir sin in airde…Tá mise ag ceapadh go bhfuil an dearcadh ag athrú le roinnt blianta anuas sa tír seo maidir leis an nGaeilge.”

Níl sé i gceist aige ach oiread aon leasú a dhéanamh ar theorainneacha Gaeltachta nach bhfuil aon athrú déanta orthu ó 1956.

“Níl fiú amháin bliain agamsa sa phost agus measaim go bhfuil i bhfad níos mó rudaí le déanamh agam seachas é sin i ndáiríre,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne.

Fág freagra ar 'Is leor na polasaithe atá ann chun dul i ngleic le géarchéim na Gaeltachta, ceannaireacht atá de dhíth – Aire Stáit'

  • Gael

    Ráiméis – tipiciúil ag teacht ó Fhianna Fáil.

    Is léir nach leor iad agus go bhfuil an tÚdarás ag snámh in aghaidh easa. Léiriú é an ráiteas seo ar cé chomh dáiríre agus atá Fianna Fáil faoin nGaeilge. Is cuma sa sioc leo fúithi.

  • CC

    “dúirt sé nach raibh gá le tascfhórsa éigeandála nó beartais nua radacacha eile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin”

    “Ach faoi dheireadh, caithfidh daoine freagracht a thógáil iad féin.”

    Aire Stáit eile nach bhfuil in ann/toilteanach faic a dhéanamh. Ní chuireann sin iontas orainn.

    Leanaimis ar aghaidh leis an ‘athbheochan’ mar sin is dócha.

    Is léir dom go raibh an ceart ag Conchúr Ó Giollagáin nuair a scríobh sé:

    “the aim of the current language policy reform process is to give a superficial aura of renewal, while at the same time enshrining the marginalization of the Irish language reducing it to an institution-based identity rather than a sociocultural phenomenon. Rather than intervening proactively against the imminent social collapse of Irish, the Irish State, through the mechanisms of the 20 Year Strategy for Irish and the amended Gaeltacht Act 2012, is instead adopting a palliative care approach to the sociocultural demise of Irish.”

    Tá Beartas Nua radacach ag teastáil go géar ón mionlach Gaeilge sa Ghaeltacht. Ach níl a ndóthain cumhacht acu

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    @CC
    Níor spreag Ó Giollagáin agus a chomhleacaithe duine ar bith sa nGaeltacht lena “Beartas Nua na nGael” ina raibh cur síos ar cineál Tír na nÓg na nGaeilge i bPatagonia nó áit mar sin.

    Más Beartas den chineál sin nach bhfuil bunaithe ar an am i láthair tá sibh ag cur bhur gcuid am amú le brionglóidí faoi Ghaeltacht nua i dtír nach bhfuil ann agus ag cur olc orainne a bhfuil inár gcónaí sa Ghaeltacht.