Féasta staire i gConamara ag comhdháil faoi James Tuke agus an imirce

I measc na ndaoine a bheidh ag caint ag comhdháil staire i gCarna, tá an staraí aitheanta Christine Kinealy bean nach bhfuil glacadh ar bith aici leis an tuairim gur ar na boicht féin a bhíonn an locht faoi a bheith ar an ngannchuid

Féasta staire i gConamara ag comhdháil faoi James Tuke agus an imirce

Beidh féasta staire i gCarna an deireadh seachtaine seo chugainn. Comhdháil a bheas ansin faoin gcaoi ar eagraigh Sasanach darbh ainm James Tuke scéim le slua daoine bochta as Iorras Mhaigh Eo agus as Conamara a chur go Meiriceá agus go Ceanada sna 1880idí.

Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ag eagrú na comhdhála.

Tá sé ag luí le réasún gur in Ionad na nImirceach i gCarna a bheadh an teacht le chéile tábhachtach seo. Tá ceangal dlúth á dhéanamh as an Ionad ó lá go lá le sliocht na ndaoine a chuaigh thar lear aimsir Tuke agus ó shin.

Go deimhin tiocfaidh daoine as Meiriceá chuig an gcomhdháil, go mór mór as Maine. Tá tuiscint bhreá idir Ionad na nImirceach i gCarna agus Ionad Oidhreachta na nÉireannach in Portland, Maine.

Cainteoirí cumasacha ar fad a chuirfidh an díospóireacht chun cinn ar feadh na comhdhála. Is dócha nach bhfuil duine ar bith acu chomh cáiliúil leis an tOllamh Christine Kinealy. Is cinnte ar chuma ar bith nach bhfuil mórán staraí eile sa domhan a thuigeann Gorta Mór na hÉireann agus an gorta eile a bhí ag bagairt aríst sna 1880idí. Ise a bhunaigh Foras an Ghorta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac in Connecticut. Tá ardmheas uirthi i Meiriceá, in Éirinn agus i Sasana.

I Learpholl a rugadh agus a tógadh í. Ba as Tiobraid Árann a hathair agus ba as Maigh Eo a máthair. Nuair a labhair príomh-aire na Breataine Tony Blair faoin nGorta Mór i 1997 tugadh cuireadh di labhairt faoin tubaiste sin i bParlaimint na Breataine.

Níl glacadh ar bith ag Christine Kinealy leis an tuairim gur ar na boicht féin a bhíonn an locht faoi a bheith ar an ngannchuid, gur marach eicínt a bhíonn orthu is cúis leis. Bhí an creideamh sin go láidir ag polaiteoirí i Sasana le linn an Ghorta Mhóir agus tá neart daoine sa saol fós a chreideann é.

Argóint chontúirteach shuarach a bhí, agus atá, sa dearcadh sin, a dúirt Christine Kinealy leis an New York Times.

Labhróidh an Dr. Gerard Moran ag Comhdháil Charna freisin. Tá cuid mhór foilsithe aigesean é féin faoin ábhar a bheas idir chamáin. Anuraidh foilsíodh leabhar leis dar teideal Fleeing From Famine in Connemara.

Beidh suim faoi leith agamsa ina chuid cainte mar gur minic é ag cur síos ar an dream as Carna, as áiteacha eile i gConamara agus as Achadh Ghobhair i gContae Mhaigh Eo a tugadh siar ar mhachaire Mhinnesota sa mbliain 1880. Bhí an fear a d’eagraigh an scéim sin, an tAthair James Nugent, agus James Tuke i gConamara ag an am céanna.

Rinne Bob Quinn agus mé féin clár teilifíse faoin dream a cuireadh go Minnesota. Tráthúil go leor beidh bean as St. Paul, Minnesota ag caint ag an gcomhdháil Dé Sathairn. Sin í Leslie Thomas. Míneoidh sise gurbh as Camas a sin-seanmháthair, Mary Flaherty, agus go ndeachaigh sise chomh maith go St. Paul ar scéim Tuke.

Ar na cainteoirí eile ag Comhdháil James Tuke beidh Patria McWalter atá i gceannas ar an gcartlann atá i gComhairle Chontae na Gaillimhe.

Cuirfear taobh Iorrais den scéal i láthair ar ndóigh. Labhróidh Geraldine Mills faoina sin-seanathair, a sin-seanmháthair agus a seisear clainne a chuaigh anonn ar chomhairle Tuke as Béal an Mhuirthead.

Cloisfidh muid cuntas ó Rosemarie Geraghty as Ionad Deirbhile, an Eachléim, ar an gcaoi ar aimsigh siadsan ainmneacha na ndaoine ar fad a sheol ar na báid eisimirce as Cuan an Fhóid Dhuibh idir 1883-84.

Cuirfidh Clann Uí Cheannabháin ceol ar fáil agus beidh taispeántas grianghrafanna réitithe ag Sara Smyth as Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Grianghrafanna iad seo a thóg an Major Ruttledge Fair i gConamara.

Ag 7.30 tráthnóna Dé hAoine a osclóidh an tOllamh Christine Kinealy an ócaid go hoifigiúil agus caithfear an Satharn ar fad ag cur agus ag cúiteamh.

Fág freagra ar 'Féasta staire i gConamara ag comhdháil faoi James Tuke agus an imirce'

  • criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Trua gan mé a bheith ann chun a bheith ag éisteacht leis an bhean cháiliúil, ach is maith an rud é go mbeidh an tOllamh Kinealy i láthair chun an scéal a réiteach do muintir an Iarthair. Tráchtann Kerby A Miller ina leabhar conspóideach ‘Emigrants And Exiles'[1988] i dtaobh An Ghorta agus an miliúin daoine a d’fhág Éireann sna blianta úafásacha sin. B’é cultúr agus teanga na nGael cúis ar leith nach rabhadar in ann ao’ rud eile a dhéanamh ach teitheadh ón dtubaiste de réir Miller. B’é an meon Gaelach, a raibh comhchoiteann, fulangach agus céasta in imeartas le fuinneamh, féinbheartachas, treallús agus féin-muinín an Sasanach aonair, a d’fhág muintir chósta an Iarthair ach go háirithe in umar na h-aibhléise; ag fáil bháis ar thaobh an bhóthair nó ag rith ‘lemming-like’ go dtí an ‘bád bán’. Bhreac an tuasal Miller roinnt fhocail agus frásaí Gaelacha thall is abhus sa leabhar úd, mar rian ar a thuairim maidir lenár gcultur agus teanga, ach is beag a thug sé dá léitheoirí mar mhíniú air.

  • An tSiolpach

    Féasta Béarla, shílfeá. Agus ní hé nach bhfuil staraithe Gaeilge ann atá eolach ar an ábhar.
    Ach ní ghoillfidh an Béarla ar na saoithíní bréagliobrálacha a bheas i láthair aige.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Bheadh suim agam i liosta de na staraithe Gaeilge. Beidh Comhdháil eile ann.