‘Showdown’ ag bagairt am codlata agus scoil arís amárach…

Thóg an Babaí campa ag tús an tsamhraidh ach is amhlaidh go bhfuil sé á dhaingniú anois ar chúis éigin

‘Showdown’ ag bagairt am codlata agus scoil arís amárach…

‘Só, cén uair a bheidh mé ag tosú sa scoil, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom. 

‘Amárach,’ a d’fhreagair mé. ‘Amárach?’ a dúirt sé agus iontas air, cé go raibh an t-eolas seo leagtha amach agam, go soiléir, cheap mé, díreach dhá nóiméad roimhe sin. 

‘Sea, amárach,’ a dúirt mé. ‘Só, an cuimhin leat go raibh muid ag rá go bhfuil sé an-tábhachtach go ngabhfadh chuile dhuine a chodladh in am anocht?’ 

‘Céard?’ a dúirt sé agus é ag socrú an choirnéil ar an bpluid mhór dhonn atá crochta trasna an tseomra idir an dá bhunc agus é ina champa troda ó thús an tsamhraidh, nach mór.

‘Dul a chodladh, atá mé a rá, caithfidh muid uilig dul a chodladh breá luath anocht mar go mbeidh muid ag éirí moch amárach.’ 

‘Ó!’ a deir sé. Cheap mé ar feadh soicind go raibh sé ag éisteacht liom, nó go raibh sé leath ag éisteacht liom, ar aon chaoi.

‘Cén fáth go mbeidh muid ag éirí moch amárach?’ a d’fhiafraigh sé ansin díom, coirnéal an champa socraithe aige faoin am seo agus é istigh ina lár.

‘Meas tú an ag magadh fúm atá sé?’ a chuimhnigh mé, agus ansin thug mé faoi deara go raibh neartú agus treisiú déanta ar an gcampa ó bhí mé thuas sa seomra cheana. Ní fhaca mé roimhe sin an daingniú a bhí déanta ar bhallaí an champa le slata adhmaid ón seanchliabhán. 

‘Cáide ó chuir tú na ballaí ar an gcampa?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Ó, iad sin?’ a dúirt sé, ar nós cuma liom, is cheapfá nach raibh siad feicthe aige riamh cheana ina shaol go dtí an nóiméad sin. 

‘Níl ann ach sórt sconsa,’ a dúirt sé, ‘beidh tú fós in ann a ghabháil isteach is amach as an gcampa má tá tú ag iarraidh, Mamaí.’ 

‘An mbeidh?’ a dúirt mé agus amhras orm. Ba léir ag breathnú air go raibh an leagan amach athraithe go mór ann le lá nó dhó anuas. 

Go deimhin, nuair a rinne mé staidéar ceart air, chonaic mé go gcaithfeadh go raibh roinnt mhaith pleanála i gceist sa bpróiseas tógála. Seachas an seoltán fánach, gan ord ná eagar, a bhí ann ar feadh an tsamhraidh, thug mé faoi deara go raibh an campa anois ina éacht innealtóireachta. 

Bhí buaine éicint le brath air, nach raibh le feiceáil air roimhe sin. 

Cén t-údar a bhí aige leis an daingniú? Chroch mé suas coirnéal amháin den phluid agus chonaic mé carnán uirlisí troda i lár ‘phríomh-halla’ an champa. Bhí maidí, claimhte agus gunnaí bréige cruinnithe ann. 

An raibh coimhlint éicint ar na bacáin? An raibh mé tar éis siúil isteach ar an showdown ag an OK Corral? 

‘Só, beidh tú réidh amárach?’ a d’fhiafraigh mé dhe agus mé ag imeacht amach as an seomra go deas mall. 

Sháigh sé a chloigeann amach faoi choirnéal den champa, agus chonaic mé gunna bréige istigh faoina ascaill aige, ‘Céard?’ a d’fhiafraigh sé díom. 

‘Don scoil,’ a dúirt mé, ‘beidh tú réidh?’ 

‘Ó, an scoil,’ a deir sé. ‘Beidh. Beidh mé réidh.’ 

Fág freagra ar '‘Showdown’ ag bagairt am codlata agus scoil arís amárach…'