‘An-tóir’ ar stampaí a bhfuil an focal ‘Gealach’ mícheart orthu agus gan aon phlean iad a tharraingt siar

Deir An Post le Tuairisc.ie nach bhfuil sé i gceist acu aistarraingt a dhéanamh na stampaí lochtacha a eisíodh mar chomóradh ar an tuirlingt ar an ghealach i 1969

‘An-tóir’ ar stampaí a bhfuil an focal ‘Gealach’ mícheart orthu agus gan aon phlean iad a tharraingt siar

Tá sé deimhnithe ag An Post nach bhfuil sé i gceist acu aistarraingt a dhéanamh ar na stampaí ‘Apollo 11’ a bhfuil an focal ‘Gealach’ litrithe mícheart orthu agus deir siad go bhfuil siad leis an méid atá acu a dhíol.

Deir An Post chomh maith nach bhfuil aon bhaint ag cúrsaí teanga lena gcinneadh gan na stampaí lochtacha a tharraingt siar.

Dúirt urlabhraí ó An Post le Tuairisc.ie nach dtarraingeofaí siar na stampaí toisc go bhfuil “an-tóir go deo” ar an tsraith speisialta atá ar díol ón 4 Iúil mar chomóradh ar an tuirlingt ar an ghealach i 1969.

Tá an focal ‘Gealach’ litrithe mícheart mar ‘Gaelach’ ag An Post ar na stampaí €1 a tugadh amach don chomóradh ar thuras an Apollo 11 chun na gealaí mí Iúil 1969.

Ach mhaígh an t-urlabhraí gur mar a chéile a bheadh an scéal sa chás gur sa Bhéarla a bheadh an botún agus nach dtarraingeofaí siar iad sa chás sin ach oiread.

“Is breá le daoine iad,” a dúirt sé.

Ghabh An Post leithscéal an tseachtain seo as an “earráid” agus mhaígh siad go raibh “céimeanna” tugtha acu a chinnteodh nach dtarlódh a leithéid arís.

Ceithre stampa atá sa tsraith speisialta faoin spástaiscéalaíocht agus tá an botún ar an gceann ar a bhfuil Neil Armstrong agus ar an gceann ar a bhfuil Michael Collins, beirt de thriúr criú an Apollo 11.

Detail Design Studio a dhear na stampaí atá bailí in Éirinn agus atá le ceannach in oifigí poist áirithe nó ó irishstamps.ie.

Bhí na hiriseoirí Marion Ní Shúilleabháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht TG4, ar na daoine ba thúisce a chuir a mbotún ar a súile do An Post.

Dúirt Sorcha Ní Mhonacháin gur “náireach, maslach, míghairmiúil” an beart é ag An Post a leithéid d’earráid a dhéanamh agus gur léiriú a bhí ann ar an dearcadh ‘Sure, it’s only Irish’.

Fág freagra ar '‘An-tóir’ ar stampaí a bhfuil an focal ‘Gealach’ mícheart orthu agus gan aon phlean iad a tharraingt siar'