Ní ligfear obair Phléaráca Chonamara i ndearmad…

Chruthaigh Pléaráca Chonamara go bhfuil a leithéid de rud ann agus ealaín phobail

Ní ligfear obair Phléaráca Chonamara i ndearmad…

In Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc a sheol an tAire Stáit Seán Kyne go hoifigiúil an t-eagar atá curtha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar ábhar a bhaineann le Pléaráca Chonamara.

Gluaiseacht ealaíona pobail ba ea an Pléaráca a bhí ar bun ó Charna go Bearna agus amach go hÁrainn idir 1991 agus 2015.

Ba mhaith mar a tharla gur in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh a rinneadh an seoladh oifigiúil. Chuimhneofá ar an gceolchoirm a d’eagraigh an Piarsach féin i Scoil an Turlaigh Bhig. Ar an oíche sin a bhunaigh sé an gearrscéal ‘Na Bóithre’.

Ba é an Dr. Seathrún Ó Tuairisg as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a chuir na cainteoirí i láthair. Dúirt sé gur bronnadh dhá scór bosca d’ábhar orthu agus gur chuir siad in eagar é in Áras Shorcha Ní Ghuairim i Roisín na Mainiach.

Tá sé ar fáil anois ar an idirlíon agus beidh deis ag daoine é a fheiceáil in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh go ceann tamaill.

An taispeántas san Ionad

Bhí Meta Ní Mháille ar dhuine díobh siúd ba ghníomhaí in obair an Phléaráca. Mhínigh sise gur le haird a tharraingt ar chomh buailte is a bhí an ceantar ag easpa fostaíochta agus ag imirce a tosaíodh é.

Bhí cúis eile leis freisin: imní faoin lagan a bhí ag teacht ar labhairt na Gaeilge.

D’éirigh thar cionn leis an iarracht. Tugadh ardán breá feiceálach do cheoltóirí, d’amhránaithe, do dhamhsóirí agus d’ealaíontóirí eile. Ní dhearnadh dearmad ar na lúthchleasaithe ná ar lucht ceirde.

Bhíodh fear na scannán agus an grianghrafadóir Bob Quinn i láthair i gcónaí beagnach le pictiúir a thógáil.

Chruthaigh Pléaráca Chonamara go bhfuil a leithéid de rud ann agus ealaín phobail.

Bhíodh féile deich lá acu chuile bhliain. Is beag ealaíontóir cumasach i gConamara ná in Árainn nach raibh páirteach sa bhféile sin.

Le himeacht aimsire socraíodh an fhéile a thabhairt ó ionad go hionad le rannpháirtíocht an phobail a neartú tuilleadh.

Ach ní taobh leis an bhféile amháin a bhíodh Pléaráca Chonamara.

D’fhoilsigh siad iris chuile bhliain an fhad is a bhí siad ann. Tá cuid mhór de stair an phobail Ghaeltachta seo san iris sin.

Bhí oifig acu i Ros Muc agus foireann bheag dhíograiseach ag obair inti. Leanaidís orthu i rith na bliana ag cothú na n-ealaíon agus ag tabhairt misnigh do na daoine.

Faraor chuir an Tíogar Ceilteach deireadh leo. De réir a chéile thosaigh na foinsí airgid ón stát ag triomú. Ní raibh de rogha acu sa deireadh ach éirí as. Ba mhór an feall é.

John Mháirtín Learaí Mac Donnachadha

Rianaigh Meta Ní Mháille an scéal go hionraic ó thús go deireadh don slua maith a bhí i láthair. I ndeireadh a cuid cainte rinne sí achainí ón gcroí ‘ar son Dé” ar an Aire Stáit Kyne agus ar a rialtas fostaíocht a chur ar fáil do na ceantair a raibh Pléaráca ag freastal orthu.

D’fhéadfaí a rá gur tórramh eile a bhí sa seoladh oifigiúil seo ach cé a déarfadh nach dtiocfaidh aiséirí fós? Ní ligfear obair an Phléaráca i ndearmad ar chuma ar bith.

Ba é Ceannaire TG4, Alan Esslemont, a bhí le mo thaobh an fhad is a bhí an chaint ar bun. Mheabhraigh mé dhó gur breá spéisiúil an clár teilifíse a dhéanfadh scéal Phléaráca Chonamara.

Tá an t-ábhar ar fad tugtha le chéile anois agus neart pictiúr ann. Tá píosaí scannánaíochta ag TG4 féin faoin bPléaráca. Cén bhrí ach bheadh cuid de na cainteoirí Gaeilge is fearr sa tír ar fáil le labhairt faoi.

Ní fhéadfaí a bheith ag súil go ndéanfadh Alan Esslemont cinneadh ar an bpointe boise faoi mholadh mar sin ach níor dhiúltaigh sé don smaoineamh.

Sílim go mbeadh a leithéid de chlár ina sméar mhullaigh ar an mbailiúchán tábhachtach seo as stair na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ní ligfear obair Phléaráca Chonamara i ndearmad…'

  • Máirín Mhic Lochlainn

    Tá neart agus scoth na nEalaínteoirí i nGaeltacht Chonamara, agus teastaíonn áit agus spás uathu, faoi mar a bhí acu, nuair a bhí Pléaráca Chonamara ag feidhmiú. Tá a leithid de eagraíocht ag teastáil go géar uainn anois!