Níl sé i gceist ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige bualadh le fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí gnéis orthu

I ráiteas a cuireadh ar fáil tráthnóna inné dúradh gur trua leis an Aire Zappone a chloisteáil go ndearnadh mí-úsáid ar aon leanbh, ach go mbaineann an cás áirithe seo leis an Roinn Dlí agus Cirt

Níl sé i gceist ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige bualadh le fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí gnéis orthu

Tá sé deimhnithe ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige Katherine Zappone nach bhfuil sé i gceist aici bualadh leis na fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí gnéis orthu ná a gcás a phlé leo.

I ráiteas a chuir a roinn ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh gur trua leis an an Aire Zappone a chloisteáil go ndearnadh mí-úsáid ar aon leanbh, ach go mbaineann an cás áirithe seo leis an Roinn Dlí agus Cirt.

Mar a tuairiscíodh inné tá an-díomá ar Liam Ó Maolaodha, duine de na fir a d’fhulaing ionsaithe gnéis ó Dhomhnall Ó Lubhlaí, leis an bhfreagra a fuair sé ar litir a sheol sé chuig an Aire Leanaí inar iarr sé uirthi go bhfoilseofaí tuairisc fhiosrúchán an Gharda Síochána faoin gcás.

Dúirt Liam Ó Maolaodha le Tuairisc.ie aréir go raibh díomá air go raibh sé deimhnithe anois ag an Aire féin nach bpléifeadh sí le cás na bhfear.

Dúirt sé nach raibh aon rogha anois ag na fir ach iarracht eile a dhéanamh eolas a fháil faoina gcás ón Roinn Dlí agus Cirt, a dhiúltaigh aon eolas a chur ar fáil go dtí seo.

Ina litir chuig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, dúirt Liam Ó Maolaodha gurb é an seasamh láidir a bhí tógtha aici i gcásanna éagsúla a bhain le héagóracha éagsúla ar leanaí a spreag é chun teagmháil a dhéanamh léi “as a last resort in the search for justice and fair play on a historic sex abuse matter”.

“I was abused by this man nearly 50 years ago, not a single day goes by that I am not affected by it or reminded of it, every day,” a scríobh sé.

Sa bhfreagra a tugadh thar ceann an Aire ar litir Uí Mhaolaodha dúradh chomh gur bhain cás na bhfear leis an Roinn Dlí agus Cirt agus comhairlíodh dó teagmháil a dhéanamh leo, nó go gcuirfí a litir ar aghaidh chuig an roinn sin.

Chuir Tuairisc.ie roinnt ceisteanna ar an Aire Zappone faoin bhfreagra sin, féachaint arb é sin a raibh le rá aici féin faoin scéal agus an mbeadh sí sásta bualadh le Liam Ó Maolaodha nó le fir eile a d’fhulaing chun a n-éileamh a phlé.

Mar fhreagra ar na ceisteanna sin cuireadh an ráiteas seo ar fáil thar ceann an Aire Zappone:

The Minister is deeply sorry to hear about abuse suffered by any child and recognises the lifelong impact it can have. However the specific issues raised in correspondence with Minister Zappone are a matter for the Department of Justice and Equality.”

Dúradh chomh maith leis sin sa ráiteas go n-aithnítear níos fearr le 20 bliain anuas an mhí-úsáid ghnéis agus an tionchar a bhíonn aici ar pháistí agus maíodh go bhfuil an-dul chun cinn déanta maidir le cosaint páistí.

I measc na n-athruithe chun feabhais a luadh sa ráiteas thar ceann an Aire tá bunú Tusla agus na Roinne Leanaí féin, chomh maith  le seirbhísí agus píosaí reachtaíochta éagsúla a bhfuil mar aidhm acu cosaint a thabhairt do pháistí, ag áireamh an tAcht Um Thús Áite do Leanaí.

Tá ráite ag na Gardaí agus ag an Roinn Dlí agus Cirt cheana gurb í an chúis lena gcinneadh gan an tuairisc a fhoilsiú ná go bhfuil eolas íogair ann faoi chás na ndaoine a ndearnadh mí-úsáid orthu.

Deir Liam Ó Maolaodha, áfach, nárbh eol dó féin aon duine nár theastaigh uathu go dtiocfadh “an fhírinne” amach faoin gcás agus gurbh fhurasta aon eolas íogair faoi na fir a fholú dá mba ghá.

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí ariamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.

Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht a dhéanamh ar 11 buachaill thar thréimhse 30 bliain nó níos mó.

Thit an triail as a chéile de bharr na moille a bhain leis agus toisc gur chaill na Gardaí fianaise.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige bualadh le fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí gnéis orthu'