Claonbholscairí is ea cuid mhaith iriseoirí anois, iad mar a bheadh caoirigh a mbeadh scéin curtha ag gadhar iontu…

Dá mbeadh níos mó iriseoirí misniúla a bheadh sásta seasamh le leas an phobail ní bhuailfí cos chomh minic ar an té atá thíos

Claonbholscairí is ea cuid mhaith iriseoirí anois, iad mar a bheadh caoirigh a mbeadh scéin curtha ag gadhar iontu…

Gemma O’Doherty

Is fada ó rinne iriseoir píosa cainte chomh spreagúil is a rinne Gemma O’Doherty ag Scoil Samhraidh Danielle Carroll le gairid.

Ní raibh Danielle Carroll ach seacht mbliana fichead d’aois nuair a chuir sí lámh ina bás féin agus í gan teach gan áras.

An ghéarchéim tithíochta a mharaigh í le fírinne.

Cuireadh an scoil samhraidh ar bun ina honóir.

Bhí cúis eile le bunú na scoile seo freisin: freagra a bhí inti ar Scoil Samhraidh Mhic Giolla sna Gleannta i dTír Chonaill.

Rinneadh an-cháineadh ar Scoil Mhic Giolla i mbliana de bharr a laghad ban ar iarradh orthu labhairt.

Ach locht eile ar fad a bhí ag Gemma O’Doherty ar an teacht le chéile sna Gleannta: cé a déarfadh go mbeadh painéal ban tada níos fearr, a dúirt sí?

Ní easpa ban a bhí ar an scoil sin beag ná mór, ar sise, ach gurbh as scothaicme na hÉireann, ina súile féin, go leor den dream ar tugadh cead cainte dóibh.

Chuirfeadh sé sin rud a dúirt iriseoir eile i gcuimhne dhuit: gur beag baint a bhíonn ag muintir Thír Chonaill le Scoil Mhic Giolla: gur tionól de bhoic mhóra as Baile Átha Cliath 4 ar saoire a bhíonn i gceist.

Thug Gemma O’Doherty faoi na fabhraí é do pholaiteoirí, do bhaincéirí, d’fhorbróirí, do dhlíodóirí agus do na meáin chumarsáide.

Dream iad seo, a dúirt sí, a thugann aire mhaith don bheagán a bhfuil fabhar acu agus a choinníonn tromlach an phobail sa dorchadas agus faoi chois, go háirithe an dream atá tinn nó sean.

‘Back the greedy, not the needy’ mar a dúradh faoin bpolasaí a bhí ag an bPáirtí Daonlathach faoi cheannas Mhary Harney.

Ní cúrsaí inscne an fhadhb is mó atá againn sa tír seo, a dúirt Gemma O’Doherty, ach córas míchothrom eacnamaíochta, breabaireacht agus uisce faoi thalamh.

Pobal beag atá in Éirinn agus tá an ‘scothaicme’ iontach seo beag dá réir. Tá aithne mhór acu ar a chéile.

Ar na scoileanna céanna a rinne siad freastal. Ar na galfchúrsaí céanna a chastar ar a chéile iad. Coinníonn siad a chéile ar an eolas.

Má bheirtear amuigh orthu uair ar bith bíonn bealaí cliste acu le theacht slán. Is mór an cuidiú dóibh go bplúchtar go minic sna meáin chumarsáide aon drochscéal a bhaineann leo.

Más tiomáint ar meisce atá curtha i do leith, imghabháil chánach, péidifilia ná fiú amháin dúnmharú, tá seans maith ann gur fánach an pionós a chuirfear ort má bhíonn na cairde cearta sa gcúirt agat agus bonn sa sparán.

Thagair Gemma O’Doherty do dhúnmharú an Athar Niall Molloy i 1985. Bhí polaiteoirí sinsearacha ag cóisir sa teach inar maraíodh é.

Labhair sí faoi mharú Sophie Toscan du Plantier i gCorcaigh agus faoi chásanna scannalacha eile nár fiosraíodh i gceart.

Tá sí féin ina héan cuideáin i measc iriseoirí , a deir sí, de bharr go mbíonn sí ag bailiú eolais agus ag cur ceisteanna faoi chásanna den sórt sin.

Nuair a thosaigh sí ar an iriseoireacht os cionn fiche bliain ó shin gairm onórach bheatha a bhí sa gceird, b’fhacthas di.

Bhí sé tábhachtach brú a chur ar lucht na cumhachta. Choinnítí ag ceistiú an pholaiteora shleamhain go bhfaightí freagraí.

Bhí sé tábhachtach go gcosnófaí an té a bhí faoi leatrom agus an aicme a bhí ar an imeall.

Inniu, a dúirt sí, tá formhór na n-iriseoirí ar crith roimh lucht na cumhachta.

Claonbholscairí ar son airí rialtais ia ea cuid mhaith acu, iad ag dul thart mar a bheadh caoirigh a mbeadh scéin curtha ag gadhar iontu in áit seasamh le leas an phobail.

Tá cuid eile acu a chreideann gur cineál déithe beaga iad féin, go háirithe díorma in RTÉ. Is breá leo seo a bheith ag déanamh agallamh go síoraí faoina saol pearsanta agus faoi chomh hiontach is atá siad, dar leo féin.

Sin a bhfuil ag cur imní orthu, a dúirt sí, fad is atá 700,000 duine ar liostaí feithimh na n-ospidéal agus 7,000 sínte ar thralaithe.

Ar éigean is léir dóibh na múinteoirí óga agus na haltraí a bhfuil sé ag dul rite leo teach a cheannacht ná a thógáil.

Briseadh Gemma O’Doherty as a post le Independent News and Media in 2013. Scríobh sí alt faoi phointí pionóis a bheith glanta de cheadúnas iarChoimisinéir na nGardaí, Martin Callinan.

Íocadh cúiteamh le O’Doherty as dífhostú neamhchóir.

Tá neart daoine cumhachtacha sa tír ar bhreá leo í a chur ina tost.

Is é an feall go gcuirfí. Dá mbeadh cúpla iriseoir misniúil eile mar ise againn ní bhuailfí cos chomh minic ar an té atá thíos.

Fág freagra ar 'Claonbholscairí is ea cuid mhaith iriseoirí anois, iad mar a bheadh caoirigh a mbeadh scéin curtha ag gadhar iontu…'

  • Aonghus

    An ceart ar fad agat a Sheosaimh.

    Bhí Ian Bailey daortha ag na ‘claonbholscairí’ seo sular scríobh Gemma a halt faoi (féach an nasc thíos) agus, faraor, tá baol ann go gciontófar é sa bhFrainc ar fhianaise nach raibh inghlactha ag An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí s’againn fhéin.

    https://villagemagazine.ie/index.php/2018/07/did-gardai-target-bailey-to-shield-sophies-killer-by-gemma-odoherty/

    Féach freisin an tuairisc is deireannaí ó GSOC (nasc thíos) faoi chás Bailey agus iad ag iarraidh a chur ina luí orainn gur droch bhainistíocht agus droch riarachán ba chúis le fianaise ag gabháil ar strae nuair a scriosadh go haon turas í le stróiceadh na leathanaigh as ‘job book’ na nGardaí. Tá dlíodóir chlann de Plantier sa bhFrainc ag maoímh cheana go gcuidíonn an tuairisc seo lena gcás in aghaidh Bailey. Tuige nach gcuideodh nuair a scaoileadh póilíní na Fraince isteach sa tír seo chun a bhfiosraithe fhéin a dhéanamh? Caithfear clabhsúr a chur leis anois agus Bailey a chiontú fiú más ‘in absentia’ é.

    Tá a fhios ag muintir iarthar Chorcaigh cé a mharaigh Sophie Toscan de Plantier.

    https://www.gardaombudsman.ie/news-room/archive/information-report-from-the-garda-siochana-ombudsman-commission-at-the-completion-of-the-investigation-into-the-complaints-of-ian-bailey-catherine-jules-thomas-and-marie-farrell/

    Nár laga Dia Gemma agus na hiriseóirí misniúla eile atá dílis do ghairm thábhachtach seo an daonlathais.

  • Nuala de Paor

    Spreading seo go leor smaointe. An-suimiuil

  • Sonda

    Céard faoi iriseoirí a bhí ina bpolaiteoirí, a bhí ar bhord an Údaráis, eagraíocht a dhíol comhlacht poiblí le comhlacht iasachta príobháideach gan insint cé mhéad a híocadh air? Iriseoirí a bhí ar chaon taobh den chlaí, ina gcumannaigh brónailleach béalscaoilte caipitileach?

  • Mairéad

    @Sonda
    Cén iriseoirí gur polaiteoirí iad a bhí ar bhord Údaráis na Gaeltachta atá i gceist agat?
    Cén comhlacht poiblí?